Ceiliúradh 50 bliain Oireachtas Chois Fharraige, Éigse Michael Hartnett, seoladh cnuasach nua Louis de Paor

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

Ceiliúradh 50 bliain Oireachtas Chois Fharraige, Éigse Michael Hartnett, seoladh cnuasach nua Louis de Paor

Féilte

Féile Cois Fharraige ag comóradh 50 bliain ó tháinig an tOireachtas anoir

*Tá Ceolchoirm Chomórtha an Oireachtais curtha siar go dtí an 13 Deireadh Fómhair

Cuireadh tús ar an gCéadaoin le Féile Chois Fharraige agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an Domhnach. I mbliana, tá an fhéile ag comóradh leathchéad bliain ó tháinig an tOireachtas go Cois Fharraige.

Beidh raidhse imeachtaí ar bun idir sheisiúin amhránaíochta agus cheoil, damhsa, cainteanna, agus ceardlanna agus ceiliúradh á dhéanamh ar ealaíona an Oireachtais.

Beidh máistrí sna healaíona traidisiúnta i láthair chun réimse ceardlann a chur ar fáil. Ar ndóigh ní Oireachtas gan fonnadóireacht agus beidh ceardlann ag Sarah Ghriallais agus Orla Ní Fhinneadha san amhránaíocht ar an sean-nós.

Beidh Gearóid Ó Droighneáin i láthair chun ceardlann damhsa ar an sean-nós a dhéanamh is beidh Siobhán Ní Mhuimhneacháin agus Maebh Ní Dhuinnín ag déanamh ceardlann sna scileanna taibhléirithe. Tabharfaidh Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill ceardlann i gcumadóireacht lúibíní.

Níl aon táille ar na ceardlanna ach is gá clárú roimh ré anseo.

Beidh coirm cheoil mhór ann seachtain ón nDomhnach, an 13 Deireadh Fómhair ina gcuirfear croí-ealaíona an Oireachtais i láthair – amhráin, ceol, damhsa, scéalaíocht, agallamh beirte agus amhráin saothair. Tabharfaidh oifig an Oireachtais féin camchuairt ar Chois Fharraige ar an Satharn beag seo agus beidh a gceanncheathrú acu i Scoil Éinne sa Spidéal.

Tá gach eolas agus clár na féile ar fáil anseo.

 

Éigse Micheál Ó hAirtnéide sa gCaisleán Nua

Beidh Éigse Micheál Ó hAirtnéide ar bun sa gCaisleán Nua i gContae Luimnigh an deireadh seachtaine seo. Seo é an 26ú bliain ag an bhféile seo a dhéanann comóradh ar oidhreacht an scríbhneora agus an fhile a bhásaigh sa mbliain 1999.

Cuirfidh Méara Luimnigh John Moran tús oifigiúil leis an bhféile ar an Déardaoin, an 3 Deireadh Fómhair i Leabharlann an Chaisleáin Nua. Bronnfar Duais Filíochta Mhichíl Uí Airtnéide ag an oscailt oifigiúil agus beidh buaiteoir dhuais na bliana seo ag léamh maidin lá arna mhárach ag ócáid i Whelan’s ar Shráid na Maighdine.

Is é Mick Clifford, comhfhreagraí speisialta leis an Irish Examiner, a thabharfaidh léacht chomórtha na hÉigse i mbliana agus rabharta eolais ré an idirlín faoi chaibidil aige ina aitheasc, ‘Will You Please Be Quiet Please: Information overload, online noise and us‘.

Kíla a bheidh ar stáitse ag ceolchoirm mhór na hÉigse san oíche Dé Sathairn ag 8:30 i.n. in Óstán Longcourt House. Seolfaidh Norma Prendiville an leabhar Agus Anois – Beagáinín Ciúnais le Mike Mac Domhnaill ar an Domhnach. Seo é an chéad chnuasach scríbhinní i nGaeilge le Mac Domhnaill a bhfuil cáil bainte amach aige as a chuid gearrscéalta i mBéarla ach gur mar fhile is fearr aithne air i nGaeilge.

Is gá áirithintí a dhéanamh do chuid de na himeachtaí i rith na hÉigse. Tá clár na hÉigse agus gach eolas anseo.

SEOLADH LEABHAIR

Cnuasach filíochta nua le Louis de Paor á sheoladh i nGaillimh

Seolfar an cnuasach filíochta Cé a Mharaigh Emma Mhic Mhathúna? agus dánta eile le Louis de Paor ag ócáid i siopa leabhar ‘Bell, Book and Candle’ ar an gCraein Bheag, Bóthar na Mara i nGaillimh ar an Aoine, an 4 Deireadh Fómhair ag 6pm.

Is é an file agus craoltóir Marcus Mac Conghail a sheolfaidh an leabhar go hoifigiúil agus síneoidh an t-údar cóipeanna den chnuasach nua.

Tá tuilleadh eolais faoin gcnuasach ar fáil ar shuíomh idirlín an fhoilsitheora Éabhlóid anseo.

Is féidir léirmheas le Mháire Ní Fhinneadha ar a léamh anseo.

CEARDLANN

Dhá phortráid. Réaltán Ní Leannáin lena phortráid leis an ngrianghrafadóir Caoimhín Ó Peatáin

Cúrsa Gairid sa Ghearrscéalaíocht le Réaltán Ní Leannáin

Beidh cúrsa gairid sa ghearrscéalaíocht á chur ar bun ag an scríbhneoir Réaltán Ní Leannáin i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Cúrsa ceithre seachtaine ar líne é atá dírithe ar dhaoine ar suim leo faobhar a chur ar a scileanna scríbhneoireachta gearrscéalta. Beidh an cúrsa seo feiliúnach do dhaoine atá ag tosú amach agus dóibh siúd atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna sa seánra seo.

Táille €120 atá ar an gcúrsa agus tosóidh sé ar an 10 Deireadh Fómhair.

Tuilleadh eolais agus áirithintí ar shuíomh idirlín Áras Scríbhneoirí na hÉireann anseo.

Fág freagra ar 'Ceiliúradh 50 bliain Oireachtas Chois Fharraige, Éigse Michael Hartnett, seoladh cnuasach nua Louis de Paor'