‘Ról lárnach’ do Chathaoirleach nua san éileamh ar stádas breise do na meáin Ghaeilge – ceannasaí TG4 

Agus fáilte á cur aige roimh Chathaoirleach agus baill nua ar Bhord TG4, dúirt ceannasaí an stáisiúin Alan Esslemont go raibh ‘athrú mór meoin ag teastáil sa stát seo maidir leis na meáin Ghaeilge’  

‘Ról lárnach’ do Chathaoirleach nua san éileamh ar stádas breise do na meáin Ghaeilge – ceannasaí TG4 

Deir Ardstiúrthóir TG4 go mbeidh “ról lárnach” ag Cathaoirleach agus baill nua bhord an stáisiúin maidir le brú a chur ar an Rialtas cur le stádas na meán Gaeilge.

Fógraíodh inné go raibh cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair ceaptha ina Cathaoirleach ar Bhord TG4.

Thug an Rialtas a mbeannacht inné do cheapachán Uí Ghallachair agus triúr eile ar bhord an stáisiúin – Seán Ó Cuirreáin, an t-iarchoimisinéir teanga, Róisín Ní Ráighne, stiúrthóir bainistíochta ag Dynamo Brand agus Aedín Ó Leary, comhairleoir agus saineolaí airgeadais. 

Agus fáilte á cur aige roimh na ceapacháin, dúirt ceannasaí TG4 Alan Esslemont go raibh “athrú mór meoin ag teastáil sa stát seo maidir leis na meáin Ghaeilge”.

“Tá coimisiún faoi na meáin Ghaeilge le bunú ag an BAI in 2023 agus beidh ról lárnach ag Bord nua TG4 faoin gCathaoirleach nua, Anna Ní Ghallachair, maidir le hiarraidh ar an Rialtas meáin na Gaeilge a chur ar comhchéim le mionteangacha rathúla na hEorpa, mar an Bhreatnais agus an Bhascais.”

Ghlac an Rialtas an samhradh seo le moladh go ndéanfaí “athbhreithniú cuimsitheach” ar na seirbhísí Gaeilge a chuirtear ar fáil sna meáin chumarsáide. Rinneadh an moladh mar chuid den tuarascáil a rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán, a foilsíodh mí Iúil.

Tiocfaidh Anna Ní Ghallachair i gcomharbacht ar Shiún Uí Raghallaigh mar chathaoirleach ar bhord TG4. Ceapadh Siún Ní Raghallaigh ina cathaoirleach ar Údarás RTÉ inné.

Athcheapadh inné triúr eile ar bhord TG4 do thréimhse ceithre bliana eile – Mairéad Ní Nuadháin, colúnaí le Tuairisc, Siobhán Ní Ghadhra, Acadamh an Atlantaigh, agus Darach Ó Tuairisg, Fíbín.

Fág freagra ar '‘Ról lárnach’ do Chathaoirleach nua san éileamh ar stádas breise do na meáin Ghaeilge – ceannasaí TG4 '