Raidió na Gaeltachta le deireadh a chur le fógraí Gaeilge ‘dothuigthe’

Deir ceannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta nach gcraolfar aon fhógra nua feasta ar an stáisiún mura bhfuil caighdeán na Gaeilge agus na foghraíochta ann ‘sách ard’

Raidió na Gaeltachta le deireadh a chur le fógraí Gaeilge ‘dothuigthe’

Tá sé i gceist ag Raidió na Gaeltachta éirí as a bheith ag craoladh fógraí nach bhfuil caighdeán “sách ard” iontu ó thaobh na Gaeilge de.

Chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta tús le déanaí le fógraí ar íocaíocht a chraoladh, an chéad uair a ceadaíodh a leithéid ó bunaíodh an stáisiún 50 bliain ó shin.

Ach tá caint tarraingthe ag droch-chaighdeán na teanga agus na foghraíochta ar chuid de na fógraí stáit sin.

Dúirt ceannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha nach raibh an fhógraíocht stáit i nGaeilge ach ina tús agus go raibh próiseas ar bun a chinnteodh nach gcraolfaí amach anseo ach fógraí a mbeadh Gaeilge mhaith chruinn agus foghraíocht cheart iontu.

Ag labhairt di ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt Muireann Ní Mhóráin, iarcheannasaí na Comhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta, go mbíonn an Ghaeilge chomh holc sin ar chuid de na fógraí a chraoltar ar Raidió na Gaeltachta go mbíonn siad “dothuigthe”.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin gur forbairt “an-tábhachtach” a bhí ann ó thaobh na reachtaíochta teanga go raibh dualgas ar chomhlachtaí poiblí méid áirithe fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge, ach gur léirigh an “droch-chaighdeán” Gaeilge a bhain le cuid de na fógraí sin easpa measa ar an teanga agus ar phobal na teanga.

“Tá an sruth maoinithe seo an-tábhachtach, ach ní dóigh liom gur cheart cúrsaí maoinithe a chur chun tosaigh ar chúrsaí caighdeáin agus maidir le Raidió na Gaeltachta, is rud nua ar fad é do Raidió na Gaeltachta fógraí a bheith ann go rialta ar an stáisiún.

“Ach anuas air sin, go príomha is do mhuintir na Gaeltachta Raidió na Gaeltachta agus is dóigh liom dáiríre go bhfuil sé dlite ag na daoine sin nuair atá fógraí ó chomhlachtaí stáit ag dul ar aer, go léireofaí meas ar an lucht éisteachta agus a chinntiú go bhfuil caighdeán na bhfógraí ar ardchaighdeán.”

Dúirt iar-phríomhfheidhmeannach COGG go mbíonn caighdeán maith i gcuid de na fógraí Gaeilge ach go bhféadfadh na cinn atá lochtach dochar a dhéanamh don teanga.

“Tá saghas creimeadh á dhéanamh ar an teanga de réir a chéile. Má chloiseann daoine rudaí aisteacha á dhéanamh ó thaobh na foghraíochta de agus ó thaobh chaighdeán na teanga de, téann sé sin i bhfeidhm ar dhaoine,” arsa Muireann Ní Mhóráin.

Dúirt sí gur maith an rud é go bhfuil an Coimisinéir Teanga agus Coimisiún na Meán chun monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán na Gaeilge sna fógraí ach go raibh gá le “gníomh níos práinní” ná sin ar eagla go “neadófaí” sa chóras an cur chuige atá ann ó thosaigh na fógraí ar RnaG beagnach trí mhí ó shin.

Dúirt ceannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha go raibh próiseas á bhunú a chinnteodh nach gcraolfaí amach anseo aon fhógra ar an stáisiún nach raibh “caighdeán sách maith” ag baint leis ó thaobh an aistriúcháin, na Gaeilge agus na foghraíochta.

Dúirt sé go gur “ceist fhíorthábhachtach” a bhí i gceist chaighdeán na Gaeilge sna fógraí ach gur ina tús a bhí an fhógraíocht stáit i nGaeilge agus ceachtanna le foghlaim i gcónaí.

“Earnáil í seo atá díreach ag tosú amach, ní raibh aon duine ag déanamh fógraí i nGaeilge go dtí trí ceithre mhí ó shin.

“Agus tá go leor leor foghlama le déanamh ag comhlachtaí margaíochta, ag Raidió na Gaeltachta, ag RTÉ, ag chuile dhream atá ag plé leis seo, an Coimisinéir Teanga… agus táimid fós ag iarraidh teacht ar an mbealach is fearr le tabhairt faoi na fógraí seo.”

Dúirt ceannasaí RnaG go raibh cuid de na fógraí a chraoltar “go maith” ó thaobh na Gaeilge ach go raibh cuid eile nach raibh “chomh maith sin”. Mhaígh sé go raibh feabhas tagtha ar chúrsaí le tamall ó thosaigh fostaí de chuid RTÉ ag plé “go sonrach” leis na fógraí Gaeilge.

Cinneadh le déanaí freisin, a dúirt sé, nach gcraolfaí feasta aon fhógra nua ar Raidió na Gaeltachta nach mbeadh cloiste agus faofa ag duine de lucht bainistíochta an stáisiúin.

“Mura bhfuil siad sách maith ní chuirfear amach iad,” a dúirt Gearóid Mac Donncha.

“Is próiseas leanúnach a bheas ansin agus muid ag iarraidh teacht go dtí an áit go mbeidh caighdeán na Gaeilge go maith, nach aistriúchán díreach ón mBéarla atá i gceist, nach Google Translate é, go dtuigfidh daoine go bhfuil teachtaireacht le tabhairt, go gcaithfidh sé a bheith éasca le tuiscint ach go bhfuil sé cruinn ó thaobh na Gaeilge de agus ansin go mbeidh an fhoghraíocht i gceart.

“Agus ceann eile nach bhfuil tagtha aníos sa gcomhrá go dtí seo, go mbeadh na canúintí le cloisteáil, go mbeadh scaipeadh i bhfad níos leithne ar an tobar aisteoirí atá dá n-úsáid le go gcloisfí an Ghaeilge a chloiseann muide go laethúil ar an raidió, go mbeifí á cloisteáil sna fógraí.”

Dúirt ceannasaí RnaG go “ndúnfar an doras” gan mhoill ar fhógraí nach bhfuil caighdeán na Gaeilge “sách ard” iontu.

Chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta deireadh leis an gcosc a bhí ag an stáisiún ar fhógraíocht ar íocaíocht ó bunaíodh é i 1972 mar gheall ar an dualgas reachtúil nua atá ar chomhlachtaí poiblí méid áirithe fógraí a chur i nGaeilge.

Faoin reachtaíocht teanga tá ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus 5% dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar fhógraí ar na meáin Ghaeilge.

Dúirt ceannasaí Raidió na Gaeltachta go raibh teacht isteach “maith go leor” ó na fógraí cheana féin agus gur léir gurbh fhiú don stáisiún iad.

Fág freagra ar 'Raidió na Gaeltachta le deireadh a chur le fógraí Gaeilge ‘dothuigthe’'

  • MairéadUíB.

    Ár ndóigh, déanfaidh an Ceannasaí amhlaidh leis na hamhráin Bhéarla a chraoltar ar an stáisiún?! Céard faoi chraoltóirí nach bhfuil caighdeán Gaeilge sách ard acu? An ndéanfaidh an Ceannasaí maoirsiú ar chaighdeán labhartha na Gaeilge ag aíonna chomh maith? N’fheadar!

  • Seán M

    Is maith a labhair Muireann ar an ábhar seo agus bhí an Ceannasaí breá soiléir, dar liom, ina ráiteas. Ní cainteoirí Gaeilge amháin, tá’s agam, a thugann faoi deara cé chomh lochtach atá cuid den fhógraíocht seo..

  • 'Cluasach'

    Ní hiad cúrsaí fógraíochta an rud is measa a bhaineann le RnaG fé láthair. Gearrán mór atá agam ná go bhfuil forlámhás iomlán á ghlacadh ag cúrsaí spóirt ar chúrsaí nuachta ach go háirithe ar an Satharn agus ar an nDomhach….Is minic a bhíonn tráchtaireacht ar chluichí ceantair ar siúl nuair a bhíonn an nuacht in ainm a bheith á chraoladh ach go háirithe tráthnóintí Sathairn agus Domhnaigh….Ní ró-mhinic a gabhtar leithscéal sách láidir mar gheall ar an mbradaíl seo…
    Mar bharr ar an ndonas is minic nach mbíonn Casla in ann an nuacht ó na réigiúin a chur ar an aer. Fiú bíonn deacrachtaí acu an nuacht náisiúnta ó Chasla a chur ar an aer babhtaí. Tá an útamáil gan deallramh seo ar siúl le fada….ach is cosúil nach bhfuil aon iarracht ró-mhór an scéal a leigheas. Is trua go mbíonn ar chuid againn dul ag éisteacht leis na raidiónna áitiúla chun ár gcuid nuachta a chloisint…
    Sea agus bíonn botúin gramadaí agus comhréire ar bun ag cuid de na craoltóirí ó am go chéile.
    Tá sé san am ag bainisteoirí sinsearacha an stáisiúin a gcluasa agus a súile d’oscailt.

  • Fergus na Foghraiochta

    Foghraíocht……mmmmm
    Céard é sin?
    Céard a deintear leis?
    An Dortais é?
    An mbíonn marcanna ag dul dó?
    An Gaelscoilís a leathbhádóir?
    An mbeidh a leitheid arís ann?

  • JP

    Tráchtaireacht iontach ar an gcluiche iontach iománaíochta idir Corcaigh & Luimneach.
    Míle buìochas libh a RnG.

  • Darren

    Tá deis anseo ag scríbhneoirí a bhfuil buanna teanga nádúrtha acu glacadh leis an treoir a tugadh don té a scríobh an téacs Béarla ach gan an téacs Béarla a fheiceáil .i. an téacs a dhréachtú i nGaeilge ó thús. Tá deis ann chomh maith stíleanna úra nádúrtha Gaeilge a fhorbairt don mhargaíocht a fheileann dár dteanga agus dár gcultúr féin. Droch-aistriúchán is mó a chluintear sna fógraí (gidh gur logánú a theastódh – scil nach bhfuil rófhorbartha fós i scríobh na Gaeilge) – agus na haistritheoirí céanna dulta i dtaithí ar obair a sholáthar nach léifear feasta. ‘Beidh am ar dóigh agat má chaitheann tú seal linn’, a gheofaí, b’fhéidir, seachas ‘Bain taitneamh as eispéireas arna sholáthar ag ár n-ionad!’ Tá an-dúil ag cuid aistritheoirí go Gaeilge i modh ordaitheach an Bhéarla. Foghraíocht? Seo Raidió na Gaeltachta – cainteoirí Gaeltachta atá uainn.

  • Seán Mac Bhriain

    Déanta na fírinne, chas mé ó RnaG go dtí 2FM an lá cheana mar gheall air sin. An fhoghraíocht a chuir as dom. Ní chuirfeadh “blas” as dom, ach tá mé ag caint ar fhoghraíocht bhunúsach. Tá daoine ina “nGaeil” agus “urlabhraithe ar son na Gaeilge” le 20 éigin bliain nach bhfuil in ann séimhiú a chur ar “c”. Is deacair aird a thabhairt a leithéidí siúd is cuma céard atá siad ag iarraidh a rá. Maidir le RnaG, bhrisfeadh sé do chroí a bheith ag éisteacht le Gaeilge bhreá agus ansin cur suas le drochfhoghraíocht … fíú ar feadh 30 soicind. Is cuma mura bhfuil an ghramadach 100% (níl sin amhlaidh sa teanga labhartha i dteanga ar bith), ach má deirtear “bhí an bó err un kreerack”; caithfimis chun aeir ar fad é.

  • Carraig

    Gearóid Mac Donncha;
    “marbh ag tae agus marbh gan tae.”
    Cuir do chos i bhfeac anois a dhuine agus tabhair an t-eiteach do na danarthaigh seo.
    Is dócha go bhfaigheann siad íocta as an mbriolla-bhrealla sin?
    Tuige nach bhfuil muintir na Gaeltachta ag gabháil don obair seo?

  • Ciarán

    Bíonn fógraí le droch-chaighdeán foghraíochta fós á gcraoladh, Bealtaine 30.