Roderic O’Gorman tofa ina cheannaire ar an gComhaontas Glas

984 vóta a fuair O'Gorman ó bhaill an pháirtí agus 912 vóta a fuair Pippa Hackett sa vótáil a reáchtáladh ar líne

Roderic O’Gorman tofa ina cheannaire ar an gComhaontas Glas

Tá Roderic O’Gorman tofa ina cheannaire ar an gComhaontas Glas.

Fuair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige an ceann is fearr ar an Seanadóir Pippa Hackett sa chomórtas do cheannaireacht an pháirtí.

984 vóta a fuair O’Gorman ó bhaill an pháirtí agus 912 vótá a fuair Pippa Hackett sa vótáil a reáchtáladh ar líne.

D’fhógair Eamon Ryan an mhí seo caite nach mbeadh sé ag seasamh sa chéad olltoghchán eile agus go raibh sé ag éirí as ceannaireacht an Chomhaontais Ghlais.

Tiocfaidh O’Gorman i gcomharbacht ar Ryan ag tréimhse chinniúnach don pháirtí. Ní go rómhaith a chruthaigh an Comhaontas Glas sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla an mhí seo caite. Chaill an páirtí os cionn leath de na suíocháin a bhí acu sna húdaráis áitiúla agus an dá shuíochán a bhí acu i bParlaimint na hEorpa.

Dé Sathairn seo chugainn a thoghfar leascheannaire nua ar an bpáirtí agus an tAire Gaeltachta Catherine Martin ag éirí as an gcúram sin.

Toghadh Roderic O’Gorman mar Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath Thiar in olltoghchán 2020.

Fág freagra ar 'Roderic O’Gorman tofa ina cheannaire ar an gComhaontas Glas'

  • Seán mac cárthaigh

    Súil agam nach rachaidh sé ag ionsaí t.d.anna eile le eascainí maslacha nach bhfuil ceart ina leithéid d’áit mar theach laighean