Saileog Ní Cheannabháin ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Amhránaí sean-nóis, ceoltóir agus cumadóir í Saileog Ní Cheannabháin a tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Saileog Ní Cheannabháin ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Saileog Ní Cheannabháin ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis in Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Amhránaí sean-nóis, ceoltóir agus cumadóir í Saileog Ní Cheannabháin a tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. As Carna a hathair, an t-amhránaí clúiteach, Peadar Ó Ceannabháin agus bhí dúil mhór i gcónaí ag Saileog i saothar a hathar agus fonnadóirí eile as Iorras Aithneach amhail Seán ‘ac Dhonncha, Sorcha Ní Ghuairim, Dara Bán Mac Donncha agus Josie Sheáin Jeaic ‘ac Dhonncha. Is veidhleadóir clasaiceach í a máthair, Úna Lawlor, agus is fonnadóirí agus ceoltóirí iad a deartháir Eoghan agus a deirfiúr Muireann. In 2012, a chuir Saileog Ní Cheannabháin a céad albam amach, I bhfíor-dheiriú oidhche, cnuasach amhrán a bhailigh Séamus Ennis in Iorras Aithneach sna 1940idí. Eisíodh Roithleán, a dara halbam,  in 2016.

Dúirt Dr Méabh Ni Fhuartháin ó Ionad Léann na hÉireann go rabhthas “thar a bheith  sásta” leis an gceapachán.

“Tá Saileog ceangailte go láidir leis an traidisiún saibhir thart uirthi. Is deis iontach é dosna mic léinn agus dóibhsean ar fad a bheidh ag foghlaim uaithi anso san Ollscoil.”

Beidh sraith fhíorúil ceardlann á múineadh ag Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis nua Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in earrach agus i bhfómhar 2021 agus beidh sí lárnach i gceolchoirm a bheidh ar siúl i nGaeltacht Chonamara i samhradh 2021.

Fág freagra ar 'Saileog Ní Cheannabháin ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis Ollscoil na hÉireann, Gaillimh'

  • ciaran O Fatharta

    An amhránaí amach is amach bail ó Dhia ortha agus focail na n-amhráin ar fad aice ceart agus cruinn.

  • Róisín de Faoite

    Comhghairdeas leat a Shaileog!!!Scéal iontach agus tá mé thar a bheith sásta ar do shon. Go n-éirí go geal leat. Róisín

  • Máire Dermody

    Chuala mé Saileog ag canadh uair amháin agus is álainn go deo an glór atá aici, bail ó Dhia uirthi. Comhghairdeachas léi