Reachtaíocht sáraithe ag an Rialtas agus gan aon dáta tugtha do sheirbhísí poiblí Gaeilge sa nGaeltacht

Faoin Acht Teanga, caithfidh Aire na Gaeltachta dáta a fhógairt faoina mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ag comhlachtaí poiblí sa Ghaeltacht

Reachtaíocht sáraithe ag an Rialtas agus gan aon dáta tugtha do sheirbhísí poiblí Gaeilge sa nGaeltacht

Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla sáraithe ag an Rialtas agus sprioc thábhachtach sa reachtaíocht maidir le seirbhísí Gaeilge caillte acu. Faoin Acht ba ghá d’Aire na Gaeltachta dáta a roghnú beagnach dhá mhí ó shin faoi cén uair a chuirfear gach seirbhís phoiblí ar fáil trí Ghaeilge sa nGaeltacht.

Faoin reachtaíocht, leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí agus ranna stáit a chinntiú go mbeidh a seirbhísí go léir i nGaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. Chomh maith leis sin leagtar dualgas ar oifigí comhlachtaí poiblí a chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga na hoifige acu.

De réir an achta, tá dualgas ar Aire na Gaeltachta dátaí a leagan síos do na spriocanna sin trí mhí ón dáta a ndearnadh an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a chur faoi bhráid an Rialtais. Bhí an plean sin le cur faoi bhráid an Rialtais mí Mheán Fómhair seo caite, rud a d’fhág go raibh na spriocanna le fógairt mí na Nollag seo caite.  Níor tharla  sin agus gan aon fhógra déanta ag an Rialtas go fóill faoi cathain go mbeidh na seirbhísí ar fad ar fáil  i nGaeilge sa Ghaeltacht. Lorg Tuairisc soiléiriú maidir leis an scéal ó Roinn na Gaeltachta faoi dhó ach níor tugadh aon fhreagra faoi cheist na ndátaí ná aon mhíniú ar céard is cúis leis an moill.

Tá ráiteas faoin scéal go bhfuil an dlí teanga sáraithe ag an Rialtas lorgtha ag Tuairisic ó Oifig an Choimisinéara Teanga chomh maith.

Bhí olltoghchán ann timpeall an ama céanna go raibh an fógra le déanamh de réir an dlí, ach fanann airí agus airí stáit in oifig nó go mbíonn rialtas nua ann.

Ceapadh Dara Calleary ó Fhianna Fáil mar Aire nua na Gaeltachta an mhí seo caite.

Rinneadh scéal na seirbhísí agus na n-oifigí Gaeltachta a phlé fómhar na bliana seo caite ag cruinniú den Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, an dream a chuir an Plean Náisiúnta i dtoll a chéile.

Dúradh ag an gcruinniú sin go ndearnadh iarracht na hoifigí agus na seirbhísí a thiocfadh faoi scáth na reachtaíochta a aithint sa taighde a rinneadh don Phlean Náisiúnta. Dúradh gur pléadh na spriocdhátaí  a d’fhéadfadh a bheith ann chomh maith. Ach measadh go mbeadh “gá le tuilleadh comhairliúcháin leis na comhlachtaí poiblí faoin ábhar”.

Pléadh chomh maith na dúshláin a síleadh a bheadh ann  d’earnálacha ar leith maidir leis na seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Dúradh go mbeadh sé tábhachtach sonraí “a thomhas i gceart” agus spreagadh a thabhairt do bhaill foirne reatha na gcomhlachtaí poiblí “a n-inniúlacht teanga a mhéadú agus b’fhéidir ról Gaeilge a ghlacadh”.

Fág freagra ar 'Reachtaíocht sáraithe ag an Rialtas agus gan aon dáta tugtha do sheirbhísí poiblí Gaeilge sa nGaeltacht'