Róluath fós scagadh a dhéanamh ar éifeacht reachtaíocht Ghaeltachta

Deir an tAire Josepha Madigan nach bhfuil aon chinneadh déanta fós faoi cathain a dhéanfar iniúchadh oifigiúil ar éifeacht chóras pleanála teanga na Gaeltachta agus struchtúr nua Údarás na Gaeltachta

Róluath fós scagadh a dhéanamh ar éifeacht reachtaíocht Ghaeltachta

Tá sé róluath fós scagadh a dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil struchtúr nua Bhord Údarás na Gaeltachta agus an córas pleanála teanga sa Ghaeltacht ag obair mar a bhíothas ag súil a bheadh.

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan an méid sin agus ceist á freagairt sa Dáil aici faoi conas mar atá ag éirí leis na píosaí reachtaíochta a thug a Roinn isteach ó 2011.

Sé phíosa reachtaíochta ar fad a bhí i gceist le linn na tréimhse sin, ag áireamh Acht na Gaeltachta 2012. Ba faoin acht sin a cuireadh deireadh le toghchán Údarás na Gaeltachta agus a tugadh an córas pleanála teanga isteach.

Dúirt an tAire Madigan nach raibh aon chinneadh déanta fós faoi cathain a dhéanfaí iniúchadh ar éifeacht na mbeartas sin.

“Toisc nach bhfeicfí toradh iomlán an dá bheartas seo go ceann tréimhse sách fada, tá machnamh á dhéanamh fós ar cathain ab fhearr tabhairt faoi thuarascáil faoi éifeacht an Achta seo,” arsa an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012 cuireadh deireadh le toghcháin Údarás na Gaeltachta agus  laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhaltaí eile.

Tugadh isteach faoin Acht chomh maith córas na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Faoin gcóras sin tá eagraíocht roghnaithe i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht chun plean teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.

Tá plean teanga ceadaithe anois i 16 de na 26 ceantar pleanála teanga.

Bhain conspóid mhór leis an dá mhórbheartas sin in Acht na Gaeltachta 2012.

Fág freagra ar 'Róluath fós scagadh a dhéanamh ar éifeacht reachtaíocht Ghaeltachta'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    B’fhéidir go bhféadfaí a rá go bhfuil sé ‘ró luath’ fós aithbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht ACH níl sé ró luath a aithint nach raibh sa gcóras nua le Bord Údarás na Gaeltachta a cheapadh ach (i) bealach le deireadh a chur leis an daonlathas a thug cead do phobail na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a roghnú ar Bhord an Údaráis agus (ii) bealach eile le fábhar luachmhar a bhronnadh ar chomhairleoirí, mar a tharla i gcás Maigheo agus Gaillimh, dhá chomhairle a cheap ionadaithe NACH bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht.

    Tá geallúint tugtha i scríbhinn ag Ceannaire FF, Micheál Martin TD, do Chumann Forbartha Chois Fharraige go mbeadh sé i gceist ag Fianna Fáil Acht na Gaeltachta a leasú, má bhíonn siad i rialtas th’éis an chéad toghchán eile.