RTÉ le clúdach iomlán i nGaeilge a dhéanamh ar chluichí ceannais na hÉireann

Chomh maith le tráchtaireacht i nGaeilge, déanfar cur i láthair agus anailís ar chluichí ceannais iomána agus peile na hÉireann den chéad uair

RTÉ le clúdach iomlán i nGaeilge a dhéanamh ar chluichí ceannais na hÉireann

Tá sé fógartha ag RTÉ go ndéanfar craoladh iomlán i nGaeilge ar chluichí ceannais iomána agus peile na hÉireann i mbliana den chéad uair riamh.

Tá tráchtaireacht Ghaeilge curtha ar fáil ag RTÉ do chluichí ceannais na hÉireann ó 2015 ach beidh láithreoir agus anailísí i gceist freisin do chluichí ceannais na hÉireann i mbliana.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont níos luaithe i mbliana gur cheart go mbeadh dualgas ann cluichí móra amhail cluichí ceannais na hÉireann a chraoladh i nGaeilge agus ar an gcaighdeán céanna is a chraoltar i mBéarla iad.

Dúirt Esslemont go mbeadh TG4 sásta a leithéid de sheirbhís a chur ar fáil.

Rinne RTÉ an scéal a fhógairt mar chuid de sheoladh na gclár a bheidh ag an gcraoltóir do na craobhacha CLG agus camógaíochta i mbliana.

Níl sé ráite ag RTÉ go fóill cé a bheidh páirteach sa chraoladh lán-Ghaeilge ach d’fhéadfadh gurb í an craoltóir aitheanta Gráinne McElwain a bheidh ag cur an chraoladh ar na cluichí ceannais i láthair. Fógraíodh aimsir na Nollag go raibh McElwain le clúdach GAAGO ar chraobhacha peile agus iomána na hÉireann i mbliana a chur i láthair. Is comhpháirtíocht í GAAGO idir RTÉ agus Cumann Lúthchleas Gael.

Deir RTÉ chomh maith go gcuirfear tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do chluichí “áirithe” i mbliana ach níor dúradh cé mhéad a bheadh i gceist.

Tá deimhnithe ag RTÉ do Tuairisc áfach gurb é cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na Mumhan ar an 7 Bealtaine an chéad chluiche a mbeidh rogha na tráchtaireachta Gaeilge ar fáil dó. Beidh an rogha ar fáil freisin do chluiche ceannais peile Laighean seachtain ina dhiaidh sin agus do chluichí eile i rith an tséasúir.

Tá Garry Mac Donncha i mbun na tráchtaireachta Gaeilge ar chlúdach teilifíse RTÉ ó 2015 agus bíonn leithéidí iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide agus iarchaptaen Uíbh Fhailí Pat Fleury ina theannta do na cluichí peile agus iomána.

Cé gurb iad na cluichí ceannais amháin a bhí i gceist le rogha na Gaeilge ag an tús, tá curtha le líon na gcluichí a mbíonn an rogha ar fáil dóibh ó shin.

Tá 31 cluiche ar fad le taispeáint ag RTÉ le linn na gcraobhacha peile agus iomána i mbliana, chomh maith le cluiche ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha agus babhtaí leathcheannais agus ceannais Chorn Tailteann.

Craolfar 38 cluiche eile ar an ardán GAAGO agus déanfar 11 cluiche ón gCraobh Chamógaíochta a chraoladh i rith an tsamhraidh chomh maith.

Is í Jacqui Hurley an láithreoir nua a bheidh ar The Sunday Game oícheanta Domhnaigh agus cuirfidh Damien Lawlor clár nua buaicphointí, The Saturday Game, i láthair ar an Satharn.

Fág freagra ar 'RTÉ le clúdach iomlán i nGaeilge a dhéanamh ar chluichí ceannais na hÉireann'

  • An tAmergíneach

    Dea-nuacht. Tá súil agam go ndéanfaidís amhlaidh leis na cluichí ceannais camógaíochta 7 peil na mban freisin

  • Seaghan Mac Cormaic

    Cén áit go díreach a mbeidh sin le cloisteáil/feiceáil? (Nach mbeidh Béarla ar fáil ar an ghnáth-chainéil RTÉ