Rogha an-leathan ar Pháipéar 1 na Gaeilge agus na teidil go léir simplí, indéanta

Bhí daltaí ag gáire chucu féin nuair a chonaiceadar an teideal ‘Comóradh Éirí Amach na Cásca 1916’ i scrúdú na hArdteistiméireachta inniu

Pic: Laura Hutton/RollingNews.ie
Pic: Laura Hutton/RollingNews.ie

Mar mhúinteoir Gaelainne déanaim iarracht a chur ina luí ar mo scoláirí Gaeilge gach bliain go bhfuil Páipéar 1 na Gaeilge ar an scrúdú is réchúisí ó thaobh ama i measc na n-ábhar Ardteiste ar fad. Maireann an scrúdú dhá uair an chloig  agus 20 nóiméad. Slogann an chluastuiscint (atá i bhfad níos giorra ó athraíodh struchtúr an scrúdaithe) fiche nóiméad; rud a fhágann go bhfuil dhá uair an chloig fágtha don cheapadóireacht. Measadh riamh gurb í ceist na ceapadóireachta an cheist chinniúnach maidir le grádanna arda a bhaint amach.

Ní dóigh liom gur fágadh aon scoláire ar an trá fholamh ag tochas a chinn inniu óir bhí rogha an-leathan ar an bpáipéar agus na teidil go léir simplí, indéanta. Go deimhin b’fhéidir go gcuirfeadh cuid de na teidil ola ar an tine atá ardaithe acu siúd a mhaíonn go bhfuil an scrúdú Gaeilge éirithe níos uiscealaí thar na blianta.

Bhí an chéad rogha i measc na n-aistí an-ghinearálta agus simplí: ‘Fadhb mhór idirnáisiúnta sa lá atá inniu ann’. D’fhág sin saoirse mhór ag scoláirí.

Mar gheall ar an mbús faoi cheiliúradh 1916 tá an-seans go raibh go leor ullmhúcháin déanta ag roinnt mhaith scoláirí ar an topaic seo. Bhí said ag gáire chucu féin nuair a chonaiceadar na teideal ‘Comóradh Éirí Amach na Cásca 1916’. Arís simplí, gan chasadh.

Bhain na trí thopaic eile le daoine óga, imirce agus saol na tuaithe.

Dar liom go raibh teidil na scéalta an-fhurasta. Tá an seanfhocal ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte’  ar eolas ag madraí an bhaile agus d’fhéadfaí go leor scéalta a scríobh faoin teideal ‘Iontas’.

Bhain na díospóireachtaí/óráidí le daoine aosta agus óráid Teachta Dála ar raidió.

Sa chluastuiscint (6 phíosa san iomlán agus dhá phíosa an ceann don trí chanúint) rinneadh trácht ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Blascaodach Micheál Ó Cearna agus cúrsaí rugbaí.

Fág freagra ar 'Rogha an-leathan ar Pháipéar 1 na Gaeilge agus na teidil go léir simplí, indéanta'