‘Cothrom go maith’ – tuairimí na múinteoirí faoi Pháipéar a Dó de Ghaeilge na hArdteiste

Tá an dá pháipéar sa scrúdú ardteiste Gaeilge déanta ag lucht na hardteiste 2023

‘Cothrom go maith’ – tuairimí na múinteoirí faoi Pháipéar a Dó de Ghaeilge na hArdteiste

Páipéar ‘cothrom go maith’ a bhí i bPáipéar a Dó inné agus an dá pháipéar sa scrúdú ardteiste Gaeilge déanta ag daltaí 2023.

Bhí múinteoirí Gaeilge a labhair le Tuairisc ar aon intinn faoi Pháipéar a Dó a bheith “réasúnta” agus “féaráilte”.

Sa pháipéar ardleibhéil, bhí sleachta le léamh ag daltaí faoi eachtraí Tom Crean agus faoi ‘Bhliain Eorpach na hÓige 2022’, agus ceisteanna le freagairt acu bunaithe orthu sin.

Dúirt Tony Ó Murchú, Príomhoide Ghaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór i gcontae Chill Mhantáin go raibh na léamhthuiscintí “go breá ar fad”.

“Go hiondúil, bíonn tú ag faire amach do na ceisteanna gramadaí a bhíonn mar chuid den léamhthuiscint mar is iad sin na ceisteanna a scarann daoine óna chéile. Ach bhí sé go breá ar fad. Bhí an tuiseal ginideach uatha á lorg acu faoi dhó agus an briathar saor. Ba chóir go mbeadh daltaí in ann aige sin dá mbeidís ullmhaithe,” a dúirt sé.

D’aontaigh Tomas Mac Aodha múinteoir Gaeilge i gColáiste Iognáid i nGaillimh go raibh na ceisteanna gramadaí “éasca go leor” ach dúirt sé gur chuir an leagan “arbh fhiú” mearbhall ar dhaltaí.

Cuireadh ceisteanna “oscailte” agus “féaráilte” ar dhaltaí sa phrós agus san fhilíocht, a dúradh.

An dá dhán ‘Mo Ghrá-sa’ agus ‘An Spailpín Fánach’ a tháinig aníos i bpáipéar a dó agus rogha ag daltaí tabhairt faoi cheachtar acu.

“Bhí an cheist ar ‘Mo Ghrá-sa’ díreach mar a bheifeá ag súil go gcuirfí í,” a dúirt Mac Aodha.

“Ceist éasca ar an nádúr agus bhí an dán os a gcomhar amach ach bhí an cheist faoin mheadaracht sa dán ‘An Spailpín Fánach’ beagáinín dúshlánach,” a dúirt sé.

Dúirt Séamus Ó Fionnagáin, múinteoir Gaeilge i CBS, Baile na Manach, i mBaile Átha Cliath go raibh sé “an-sásta” leis an pháipéar.

“Bhí rogha mhaith ann. Ar dtús báire leis an léamhthuiscint, bhí píosa deas faoi Tom Crean agus uaireanta bíonn ceist a sé, a agus b, deacair ar dhaltaí ach tháinig an tuiseal ginideach suas agus an briathar saor so bhí sin deas a fheiceáil.

“Bhí an prós go maith. Bhí rogha mhaith ann. Tháinig Oisín i dTír na nÓg suas. Bhí mé an-sásta leis sin. Bhí ar na daltaí tréithe Oisín a phlé agus bhí sin go maith.”

Dúirt Ó Fionnagáin go mbeadh “go leor daltaí” ag súil leis na ceisteanna a tháinig aníos ar an pháipéar.

Maidir leis an pháipéar gnáthleibhéil, dúirt Tomas Mac Aodha go raibh na léamhthuiscintí “ceart go leor” seachas “cúpla focal deacair ar nós ‘ardmholadh’ agus ‘rialtas’.

“Bhí an fhilíocht ruainnín beag níos éasca ná an prós, cheapfainn féin. Ar an iomlán sa bprós bhí gá le tuiscint ar líne ama na bpíosaí,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Cothrom go maith’ – tuairimí na múinteoirí faoi Pháipéar a Dó de Ghaeilge na hArdteiste'