Réics Carló i gCois Fharraige

Beidh oíche airneáin ar siúl ar an Tulaigh anocht i gcuimhne ar an údar Cathal Ó Sándair

Réics Carló i gCois Fharraige

Mar chuid d’Fhéile Chois Fharraige, beidh oíche airneáin ar siúl anocht sa POTA Café ar an Tulaigh ag ceiliúradh údar Réics Carló, Cathal Ó Sándair.

An t-iarchraoltóir, Gormfhlaith Ní Thuairisg a bheidh ar an stiúir agus mac Chathail, Joe Ó Sándair, Seán Ó Neachtain, an Dr Róisín Ní Mhulláin agus an Dr Róisín Adams ag plé saol, saothar agus oidhreacht an scríbhneora agus a cheangal le ceantar Chois Fharraige.

Má bhí Robin Hood sa mbéaloideas ag muintir Shasana ba é Scorach Ghlionnáin [Gleannán] a bhí i gConamara agus lán mála scéalta ar an teallach faoi na gníomhartha gaisce agus fóirithinte a rinne sé ar phobal a bhí á mbascadh agus á gcrá ag na tiarnaí talún gan trócaire a bhí thíos ar an gCaisleán, na Blácaigh.

Ní raibh pluais Aladdin ar domhan ba mhó a shantaigh daoine óga na cheantair ná Scailp Ghlionnáin, mar a ndearna sé an spóladh ar bheithígh na mBlácach. Cuimhním fós ar an sean-atlas crosach a bheith á chartadh againn ag cuartú fód a bháis sna Dardanelles.

Céard a thug ar Chathal Ó Sándair cúpla leabhar a scríobh faoi laoch Chois Fharraige?

Cathal Ó Sándair á chomóradh i Leabharlann Ráth Maonais 100 bliain ó rugadh é

Ní raibh an t-údar as Baile Átha Cliath ach deich mbliana d’aois nuair a tháinig sé go Conamara faoi scéim Choiste na bPáistí, arbh é a mian deis a thabhairt do chlann an lucht oibre Gaeilge a bhlaiseadh sa nGaeltacht. Bhí Cathal óg ar lóistín le Seán Ó Conghaile agus a mhuintir sna hAille, fear a bhailigh agus a scríobh neart ábhar béaloidis. I 1932 is cinnte gur scéalta cois teallaigh an t-aon scannán aicsin a bhíodh ag gasúir Chois Farraige. Chaith Cathal sé mhí eile anseo i gConamara i 1953 faoi scéim i gcomhair scríbhneoirí a bhí á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Is iontach tráthúil mar sin go bhfuil an taispeántas agus an comóradh ar Chathal Ó Sándair ar ais ar thalamh na mBlácach ar an Tulaigh, an-ghar do Ghlionnán mar ar mhair an Scorach agus a bhuíon chróga.

Is beag dalta scoile ó na seascaidí go dtí na hochtóidí sa gcéad seo caite nár léigh nó nach bhfaca leabhar Gaeilge le Cathal Ó Sándair agus nár bhain sásamh as gaiscí an lorgaire Réics Carló agus coireanna an tsaoil sin a réiteach aige.

Na clúdaigh a bhí ar na leabhair sin is mó a luaitear mar gurbh annamh a chaití airgead ar ealaín dhaite ar chlúdaigh an t-am sin.

Sa mbliain chinniúnach sin céad bliain ó shin a rugadh an scríbhneoir Gaeilge ba mhó ceannach riamh. Ar feadh dhá scór bliain chuir Cathal déagóirí na hÉireann ag léamh leabhair Ghaeilge le fonn – uaireanta faoin mbinse scoile.

Bleachtaireacht, eachtraíocht, buachaillí bó, ficsean eolaíochta – thriail Ó Sándair gach seánra faoin spéir le léitheoirí óga a mhealladh, agus d’éirigh leis. Foilsíodh beagnach 120 leabhar dá chuid idir na 1940idí agus na 1960idí agus díoladh breis agus 120,000 cóip díobh, figiúr nár sháraigh aon údar Gaeilge riamh ná ó shin.

‘Rinne Cathal Ó Sándair a chion chomh maith le ceannairí an Éirí Amach’ – Joe Steve Ó Neachtain

Tá taispeántas póstaer ar shaol agus ar shaothar Chathail Uí Shándair ar crochadh i bhfoirgneamh Fíbín le hais an chaifé ó Dé Máirt seo caite agus beidh siad le feiceáil ansin go dtí an Satharn seo chugainn, an 8 Deireadh Fómhair.

Ansin chomh maith beidh feiceáil le fáil ar bhailiúchán dá shaothar atá á chur ar fáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Tá an comóradh seo tuillte go maith ag údar a chuir Gaeil óga ag léamh le fonn agus athfhoilsíodh cuid dá chuid leabhar le déanaí.

Oíche airneáin ar an Tulaigh tráthnóna, an 4 Deireadh Fómhair, ag 7pm sa POTA Café. Cuirfear sólaistí ar fáil agus déarfar cúpla amhrán.

Fág freagra ar 'Réics Carló i gCois Fharraige'