Réamhthaifeadadh déanta ar ‘Nuacht TG4’ ceithre lá i ndiaidh a chéile

Deir Ardstiúrthóir TG4 go bhfuil drochbhail ar sheirbhís nuachta an stáisiúin ceal acmhainní agus nár cheart go dtarlódh sé go deo go ndéanfaí réamhthaifeadadh ar an ‘nuacht’

Rinneadh réamhthaifeadadh ar Nuacht TG4 ceithre lá i ndiaidh a chéile ag deireadh na bliana seo caite.

Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, a thug le fios ag cruinniú i dTeach Laighean tráthnóna inné gur cuireadh amach feasacháin nuachta réamhthaifeadta aimsir na Nollag, rud nár cheart tarlú go deo, a dúirt sé.

Bhí an scéal ina shampla ag Esslemont den drochbhail, a deir sé, atá ar sheirbhís nuachta an stáisiúin ceal acmhainní agus infheistíochta ó RTÉ.

Dúirt sé go raibh “trealamh” na nuachta ag “titim as a chéile” agus nach raibh sé d’acmhainn ag an tseirbhís faoi láthair fiú ainmneacha daoine a bhí faoi agallamh a chur ar an scáileán le linn dóibh a bheith ag caint.

“Tá easpa acmhainní ann,” a dúirt Esslemont ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge.

“Faoi Nollaig, rinneadh réamhthaifeadadh ar Nuacht TG4, rud nár cheart tarlú riamh. Faoi láthair, má bhreathnaíonn tú ar Nuacht TG4, níl aon ‘name straps’ le feiceáil. Mar gheall go raibh easpa infheistíochta ann ó RTÉ, tá an trealamh ar fad ag titim as a chéile.”

Tuigtear do Tuairisc gur réamhthaifeadadh a bhí i gceist leis na ceithre eagrán de Nuacht TG4 a craoladh idir 26-29 Nollaig an bhliain seo caite.

Tuigtear gur mar gheall ar bhall foirne amháin a bheith as láthair a socraíodh an nuacht a réamhthaifeadadh na laethanta sin idir dhá Nollaig. Rud an-neamhghnách é go ndéanfaí réamhthaifeadadh ar fheasacháin nuachta mar seo agus ní dúradh aon rud ar na feasacháin a bhí i gceist a thabharfadh le fios nach raibh siad ag dul amach beo mar is gnáth.

Faoi láthair, is é RTÉ a chuireann Nuacht TG4 agus 7Lá ar fáil do TG4 agus déantar sin mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4.

Ach tá caint go leor ann faoina bhfuil i ndán don chaidreamh seanbhunaithe sin agus do nuacht na Gaeilge ó ghlac an Rialtas le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

Is fada an lá Alan Esslemont ag cáiseamh na heaspa infheistíochta, a deir sé atá á déanamh ag RTÉ i nuacht na Gaeilge.

Is é an aidhm atá aige féin agus ardbhainistíocht TG4 ná go mbeadh smacht ag an stáisiún “ar a acmhainní féin, nuacht san áireamh” agus go mbeadh lucht na nuachta fostaithe ag TG4 seachas ag RTÉ amach anseo

Tá tús curtha cheana ag TG4 le bunú a seirbhíse nuachta féin agus deireadh 2025 atá luaite ag ceannaire an stáisiúin le scaradh na nuachta.

Níor tháinig TG4 agus RTÉ ar aon réiteach fós sna cainteanna atá ar siúl faoi sholáthar nuachta Gaeilge an dá stáisiúin.

Dúirt Alan Esslemont ag an gcruinniú i dTeach Laighean inné gurbh é an ‘scannal’ craoltóireachta ba mheasa ‘i mbliana’ a bheadh ann dá ndéanfadh an Rialtas socrú nua maoinithe le RTÉ gan socrú dá leithéid a dhéanamh le TG4.

Fág freagra ar 'Réamhthaifeadadh déanta ar ‘Nuacht TG4’ ceithre lá i ndiaidh a chéile'

  • Katie

    Ní féidir réamhthaifeadadh nuachta a shéanadh thar thréimhse na Nollag nuair nach bhfuil na hacmhainní ann le clúdach a dhéanamh ar iriseoirí éagsúla atá imithe ar saoire – saoire atá tuillte go maith. Tá scoth na nuachta á cur ar fáil ag foireann Nuacht RTÉ le TG4 agus Nuacht TG4, in ainneoin méid íseal infheistíochta.

  • Siob

    Cá bhfuil an t-airgead imithe? Más rud é go bhfuil RTE ag íoc as Nuacht TG4 agus 7 Lá, cá bhfuil na milliúin eile a fhaigheann TG4 chuile bhliain?!