Scéal an diabhail, an chait agus ríthe na hiomána i Maigh Eo

Ba é an Moinsíneoir Séamus Ó hÓráin a bhí ina cheann feadhna ar thógáil an aerfoirt i gCnoc Mhuire ach níl éirithe ródhona ach an oiread leis an gcumann iomána atá buailte leis a raibh lámh aige ina bhunú

Scéal an diabhail, an chait agus ríthe na hiomána i Maigh Eo

Tá naoi gcinn de bhoinn uile-Éireann ag an iománaí Tommy Walsh, ceann lena gcois sin de bhoinn Laighean agus seacht mbonn Sraithe Náisiúnta. Ní raibh sé ach aon bhliain déag nuair a bhuaigh a chumann Tulach Ruáin Craobh Chill Chainnigh go deireadh (1994) rud a fhágann gurb é sin an t-aon easpa i mbailiúchán an fhir seo a bhuaigh naoi nGradam All Star as a chéile – rud nach ndearna aon duine eile go dtí seo.

Scéalaí den scoth é Tommy agus tamall ó shin bhí mé ag éisteacht leis ar Off the Ball, clár Newstalk ar a roinneann sé a chuid saineolais ar an iománaíocht.

Mar aon le himreoirí agus iarimreoirí go leor eile is minic ar an mbóthar é ag bronnadh boinn dá gcuid féin ar iománaithe a bhuann comórtais d’fhoirne faoi aois agus an tseachtain áirithe sin bhí sé tar éis a bheith ar an Tuairín i gContae Mhaigh Eo ag déanamh a leithéid.

Ba bheag aithne a bhí aige ar an slua beag a bhí sa halla – cé ba mhoite don té a thug an cuireadh ann dó agus thosaigh sé ag comhrá le fear nár aithnigh sé.

Bhí mo dhuine dá cheistiú faoin iomáint i gCill Chainnigh agus dúirt Walsh leis go raibh rudaí maith go leor, ach go raibh an-aiféala air nár éirigh leis féin Craobh Shinsearach a bhuachan ariamh lena chlub.

Leis an gcomhrá a choinneáil sa tsiúl, d’fhiafraigh Tommy de an raibh aon cheann aige féin.

‘24 acu’, a d’fhreagair mo dhuine go mánla. Baineadh oiread sin siar as fear Chill Chainnigh gur thóg sé tamaillín air a theacht chuige féin.

Ba ansin a tuigeadh dó go mba é Joe Henry a bhí ina sheasamh os a chomhair, an té is mó in Éirinn a bhfuil boinn shinsir contae ina sheilbh.

Foireann an Tuairín a bhuaigh Craobh Shinsir Iomána Mhaigh Eo i 1997 – tá Joe Henry ar chlé sa líne thosaigh

Níorbh iontas sin. Seans gur beag taobh amuigh de Chontae Mhaigh Eo a chuala caint ar an gcumann a thug Walsh chun na háite a raibh – in oirthear an chontae atá an Tuairín – timpeall 4 mhíle ó thuaidh de Bhéal Átha hAmhnais agus tuairim an t-achar céanna ó dheas d’Aerfort Chnoc Mhuire.

Tá a fhios ag an Saol Fodhlach go mba é an Moinsíneoir Séamus Ó hÓráin a bhí ina cheann feadhna ar thógáil an aerfoirt sin agus é ina shagart paróiste ansiúd. Creid é nó ná creid, ach bhí lámh aige freisin i mbunú an chumainn iomána atá buailte air.

Bhí An Moinsíneoir ina shéiplíneach ansiúd sna 1950idí agus an uair sin féin bhí sé ag tosaí ar a chuid fiontraíochta.

I gceartlár na hiargúltachta thóg sé halla damhsa. Ní fada go mbíodh sin lán go doras aon oíche a mbíodh banna ag casadh ann. Thagaidís isteach thar teorainn as contaetha Ros Comáin, Liatroma, Shligigh, agus as Gaillimh féin.

Ní móide ach gur bhain a cháil amach Ifreann féin, mar sa mbliain 1954 dúradh gur facthas an Diabhal sa halla. Ní deacair a chreidiúint gur scaip an scéal mar a bheadh loscadh sléibhe.

Cailín a bhí amuigh ag damhsa a chonaic é. Bhí sí ag déanamh iontais faoi chomh héadrom ar a chos agus a bhí a páirtí gur bhreathnaigh síos ar a bhróga.

Ní raibh a leithéid le feiceáil. Dhá chrúb scoilte a chonaic sí, mar a bheadh ar ainmhí…nó ar Shátan féin.

Níl coirnéal den domhan mór ná scríobhadh rud éicint faoin scéal, ach a chruthú ní raibh ar fáil.

Bhí siad ann a dúirt go mba úinéirí ar hallaí damhsa eile i Maigh Eo a raibh titim mhór ar líon a gcustaiméirí a chuimhnigh ar an bplean. Chreidfeadh tuilleadh fós go mba é an sagart naofa féin a bhain fad as an scéal mar gur i dtreise a chuaigh an méid a tháinig chuigesean.

Níl a fhios ag aon duine.

Ní baileach go raibh an bhaint a bhí ag an Athair Horan le bunú Chumann Iomána an Tuairín chomh drámatúil céanna, ach bhí sé ar dhuine díobh siúd a ndeachaigh Michael Henry i gcomhairle leo i 1957 nuair a thug seisean faoin gcumann a bhunú. Maireann an nós i gcónaí.

Fear an-óg ab ea Michael Henry. Ba as an gceantar é, ach spreagadh a ghrá do chluiche na fuinseoige nuair a chaith sé cúpla bliain i mBaile Átha Cliath.

Geansaithe imeartha féin ní raibh ag Tuairín nuair a bunaíodh iad. Agus iad ag tabhairt aghaidh ar Bhéal Átha na Muice sa gcluiche ba thúisce a d’imir siad, moladh do chuile imreoir léine gheal a thabhairt leis agus ba iadsan a chaith siad ag dul chun páirce dóibh.

Mar sin féin níor thóg sé ach 6 bliana ar an gcumann nua seo cluiche ceannais sinsearach Mhaigh Eo a bhaint amach (1962) agus bhí cúpla ceann eile caite faoin am ar bhuaigh siad ceann acu – 1966.

Ar an bhfoireann sin bhí bunaitheoir na foirne Michael Henry agus a dheartháir Tony. Bhí deartháir níb óige ná iad a raibh Joe mar ainm air ag freastal ar Choláiste Muire i gcathair na Gaillimhe, ach bhí seisean ró-óg lena scaoileadh chun páirce.

Ní mó nó bhí cathú ann sin a dhéanamh, mar cé go raibh daltaí as chuile cheann de mhórchlubanna iomána na Gaillimhe ag freastal ar an scoil sin ag an am, ba é fear oirthear Mhaigh Eo ar an té ab fhearr acu.

Faoi 1972 bhí sé i mbun a mhéide agus baint mhór aige leis an mbua ar Bhaile an Róba a d’fhág Craobh Iomána an chontae ag an Tuairín den dara huair.

Ní móide gur thuigeadar féin sin ag an am, ach bhíodar ar an gcéad chéim ar dhréimire a raibh fad go leor le baint as sular shroicheadar ceann scríbe.

Bhuaigh siad trí cinn de na ceithre chraobh a lean agus i 1978 bhuaigh siad ar Bhaile an Róba arís. As sin go dtáinig 1988 níor buadh ar an Tuairín arís i gCluiche Ceannais Mhaigh Eo – deich gcraobh as a chéile.

Comhfhoireann as Tuaisceart an Chontae a chuir de dhroim seoil iad an bhliain sin, ach an bhliain dár gcionn bhí siad sna cosa in airde arís. An babhta seo thugadar 11 craobh as a chéile leo.

Idir 1971 agus an bhliain 2000 d’imir Joe Henry i gCluiche Ceannais an Chontae 30 uair (móide dhá athimirt). Is beag uimhir ó lár na páirce isteach nach raibh ar a gheansaí iontu agus nuair a thosaigh na cnámha ag éirí righin bhuaigh sé na 4 bhonn dheireanacha agus é ag ag imirt mar chúl báire.

Tony Henry ag labhairt le hiománaithe an Tuairín ag leath ama i gcluiche ceannais an chontae 2001. A dheartháir Joe atá sa ngeansaí glas. Pictiúr: ©INPHO/Morgan Treacy

Trí huaire a bhí sé ar fhoireann Chonnacht a bhuaigh Craobh an Bhóthair Iarainn, comórtais ina raibh deichniúr d’iománaithe na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1980 mar chomrádaithe aige nuair a d’imir siad Cúige Laighean an bhliain sin.

Dhá bhliain dár gcionn bhí muintir Uí Chonghaile an Chaisleáin Ghearr, Seán Silke, P.J Molloy, Iggy Clarke, Niall McInerney agus Seosamh Mac Donncha ar an bhfoireann leis nuair a bhuaigh siad arís ar an Tulach Mhór le dhá chúilín – fuair Henry an méid céanna sin ó bhuillí taobhlíne.

Ar fhaitíos nach leor sin, peileadóir den scoth ab ea é freisin. Agus é á oiliúint mar mhúinteoir corpoideachais i gColáiste Thuamhan bhí sé ar an bhfoireann peile le Mick Spillane, Brian Talty, Declan Smyth agus Ogie Moran.

Go deimhin tá an 25ú bonn contae aige, ach gur ar imirt na peile a tháinig sin – uair an chloig tar éis dó imirt le Tuairín i gcluiche ceannais na fuinseoige 1977, scóráil sé cúl d’fhoireann peile a pharóiste, Na Seamróga, nuair a bhuaigh siad ar an nGarraí Mór sa gceann peile.

Ar feadh na mblianta bhí an Tuairín agus Béal Átha hAmhnais i bpáirt lena chéile ó thaobh na hiomána, ach ó theacht na Mílaoise tá foireann dá gcuid féin ag an dá áit. Eatarthu a imríodh Cluiche Ceannais Sinsearach Iomána Mhaigh Eo 13 uair le 16 bliain agus is amhlaidh a bheas an deireadh seachtaine seo chugainn.

Fág freagra ar 'Scéal an diabhail, an chait agus ríthe na hiomána i Maigh Eo'

  • Sean O Coisdealbha

    Pictur suimuil o 2001. Bhi mise sa seomra feisteas eile agus thug muid an chreach linn an lá sin.

  • Cathal Mac Coille

    Cur síos deas ar an iomáint taobh amuigh de na contaetha a tharraingíonn aird i gcónaí, ach ina bhfuil meas chomh mór ag na dílseoirí ar chluichí na gcamán agus atá in áiteanna eile.