Rialtas frith-dhéine sa bPortaingéil – ach an mairfidh sé?

Agus n’fheadar cén tionchar a bheas ag an scéal seo, a bhronnann deis eile ar eite chlé na hEorpa gníomh fónta a dhéanamh, ar pholaitíocht na hÉireann?

Annibal Cavaco Silva

Tá sé seacht seachtaine ó chaill rialtas na Portaingéile a móramh parlaiminte sna toghcháin, ach le deireanas féin atá uachtarán na tíre sin, Annibal Cavaco Silva, i ndiaidh géilleadh don toradh agus ceannaire an Pháirtí Shóisialaigh, Antonio Costa, a cheapadh ina Phríomh-Aire.

Is éard is cúis leis an moill, ar ndóigh, ná go bhfuil Costa ag bunú rialtais le tacaíocht an Pháirtí Chumannaigh agus an Bhloic Chlé – páirtithe atá ní hamháin i gcoinne na déine, ach nach bhfuil róthógtha leis an Aontas Eorpach nó leis an Euro ach an oiread.

Go deimhin, mhínigh an t-uachtarán a sheasamh faoin rialtas, ag rá nach raibh sé “inghlactha go mbeadh páirtithe frith-Eorpacha ann”.

Rinne sé iarracht an Páirtí Sóisialach a mhealladh isteach mar chuid de comhghuaillíocht leis an eite dheis a bhíodh i mbun rialtais, ach dúirt Costa go dteastaíonn uaidh deireadh a chur leis an déine a ghoill ar mhuintir na Portaingéile agus tús a chur le ré nua i stair na tíre.

Spreagadh eile atá sa gceapachán seo don eite chlé ar fud na hEorpa, ach, ar ndóigh, tharla a leithéid cheana nuair a d’éirígh le Syriza i dtoghchán sa nGréig. An uair sin, nuair a tháinig an crú ar an tairne, ghéill Alexis Tsipras, ceannaire Syriza, don bhrú ón Tríúracht agus ghlac sé leis an déine arís – agus tuilleadh déine lena cois.

Ar ndóigh, ní hionann ar fad cás na Gréige agus cás na Portaingéile, ach buaileadh an Phortaingéil go mór sa ngéarchéim freisin – géarchéim a d’fhás cuid mhaith as caimiléireacht baincéireachta agus cinneadh an rialtais i 2010 teacht i gcabhair ar na bainc agus €78 billiún ón Triúracht a bhronnadh orthu.

Tháinig sé chun solais freisin go raibh caidreamh láidir ag uachtarán na tíre, Silva, ar iar-phríomhaire é féin, ach – iontas na n-iontas – bhí caidreamh níos láidre fós ag an bpríomhaire reatha féin, José Socrates, den Pháirtí Sóisialach, atá os comhair na gcúirteanna faoi láthair le caimiléireacht agus breabaireacht curtha ina leith.

Ní nach ionadh, chaill an Páirtí Sóisialach an toghchán ina dhiaidh sin, agus lean an rialtas nua, faoi cheannas Pedro Coelho, go fonnmhar le cur i bhfeidhm pholasaithe déine an Aontais Eorpaigh. Agus, ar nós na hÉireann, mhaígh Coimisiún na hEorpa gur údar caithréime a bhí i scéal tharrtháil na Portaingéile.

Mar sin féin, chaill an rialtas a móramh sa toghchán cé go bhfuil na páirtithe sin níos láidre ná aon pháirtí eile.

Rinne an eite dheis agus an Eoraip iarracht mhór brú a chur ar Chosta agus an Páirtí Sóisialach droim láimhe a thabhairt leis na Cumannaigh is leis an mBloc Clé.

Ach dhiúltaigh siad ar an ábhar go raibh sé riachtanach stop a chur leis an déine anois.

Tá geallúint tugtha, ámh, ag Costa go gcloífidh an rialtas nua le rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le smacht fioscach, cead an Aontais a fháil don cháinfhaisnéis, seasmhacht choras airgeadais an Aontais agus mar sin.

Ag an am céanna, deir Costa go dtabharfaidh an rialtas nua tús áite don chlár forbartha eacnamaíochta, do chruthú jabanna agus d’aisíoc tuarastail phoiblí a gearradh.

Cén chaoi is féidir an dá thrá a fhreastal? Sin í mórcheist pholaitíocht na Portaingéile.

Tá an Páirtí Cumannach agus an Bloc Clé i ndiaidh diúltú suíocháin a ghlacadh sa rialtas, comhartha, b’fhéidir, nach bhfuil siad róchinnte faoi dhílseacht an rialtais nua dá gclár féin.

Deir Costa gur féidir glacadh le rialacha an Aontais “má léitear go ciallmhar is go solúbtha” iad.

Feicfimid linn an mbeidh páirtnéirí na Portaingéile in ann an léamh céanna a dhéanamh ar na rialacha céanna.

I gcás na Gréige, ar ndóigh, dhiúltaigh na páirtnéirí glacadh le hargóintí Tsipras go raibh solúbthacht ag teastáil. Chreid sé gur chun leasa na hEorpa é margadh ciallmhar a dhéanamh leis an nGréig, ach níor thug an Eoraip aon éisteacht dá chás.

Cinnte contúirt mhór do lucht polasaí an Aontais a bheadh ann dá dtosódh tíortha eile – Éirinn féin, fiú – ag leanacht sampla seo na Portaingéile, agus cheana féin tá dlús curtha le cainteanna faoin ábhar sa Spáinn idir an PSOE, an Pairtí Daonlathach Sóisialta ansin, agus Podemos, eagraíocht frithdhéine na tíre.

Ach cuimhnigh gur ghéill Syriza sa deireadh, agus go bhfuil an Páirtí Sóisialach sa bPortaingéil go láidir freisin i bhfabhar an Aontais Eorpaigh.

Dá gcuirfí ceist orthu cé acu cosán ba mhaith leo a thabhairt orthu féin,  ‘Slí an Aontais’ nó ‘Slí na Portaingéile’, n’fheadar cén freagra a bheadh acu.

Agus n’fheadar cén tionchar a bheas ag an scéal seo, a bhronnann deis eile ar eite chlé na hEorpa gníomh fónta a dhéanamh, ar pholaitíocht na hÉireann?

Fág freagra ar 'Rialtas frith-dhéine sa bPortaingéil – ach an mairfidh sé?'