‘Athbhreithniú cuimsitheach’ ar sholáthar Gaeilge na meán cumarsáide molta i dtuarascáil nua

Tá an moladh ar cheann de na cinn atá luaite sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Thodhchaí na Meán inniu

‘Athbhreithniú cuimsitheach’ ar sholáthar Gaeilge na meán cumarsáide molta i dtuarascáil nua

Tá glactha ag an Rialtas leis “athbhreithniú cuimsitheach” a dhéanamh maidir leis na seirbhísí Gaeilge a chuirtear ar fáil sna meáin chumarsáide. Rinneadh an moladh mar chuid den tuarascáil a rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán, a foilsíodh inniu.

Moltar sa tuarascáil gur cheart don Údarás Craolacháin nó Coimisiún na Meán, an rialtóir nua atá le bunú, athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh maidir le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil ar fud chóras na meán cumarsáide ar fad. 

San áireamh ansin, bheadh athbhreithniú le déanamh ar ról TG4 agus ról RTÉ, le béim faoi leith ar Raidió na Gaeltachta.

Deirtear sa tuarascáil nach mór “aitheantas níos fearr a thabhairt ar fud na hearnála craoltóireachta agus meán don tábhacht a bhaineann lenár dteanga náisiúnta dár gcultúr agus féiniúlacht.”  

Agus í ag cur fáilte roimh sheoladh na tuarascála inniu, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, go raibh an Rialtas “tiomanta” tabhairt faoin athbhreithniú ar sholáthar seirbhísí Gaeilge, agus “scrúdú a dhéanamh ar na deiseanna atá ann chun craolachán Gaeilge a fheabhsú agus a mhéadú, ach go háirithe”.

“Oibreoimid freisin,” a dúirt sí, “lena chinntiú go gcuirfidh an infheistíocht mhéadaithe, atáimid tiomanta di, deiseanna níos fearr ar fáil don earnáil neamhspleách léiriúcháin ar fad, agus don earnáil chruthaitheach níos leithne.”

Is beag tagairt atá déanta do na meáin scríofa Ghaeilge sa tuarascáil, áfach, agus baint ag na moltaí le RTÉ agus TG4 den chuid is mó.

Cuireadh breis is 70 aighneacht maidir leis an nGaeilge agus na meáin faoi bhráid an Choimisiúin agus an tuarascáil á réiteach. Mar sin féin, ní bhaineann ach líon beag de na moltaí sa tuarascáil le cúrsaí Gaeilge sna meáin agus cuireadh an teanga san áireamh le cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí spóirt inti. 

Tá leathchéad moladh ar fad déanta sa tuarascáil agus glactha ag an Rialtas le gach ceann acu, seachas ceann de na cinn is suntasaí dá bhfuil inti. Tá diúltaithe ag an Rialtas le moladh fáil réidh leis an gceadúnas teilifíse agus maoiniú ón Státchiste a thabhairt isteach ina áit.

Agus an Coimisiún ag tabhairt faoin tuarascáil, iarradh go sonrach air maoiniú RTÉ a phlé. Moltar sa tuarascáil go bhfaighfí réidh leis an gceadúnas teilifíse agus go mbeadh maoiniú na meán seirbhísí poiblí ag teacht go hiomlán ón Státchiste ó 2024 ar aghaidh. 

Dhiúltaigh an Rialtas an moladh sin a chur i bhfeidhm, áfach, cé go ndúirt an Taoiseach Micheál Martin inniu go ndéanfaí leasú ó bhonn ar an gcóras ceadúnais teilifíse.

I measc na moltaí eile atá déanta sa tuarascáil, moltar ciste nua maoinithe do na meáin a bhunú chun tacú le hearnáil na hiriseoireachta agus na meán a a bhféadfadh na meáin áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta leas a bhaint as. Tá moltaí ann chomh maith maidir le cúrsaí comhionannais agus éagsúlachta a fheabhsú ar na meáin uile in Éirinn.

Fág freagra ar '‘Athbhreithniú cuimsitheach’ ar sholáthar Gaeilge na meán cumarsáide molta i dtuarascáil nua'