In Washington le haghaidh Lá le Pádraig bhí aire pobal Stormont, Gordon Lyons, DUP, ar a chosaint faoi Pháirc Mhic Easmuinn tráth ar fógraíodh sa bhaile go raibh Gaeilgeoirí á thabhairt chun cúirte.
Séanann an t-aire go bhfuil sé ag tarraingt na gcos faoi thógáil na staide do Chumann Lúthchleas Gael agus faoi straitéis na Gaeilge ach is cosaint in aisce é. Is ag dul i dtreise atá an t-amhras gur doicheall don Ghaeilge agus do CLG faoi ndear easpa gnímh nó cinneadh ón aire. Tá caidreamh Gordon Lyons leis an dá dhream fuaránta nó coimhthíoch fiú agus iadsan amhrasach faoina chur chuige.
Ag tagairt don mhoill ar thógáil Pháirc Mhic Easmuinn le déanaí dúirt uachtarán CLG, Jarlath Burns, go raibh siad ag streachailt mar gheall ar naimhdeas. Bhí stiúrthóir staide CLG Chúige Uladh, Stephen McGeehan, neamhbhalbh ina chuid cainte ar The View ar BBC. Dúirt sé nár mhór do Gordon Lyons a dhea-mhéin, a chuid bona fides, i leith phobal CLG a léiriú. Bhí sé ionann is doshamhlaithe go mbeadh breis is bliain caite in oifig ag aire gan freastal ar chluiche, ar sé. Ní raibh ach cruinniú amháin ag an gcumann le Lyons – b’in i mí Deireadh Fómhair seo caite.
Dúirt an tAire Lyons tamall ó shin nach dtéann sé ag imeachtaí spóirt ar an Domhnach ach d’fhreagair CLG gur iomaí cluiche a imrítear i gCúige Uladh ar an Satharn. Ag caint le PA in Washington Déardaoin, dúirt Gordon Lyons nach eisean faoi ndear an mhoill ar thógáil na staide, nach airsean an milleán. B’fhíor dó gur cásanna cúirte a thóg daoine in iarthar Bhéal Feirste in aghaidh phleananna CLG maille le méiseáil na dTóraithe a chuir moill ar an togra go dtí anuraidh. Ach céard atá déanta aigesean ó shin?
Dúirt sé go mbeidh cruinniú aige leis an Státrúnaí Hilary Benn an tseachtain seo chugainn féachaint an ndéanfaidh rialtas na Breataine infheistíocht bhreise i gcúrsaí spóirt. Ba léir go mbeadh sé ag iarraidh airgid le haghaidh cumainn sacair chomh maith le staid Mhic Easmuinn agus é diongbháilte gur ar bhonn cothrom a roinnfí aon mhaoiniú.
Seanscéal agus meirg air is ea an méadú atá tagtha ar chostas na staide le ceithre bliana déag ó d’fhaomh an Feidhmeannas maoiniú do staideanna rugbaí, sacair agus CLG. Suas le £260 milliún an costas anois, deirtear, ach £120 milliún atá sa chiste ó Stormont, CLG agus rialtas na hÉireann. Beidh suim mhór ina mbeidh le rá ag Gordon Lyons an tseachtain seo chugainn tar éis a chruinniú le Hilary Benn.
Fad is a bhí sé i Meiriceá bhí toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge os comhair Choiste Pobail Stormont, an coiste a scrúdaíonn obair na roinne a bhfuil Gordon Lyons ina bun. Nuair a fógraíodh post an Choimisinéara Gaeilge an tseachtain seo shíl roinnt gur léiriú é go raibh an DUP chun a fhreasúra do chearta teanga a chur i leataobh feasta. Ag an am céanna, áfach, dhiúltaigh an tAire Lyons den tríú huair bualadh leis an gConradh.
Bhí frustrachas na toscaireachta le cur chuige an aire follasach. D’fhógair siad go raibh siad ag filleadh chun cúirte le haghaidh athbhreithniú breithiúnach a éileamh ar theip an Fheidhmeannais an Straitéis Gaeilge a fhorbairt agus a fheidhmiú. Is ar Oifig an Fheidhmeannais atá an fhreagracht as an straitéis, ach tá an cúram curtha ar an Roinn Pobal agus ar Gordon Lyons. Dúirt an t-aire le déanaí go raibh an obair ar siúl. Ní léir cad is cúis leis an moill, gealladh an straitéis ‘faoi cheann sé mhí’ i mí Eanáir 2020 sa chlár Ré Nua, Cur Chuige Nua.
Chuir toscaireacht Chonradh na Gaeilge a míshástacht faoi fhadhb mhaoinithe Fhoras na Gaeilge in iúl don choiste freisin. D’fhógair an Foras ciorruithe os cionn €800,000 le gairid mar nárbh fhéidir a bhuiséad a mhéadú mura n-ardófaí é ar dhá thaobh na teorann. Tuairiscíodh go raibh bac curtha ag an DUP sé huaire ó Dheireadh Fómhair seo caite ar iarracht chun plean a chur faoi bhráid na comh-aireachta a scaoilfeadh an glas. Sé an moladh go bhféadfadh taobh amháin, as féin, rialtas na hÉireann nó Feidhmeannas Stormont, an buiséad a mhéadú ach maítear gur thapaigh an DUP an deis chun an leigheas a chosc.
Tuige? Cén dochar a dhéanfadh sé dóibh? Ní hé leas éinne an bac. Léiriú gur féidir leo laincis a chur ar an gcomh-aireacht, fiú is iad sa dara háit? Nó diúltú arís don chultúr Gaelach? Cathanna cultúir gan dealramh.
Fág freagra ar 'Cath an chultúir – an DUP in aghaidh na Gaeilge agus CLG'