‘Rud iontach é a bheith in ann bualadh le cara le haghaidh caife agus tamall comhrá’

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar 2021 le roinnt Gael. An geábh seo, is í Lorraine Clifford-Lee, an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, atá linn

‘Rud iontach é a bheith in ann bualadh le cara le haghaidh caife agus tamall comhrá’

1. Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2021?

Seasann an bua a bhí ag Kelly Harrington ag na Cluichí Oilimpeacha amach, gan amhras. Bhíomar go léir chomh bródúil aisti agus an bonn óir á bhronnadh uirthi.

2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2021?

Is cinneadh stairiúil é scéim náisiúnta frithghiniúna saor in aisce a bhunú mar a fógraíodh ar Lá an Bhuiséid i mí Dheireadh Fómhair. Lá mór a bhí ann do mhná na hÉireann. Phléigh mé an scéim seo leis an Aire Sláinte roinnt uaireanta agus bhí an-áthas orm gur cuireadh i gcrích é. A lán déanta, níos mó le déanamh!

3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2021?

Cuireann scéalta faoi theaghlaigh atá scartha i dtíortha éagsúla de bharr Covid brón orm i gcónaí. Tá ceangail láidre teaghlaigh againn go léir thar lear, go háirithe san Astráil agus sa Nua-Shéalainn . Is tíortha iad seo a bhfuil sé an-deacair taisteal chucu de bharr na srianta taistil. Chomh maith leis sin, tá daoine ina gcónaí anseo ón mBrasaíl agus ón Afraic Theas, mar shampla, agus tá sé an-deacair acu cuairt a thabhairt ar a gcuid gaolta. Ciallaíonn sé seo go leor briseadh croí do dhaoine agus cuireann sé sin brón ollmhór orm.

4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2021?

D’fhoghlaim mé gur rud iontach é a bheith in ann bualadh le cara le haghaidh caife agus tamall comhrá. Is iad na rudaí simplí na rudaí is luachmhaire!

5. Ar éirigh leat cloí le haon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2021?

Ba é an t-aon rún a bhí agam ná deireadh na bliana a bhaint amach i ndea-shláinte agus d’éirigh liom leis sin, buíochas le Dia! Ba bhliain dhúshlánach í seo do gach duine ó thaobh na sláinte de.

Fág freagra ar '‘Rud iontach é a bheith in ann bualadh le cara le haghaidh caife agus tamall comhrá’'