Riail amháin do shealbhóirí bannaí, riail eile d’oibrithe poiblí

Tá an Rialtas sásta ár gcuid airgid á aisíoc le sealbhóirí bannaí seachas é a infheistiú i seirbhísí poiblí, ach an cuma le daoine?

Riail amháin do shealbhóirí bannaí, riail eile d’oibrithe poiblí

Pictiúr: Brian O'Leary/Photocall

Cé gur mhol Patrick Honohan trí bliana ó shin, agus é ina Ghobharnóir ar an mBanc Ceannais, go raibh cás maith morálta ag an stát gan aisíocaíocht a dhéanamh le sealbhóirí bannaí sóisearacha Bhanc Anglo, chinn an rialtas go n-íocfaí iad.

Chuir an tAontas Eorpach agus Jean-Claude Trichet ó Bhanc Cheannas na hEorpa iachall orainn glacadh leis go gcaithfí iad a íoc, agus cé nach raibh dualgas dlí orainn ag an am déanamh amhlaidh, deir an Rialtas anois go bhfuil mar gheall ar sheasamh an rialtais a bhí ann in 2010.

Mar a tharla bhí amhras ag an am an mbeadh sé ar chumas an Bhainc aon aisíocaíocht a dhéanamh, agus ghlac formhór na sealbhóirí seo le híocaíocht laghdaithe 20%.  Ach dhiúltaigh cuid acu, ina measc an ciste airgeadais Xaia Investment ó Munich, glacadh leis an tairiscint sin, agus dhearbhaigh na cúirteanna go raibh siad i dteideal aisíoc a fháil.

Anois tá dearbhaithe ag an Rialtas go dtabharfaidh siad €270 milliún do na cistí seo, in ainneoin an dochar a rinneadh don tír mar gheall ar easpa cúraim na mbanc is na sealbhóirí.

Deir Pearse Doherty ó Shinn Féin gur feall ar mhuintir na hÉireann é an t-aisíoc seo a dhéanamh mar gheall ar an €35 billiún a chuir an stát ar fáil le tarrtháil ar an mbanc. Ach is cosúil go bhfuil Fianna Fáil sásta leanacht lena socrú muiníne is soláthair.

Mar a tharlaíonn, tá costas €300 milliún (nach mór an méad céanna atá le haisíoc) luaite ag an Rialtas leis an éileamh ar ardú pá atá déanta ag ceardchumainn na n-altraí. Tá an rialtas sásta an t-airgead a thabhairt  d’infheisteoirí bainc; níl siad sásta é a chaitheamh le haltraí a mhealladh isteach sa chóras sláinte.

Ní nach ionadh níl na haltraí sásta leis sin, agus vótáil 95% de bhaill an dá cheardchumann, Cumann na nAltraí Síciatracha agus Cumann Altraí is Mná Cabhrach na hÉireann,  i bhfabhar dul ar stailc.

Tuigeann an pobal go bhfuil na coinníollacha oibre go dona sa chóras sláinte, agus go bhfuil fadhbanna móra ag an gcóras féin, gan dóthain altraí a bheith ann le freastal ar líon na n-othar ar cheann díobh.

Ach ní léir go bhfuil aon bhrú polaitiúil ar an Rialtas éisteacht leis na haltraí nó go deimhin, le haon fhostaí eile.  Léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil tacaíocht mhóramh na vótóirí ag Fine Gael agus Fianna Fáil i gcónaí.  Is ar éigean a thiocfaidh aon athrú air sin go luath.

Brú ann féin a bheidh ann  áfach má théann na haltraí ar stailc. 

Má ligeann an Rialtas dó sin tarlú ní éireoidh leis an bpobal gan aird a thabhairt air. Is má ghéilleann an rialtas cá bhfágfadh sin a bpolasaí i leith cúrsaí pá sa tseirbhís phoiblí?

Ar deireadh thiar caithfidh muid glacadh leis go bhfuil ceangal idir na fadhbanna go léir atá ag cur as dúinn– cúrsaí sláinte, tithíochta, fostaíochta is eile. Níl dóthain infheistíochta á déanamh sna seirbhísí poiblí seo toisc nach ngearrtar dóthain cánach ar dhaoine saibhre.

Ní leor gearán a dhéanamh faoi na fadhbanna mura mbíonn daoine sásta a gcuid vótaí a chaitheamh ar mhaithe le hathrú polasaí a bhrú ar na polaiteoirí.  I bhfianaise na bpobalbhreitheanna, níltear sásta sin a dhéanamh go fóill.

Athrú ginearálta atá ag teastáil. An féidir le cúpla ceardchumann a leithéid a bhaint amach astu féin?  Sea, tá na ceardchumainn altraí is múinteoirí ar buile agus iad réidh le dul ar stailc, ach tá an chuid is mó de ghluaiseacht na gceardchumann – SIPTU agus FORSA go háirithe – ciúin faoi láthair agus iad ag iarraidh trioblóid a sheachaint.  Leas an náisiúin, mar dhea!

Tá a lán daoine míshásta leis an gcaoi ina bhfuil cúrsaí, ach mura gcuireann gach dream le chéile is ar éigean go ndéanfar aon mhaith.  Ní neart go cur le chéile, mar a deireadh lucht na gceardchumann fadó.

Tá dualgas mar sin ar na páirtithe polaitiúla atá ag iarraidh athrú polasaí dul i gcomhar leis na ceardchumainn agus le gníomhaithe pobail chun comhghuaillíocht a bhunú a thabharfadh dúshlán an chórais i gceart.

D’uireasa na comhghuaillíochta sin, is ar éigean is fiú aon iarracht a dhéanamh.

Tá rudaí go maith don aicme a scrios an geilleagar orainn.  Gheobhaidh siadsan a gcuid airgid (nó ár gcuid airgid i bhfírinne) mar sin é an cinneadh atá déanta ag Banc Cheannas na hEorpa agus ag an Aontas Eorpach.

Sea, ní rud teibí é an club seo a bhfuil muid chomh dílis sin dó.  Agus mura mbriseann muid leis na páirtithe a choimeádann faoi chuing sinn, ní fiú dúinn a bheith ag gearán.

Fág freagra ar 'Riail amháin do shealbhóirí bannaí, riail eile d’oibrithe poiblí'

  • Veistí bhuí de dhíth

    Is bun-riail ghnó má ghabhann tú sa tseans le h-infheistíocht déanann tú airgead nó chailleann tú airgead. Maidir le “subordinated bonds” tá seans go mbeidh brabús an-mhór agat ach tá an seans céanna ann go gcaillfeadh tú go leor airgid. Íoctar ús níos mó ar bannaí “subordinated” toisc an baol ann nach bhfaigheadh tú do chuid airgead ar fad ar ais.

    Bhris an AE bun-riail seo an chaipitileachais nuair a d’ordaigh Frankfurt go n-íocfaí ar ais na sealbhóirí “subordinated bonds”. Anois tá Fine Gael / Fianna Fáil ag déanamh an rud céanna ach nil aon bhrú ó Frankfurt an t-am seo. Is ag goid airgid ó cháiníocóirí na hÉireann an lán-íócaíocht seo do shealbhóirí bannaí “subordinated” an Ciorcail Órga Fhine Gael / Fhianna Fáil.
    Ní bheadh ais-íoc mar seo ceadaithe i Wall Street.

    Cá bhfuil “gilets jaunes” na hÉireann?

  • Seáinín

    ‘Xaia Investment, Munchen’. (Sínigh?) Nach fial atá siad faoinár gcuid? Cumá ná cuireann Varadkar agus a chomhghuaillíocht cos i bhfeac maidir leis seo dála mar atá á dhéanamh acu faoin gcúlstop? Cé hiad na sealbhóirí bannaí anaithnid seo a bhfuil oiread cumhachta acu? Sealbhóir ar bhannaí sinsireacha ab ea Banríon Shasana ach cé hiad na ‘sóisir’ seo? An féidir iad a ainmniú?