Ranganna Gaeilge ar phraghas speisialta do mhúinteoirí nach bhfuil ‘ar a gcompord’ leis an teanga

Tá cúrsaí nua ag tosú a bheidh dírithe ar mhúinteoirí a bhfuil breis tacaíochta uathu ó thaobh na Gaeilge

Ranganna Gaeilge ar phraghas speisialta do mhúinteoirí nach bhfuil ‘ar a gcompord’ leis an teanga

Tá ranganna Gaeilge do mhúinteoirí á n-eagrú ar líne mar iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann maidir le heaspa múinteoirí atá líofa sa Ghaeilge.

Tá na ranganna á reáchtáil ag Gaelchultúr agus tacaíocht á cur ar fáil do mhúinteoirí ag COGG.

In áit an gnáthphraghas €240 a íoc ar na cúrsaí, ní bheidh ach €100 le híoc ag scoil chun múinteoir a chlárú. Íocfar €50 de sin ar ais ag deireadh an chúrsa má fhreastalaíonn an múinteoir ar ocht rang ar a laghad as deich gcinn.

Dúradh i ráiteas ón eagraíocht oideachais go bhfuil na cúrsaí dírithe ar mhúinteoirí a bhfuil breis tacaíochta uathu ó thaobh na Gaeilge.

“Aithníonn COGG go bhfuil géarchéim ann maidir le múinteoirí a earcú a bhfuil scoth na Gaeilge acu agus nach mbíonn an dara rogha ag scoileanna ach múinteoirí a cheapadh nach bhfuil go hiomlán ar a gcompord leis an teanga.

“Tá na cúrsaí seo dírithe ar na múinteoirí sin, agus ar mhúinteoirí eile a bhfuil breis tacaíochta uathu chun cur lena gcuid líofachta agus a gcuid cruinnis agus iad ag teagasc a gcuid ábhar trí Ghaeilge.”

Níor mhór clárú do na ranganna roimh Dé hAoine na seachtaine seo, an 24 Feabhra.

Tosóidh na ranganna ar an 28 Feabhra, agus leanfaidh siad ar feadh 10 seachtaine, dhá uair an chloig in aghaidh na seachtaine. Beidh ceithre leibhéal i gceist – A2 go C1.

“Táthar ag súil go dtacóidh na ranganna seo leis na múinteoirí ábhar agus iad ag obair go díograiseach ag teagasc agus ag cruthú ábhair agus nótaí in iarbhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge,” a dúirt COGG.

Fág freagra ar 'Ranganna Gaeilge ar phraghas speisialta do mhúinteoirí nach bhfuil ‘ar a gcompord’ leis an teanga'