Roinnt na cumhachta seachas roinnt na creiche atá ag teastáil in Stormont an uair seo

An fada buan a bheidh Stormont? Má theipeann ar an bhFeidhmeannas an t-am seo beidh a phort seinnte…

Roinnt na cumhachta seachas roinnt na creiche atá ag teastáil in Stormont an uair seo

Faoiseamh. Stormont athbhunaithe gan tuisle tar éis dhá bhliain. Údar dóchais do phobal ar lú a muinín sna Tóraithe ná i bhfeidhmeannas díláraithe, dá dhonacht é. Léas beag dóchais do na mílte atá ag feitheamh le cóir leighis, d’oibrithe sa tseirbhís phoiblí nach bhfuair ardú pá le trí bliana, do thuismitheoirí atá ag iarraidh scolaíocht oiriúnach a fháil dá bpáistí atá faoi mhíchumas agus do phobal na Gaeilge atá ag fanacht le gníomhartha bunaithe ar an reachtaíocht teanga i measc go leor eile.

Ní nach ionadh tá an imní agus an tsoiniciúlacht measctha leis an dóchas ag a lán. A bport? ‘Cén fhad a mhairfidh sé an geábh seo?’

Is furasta an sceipteachas a thuiscint i bhfianaise na mífheidhmiúlachta a bhí ina laincis ar an bhFeidhmeannas go dtí seo.

An mbeidh an leagan athbheoite seo de roinnt na cumhachta in ann ag an ngnó?

Ceist mhór ach níl aon amhras gur lá stairiúil a bhí sa Satharn. Níl aon cheist faoi sin. Poblachtánach, náisiúnach sa bpost ceannais i dTuaisceart Éireann, réigiún a dearadh le bheith ina fheod aontachtach go brách.

Comhartha sóirt ar an athrú saoil is ea Michelle O’Neill, Sinn Féin, a bheith ina Céad-Aire in Stormont agus aontachtach, Emma Little Pengelly sa dara háit. Cé go bhfuil an LeasChéad-Aire agus an Chéad-Aire ar comhchéim tá tábhacht thar na bearta leis an teideal ‘an Chéad-Aire’ mar ba léir ón iliomad toghchán Tionóil nuair a ghríos an DUP vótóirí chun tacú leo ionas nach mbeadh Sinn Féin sa chéad-aireacht.

Fearacht na mbriathra, ní bheathóidh siombalachas na bráithre. Beidh gá le beartais théagartha chun freastal ar riachtanais phoiblí. Is é leas Shinn Féin agus an DUP a chinntiú go ndéanfar sin an t-am seo.

Roinnt na creiche murab ionann agus roinnt na cumhachta a bhí luaite leo go dtí seo. Cuireadh ina leith go seasta gur cheil siad acmhainní ar na hairí as na mionpháirtithe cé gur bhreá leo iad a bheith ina measc chun cáineadh nó milleán a roinnt.

Ní bheadh sochar le baint as a leithéid de chur chuige feasta; ní maise ar Shinn Féin ná ar an DUP é airí áirithe – cuid den iomlán – a bheith lag.

Más mian le Sinn Féin a thaispeáint gur féidir brath orthu agus iad ‘i gcumhacht’ (fiú nuair is cumhacht theoranta Stormont atá i gceist) caithfidh siad é sin a chruthú. Beidh ciallachais aige sin dóibh ar an taobh theas den teorainn áit a mbeidh siad ag rá le vótóirí go luath go gcruthóidh siad níos fearr i rialtas ná na seanpháirtithe. Beidh le feiceáil cé mar a chruthóidh an SDLP sa bhfreasúra oifigiúil.

An mbeidh siad in ann stop a chur leis an meath agus freasúra éigin a thabhairt do Shinn Féin nó an slogfaidh an páirtí sin iad scun scan?

Tá sé níos tábhachtaí fós don DUP go mbeadh rath ar an bhFeidhmeannas seo. Tá naimhde taobh istigh den pháirtí agus lasmuigh nach mbeadh leisce orthu margadh íogair Jeffrey Donaldson a shracadh as a chéile. Níor éirigh le heasaontóirí stop a chur le hathbhunú Stormont ach bhaileoidís fuinneamh dá mbeadh daoine i measc a gcosmhuintire míshásta le feidhmiú na n-airí.

Ag an DUP atá na haireachtaí a bhfuil cúraimí sóisialta orthu, oideachas agus pobail. Tá buntáiste le baint as sin ach caithfidh siad a bheith toilteanach comhghéilleadh freisin.

Má bhíonn siad aontaobhach, leithleasach beidh comhoibriú na bpáirtithe eile gann. Chomh maith le fosaíocht ar a lucht tacaíochta, ní mór dóibh a thaispeáint go bhfuil siad in ann freastal ar an bpobal fré chéile.

Deir Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, gur mhian leis buntáistí na Ríochta Aontaithe a léiriú don phobal. Ní leor na geallúintí aontaobhacha i bpáipéar ceannais na dTóraithe, Safeguarding the Union, chuige sin d’ainneoin léamh dearfach Donaldson orthu. Má tá seans le bheith ag a fheachtas le cur ina luí ar dhaoine gur fiú a bheith sa Ríocht, ní mór don DUP a chruthú, mar an chéad chéim, gur féidir Tuaisceart Éireann a riaradh chun leasa gach éinne.

Tá obair dhúshlánach le déanamh chun an córas oideachais agus an tseirbhís sláinte a tharrtháil – cuíchóiriú mar a thugtar air. Ní thaitneoidh cinntí áirithe le daoine ach is é dualgas na bpáirtithe ar fad sa bhFeidhmeannas freagracht –  comhfhreagracht – a ghlacadh as na cinntí sin seachas a bheith ina bhfreasúra ar an taobh istigh nuair a fheileann sin dóibh. Is é an scéal céanna é maidir le buiséad, infheistíocht agus bailiú maoine.

Bhí bailiú ioncaim go logánta mar cheann de choinníollacha na dTóraithe nuair a d’fhaomh siad £3.3 billiún breise mar chuid den mhargadh athnuachana. Fiú agus athrú rialtais ionann is cinnte, an éileoidh an Státchiste ar aire airgeadais Shinn Féin na rátaí a ardú – nó ar a laghad comhairliúchán faoin gceist a eisiúint? Táillí uisce a ghearradh as an nua? An dtabharfaidh aire oideachais an DUP cothrom na Féinne don ghaelscolaíocht? An dtógfar bóthar an A5, atá riachtanach? Cén ról a imreoidh an dá rialtas tráth a bhfuil drochbhail ar an gcaidreamh Angla-Éireannach? An bhfeidhmeoidh na forais thrasteorann mar ba cheart?

Beifear ag faire go géar ar chur chuige an Fheidhmeannais. Bhí port dearfach ag an gCéad-Aire agus an LeasChéad-Aire. Chífimid an mbeidh siad in ann cur leis an gcaint.

Is léir nach aon ribín réidh a bheidh ann, ach is léir freisin má theipeann ar an bhFeidhmeannas an t-am seo go mbeidh a phort seinnte.

Fág freagra ar 'Roinnt na cumhachta seachas roinnt na creiche atá ag teastáil in Stormont an uair seo'

  • WTF

    Muinín agus misneach an dá rud is mó a bheidh de dhíth chun go bhfaighfear dul chun cinn a dhéanamh. Gach ádh ar Mhichelle agus ar a comhghleacaí.