Ranna rialtais ag úsáid córas IT nach féidir leo glacadh leis an síneadh fada

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá dualgas le cur ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil a gcórais teicneolaíochta faisnéise in ann glacadh leis an síneadh fada

Ranna rialtais ag úsáid córas IT nach féidir leo glacadh leis an síneadh fada

Tá córais IT nach nglacann leis an síneadh fada in úsáid ag ar a laghad trí cinn de ranna rialtais, an roinn ina bhfuil Roinn na Gaeltachta faoi láthair ina measc.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá dualgas le cur ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil a gcórais teicneolaíochta faisnéise in ann glacadh leis an síneadh fada ach de réir eolais atá curtha ar fáil ag na ranna féin, tá córais in úsáid ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (TCEGSM), an Roinn Oideachais agus an Roinn Airgeadais nach nglacann leis an síneadh fada.

Deir an Roinn TCEGSM agus an Roinn Oideachais go bhfuil córas bainistíochta airgeadais seachtrach in úsáid acu nach nglacann leis an síneadh fada.

Cé go bhfuil sé i gceist cúram na Gaeltachta a bhogadh ón Roinn TCEGSM go dtí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, níl an t-athrú sin déanta go hoifigiúil go fóill.

Deir am Roinn TCEGSM go bhfuil sé i gceist aistriú go dtí córas nua de chuid an Rialtais, Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais, an bhliain seo chugainn agus gur cheart go mbeadh cúrsaí “feabhsaithe ina thaobh seo” dá bharr ach ní deirtear go sonrach go nglacfar leis an síneadh fada.

Níl aon tagairt d’aistriú chuig córas bainistíochta airgeadais nua déanta ag an Roinn Oideachais, a bhfuil córas eile acu – Microsoft Entra ID – nach nglacann leis an síneadh fada.

Deir an tAire Airgeadais Paschal Donohue, go bhfuil dhá chóras in úsáid ag a Roinn nach nglacann leis an síneadh fada, córas inmheánach IT agus an ‘Club Travel System’. Dúradh gur córas áirithinte taistil a bhí i gceist leis an dara ceann acu siúd agus nach bhféadfaí glacadh leis an síneadh fada mar go mbeadh na sonraí á n-aistriú go dtí an córas taistil idirnáisiúnta.

An Teachta Dála Sinéad Gibney ó na Daonlathaithe Sóisialta a d’fhiafraigh de na ranna rialtais an raibh na córais IT atá in úsáid acu in ann glacadh leis an síneadh fada. Chuir an Teachta Gibney an cheist ar gach ceann den 18 roinn ach níor fhreagair ach deich gcinn acu í go dtí seo. Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus an Roinn Sláinte i measc na ranna nár thug freagra go fóill.

Dúirt seacht gcinn eile de na ranna go raibh na córais IT a bhíonn in úsáid acu in ann glacadh leis an síneadh fada.

Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais a chuireann go leor de na córais IT ar fáil do na ranna rialtais agus is léir go bhfuil daoine in ann an síneadh fada a úsáid agus na córais sin in úsáid acu.

Faoi na leasuithe a rinneadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla in 2021, beidh dualgais bhreise ar chomhlachtaí poiblí ó thaobh taifead agus úsáid cheart ainmneacha, seoltaí, teidil agus sínte fada i nGaeilge. Beidh dualgas ar chomhlachtaí chomh maith a chinntiú go bhfuil na córais IT acu curtha in oiriúint don síneadh fada laistigh de thréimhse ama ar leith.

Is faoin Aire fo-ordú a dhéanamh ar cé hiad na comhlachtaí poiblí a bhfuil na dualgais sin le cur orthu ach sháraigh an tAire an sprioc a bhí leagtha síos sa reachtaíocht chun na comhlachtaí sin a ainmniú.

Fág freagra ar 'Ranna rialtais ag úsáid córas IT nach féidir leo glacadh leis an síneadh fada'