Rún áilleachta na réalta – ocht ngloine uisce in aghaidh an lae!

Ba cheart dúinn ar fad ocht ngloine uisce a ól in aghaidh an lae ar mhaithe lenar gcraiceann

maxresdefault

Tá a fhios againn ar fad a thábhachtaí is atá sé maothóir agus séiream a úsáid ar ár gcraiceann ag an am seo bliana le hé a choinneáil mín, glan agus bog. Ach tá bealach tábhachtach eile le hiodráitiú (hydration) a dhéanamh ar an gcraiceann – é a dhéanamh ón taobh istigh trí neart uisce a ól.

Ocht ngloine maith d’uisce glan, ar a laghad, a mholann na saineolaithe in aghaidh an lae le cabhrú le baill éagsúla na colainne, go speisialta an craiceann.  Go minic, ní smaoineoinn muid gur ceann de bhaill an choirp ann féin é an craiceann ar nós an croí, na duáin agus na scamhóga. Déanann uisce maitheas do bhaill an choirp ar fad, an craiceann san áireamh.

Tá craiceann an duine comhdhéanta de chealla – agus tá uisce ar ceann de na phríomhchoda de na cealla sin. Uisce atá i 55% den chraiceann ag gach bean agus bíonn 60% i gceist i gcás na bhfear.  Murar ndéantar hiodráitiú ceart ar an gcraiceann go rialta, leanúnach tá an baol ann go mbeidh sé tirim, crua agus briosc. Tá an próiseas seo níos tábhachtaí ná riamh le linn an gheimhridh nuair is minic duine ag dul ón bhfuacht lasmuigh isteach i bhfoirgnimh aerchóirithe nó le córais téimh lárnaigh. Triomaítear an craiceann go sciobtha faoin teas sin agus beidh sé crua, craptha agus lán le roic mura dtógtar na céimeanna cearta. Ní miste smaoineamh gur ina shraitheanna, ceann ós cionn an chinn eile, atá ár gcraiceann agus nuair atá an hiodráitiú á dhéanamh ón taobh istigh le huisce go dtógann sé iarracht mhaith sula mbeidh tionchar cheart aige ar an taobh amuigh.

Maíonn cuid de réalta móra an domhain gur cuid dílis den saol laethúil acu neart uisce a ól agus go gcabhraíonn se leo cuma na háilleachta a choinneáil orthu féin:

‘Drink water, stay hydrated and sleep. It’s so boring, yet so simple,’ a deir Jennifer Aniston. Bhí an teachtaireacht chéanna ag Gwyneth Paltrow ar na meáin shóisialta; ‘Full of healing power #IloveWater’.

Ar ndóigh, is ráiteas faisin é, nach mór, le roinnt blianta anuas buidéil fíoruisce a fheiceáil ar iompar ag daoine ar shráideanna na gcathracha agus na mbailte móra. Ach is rud ciallmhar agus praiticiúil é an nós a chleachtadh uisce a ól le linn an lae. Ní ghealltar dúinn go bhfeicfidh duine athrú chun feabhais láithreach ar a gcraiceann ach má dhéantar nós d’uisce a ól go rialta le linn an lae beidh a thoradh le tabhairt faoi deara tar éis roinnt seachtainí – craiceann níos boige, níos glaine agus easpa spotaí.

Ach má tá fúinn craiceann glé-geal, álainn agus óigeanta a bheith orainn is ceart tabhairt faoin hiodráitiú ón taobh istigh agus ón taobh amuigh le chéile. Maothóir nó séiream maith ar an taobh amuigh agus fíoruisce glan ón taobh istigh – ocht ngloine in aghaidh an lae – sin í an fhoirmle is fearr ar fad.

Agus mar mhalairt ar chuid mhaith rudaí eile a bhaineann le cúrsaí faisin, smididh nó cúram cnis tá an comhábhar is tábhachtaí – H2O – ar fáil saor go maith, fós ar aon nós, ón sconna sa chistin.

Fág freagra ar 'Rún áilleachta na réalta – ocht ngloine uisce in aghaidh an lae!'