Saothar nua ealaíne ainmnithe as cainteoir óg Gaeilge ar taispeáint in Ospidéal Ríoga na Leanaí

Ainmníodh dlí nua a bhaineann leis an deonú orgán as Dáithí Mac Gabhann, atá seacht mbliana d’aois, anuraidh

Saothar nua ealaíne ainmnithe as cainteoir óg Gaeilge ar taispeáint in Ospidéal Ríoga na Leanaí

Tá saothar nua ealaíne atá ainmnithe as an gcainteoir óg Gaeilge Dáithí Mac Gabhann ar taispeáint in Ospidéal Ríoga na Leanaí i mBéal Feirste. ‘Dáithí’s Doll’ is teideal don mhír ealaíne atá le feiceáil san ospidéal mar chuid den taispeántas ealaíne ‘Waiting to Live’ atá ar siúl in ospidéil ar fud na Breataine agus i dtuaisceart na hÉireann.

Ainmníodh dlí nua a bhaineann leis an deonú orgán as Dáithí, atá seacht mbliana d’aois, anuraidh. Tá Siondróm Hipeapláiseach Croí ar an nGael óg, galar a d’fhág nár fhorbair an taobh clé dá chroí mar is ceart sa bhroinn. Faoi ‘Dhlí Dháithí’, áirítear gach duine fásta sa Tuaisceart mar dheontóir orgán ach amháin má thograíonn sé féin gan a bheith ina dheontóir.

Is siombail í ‘Dáithí’s Doll’ de shaol páiste atá ag fanacht ar thrasphlandú orgáin agus tá sí ar cheann de 230 bábóg mar í in ospidéil atá faoi chúram na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte (NHS). Tá 230 páiste ag fanacht ar thrasphlandú orgáin sna hospidéil sin i láthair na huaire.

Tá cód QR ar gach bábóg a thugann cuairteoirí chuig na hospidéil chomh fada le suíomh idirlín ar ar féidir scéalta na bpáistí tinne seo a chloisteáil, agus súil ag lucht eagraithe an taispeántais go spreagfaidh sé tuismitheoirí smaoineamh ar an deonú orgán do pháistí.

Tá Dáithí Mac Gabhann ag fanacht le sé bliana ar chroí nua agus tá súil ag a mhuintir go spreagfaidh an bhábóg nua atá i mBéal Feirste tuismitheoirí eile a bpáistí féin a chlárú le clár na ndeontóirí orgán agus “dóchas a thabhairt do Dháithí”. Cuireadh ar an liosta feithimh é agus gan é ach 14 mhí d’aois.

Glór Dháithí féin atá le cloisteáil tríd an gcód QR atá ar an mbábóg agus a scéal féin á insint aige.

Fág freagra ar 'Saothar nua ealaíne ainmnithe as cainteoir óg Gaeilge ar taispeáint in Ospidéal Ríoga na Leanaí'