Raidió Fáilte á chraoladh i mBaile Átha Cliath agus ceithre stáisiún raidió Gaeilge anois ar fáil san ardchathair

Tá fáil anois ar an stáisiún Feirsteach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath mar chuid de thogra nua atá ar bun ag RTÉ agus an aip ‘An Seinnteoir Raidió’

Raidió Fáilte á chraoladh i mBaile Átha Cliath agus ceithre stáisiún raidió Gaeilge anois ar fáil san ardchathair

Tá ceithre stáisiún raidió Gaeilge anois ar fáil mar rogha ag cainteoirí Gaeilge san ardchathair agus Raidió Fáilte tosaithe ag craoladh ar an gcóras DAB i ndeisceart na cathrach.

Tá an stáisiún Feirsteach anois ar fáil ar raidiónna DAB sa cheantar timpeall Bhaile Átha Cliath 4, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath san áireamh.

Fágann sé sin go bhfuil rogha anois ag éisteoirí na cathrach idir RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhfuil stiúideo acu i nDomhnach Broc, Raidió na Life, a bheidh ag craoladh ó stiúideo nua ar Shráid Amiens go luath, Raidió Rí Rá a bhíonn ag craoladh ó cheannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair, agus Raidió Fáilte, atá lonnaithe i mBéal Feirste.

Tá an stáisiún á chraoladh ar DAB ar bhonn trialach i láthair na huaire agus beidh sé ar fáil sa cheantar beag sin i ndeisceart na cathrach go hAibreán na bliana seo chugainn.

Is é RTÉ atá ag soláthar na seirbhíse tríd an Seinnteoir Raidió, aip raidió a bhfuil go leor stáisiúin bheaga ar fud na hÉireann le fáil air. Tá na stáisiúin ar fad atá ar fáil ar an aip le craoladh ar an gcóras nua DAB nuair a sheolfar é an tseachtain seo chugainn.

Dúirt urlabhraí de chuid RTÉ le Tuairisc.ie gur chabhraigh an dul chun cinn a rinneadh i réimse DAB le deich mbliana anuas go mór leis an togra.

Dúirt Dónall Mac Murchaidh ó Raidió Fáilte le Tuairisc.ie go bhfuil lucht an stáisiúin “iontach sásta” go bhfuil fáil anois ag muintir Bhaile Átha Cliath ar an stáisiún ar chóras raidió. Go dtí seo, ba ar líne amháin a bhíodh fáil ar Raidió Fáilte taobh amuigh de Bhéal Feirste féin.

“Níor chuala muid mórán aiseolais ó mhuintir Bhaile Átha Cliath go fóill, ach níl ann ach rud trialach agus níor thosaigh sé go dtí an tseachtain seo. Tá muid le tamall anuas ag iarraidh an comhartha s’againne a leathnú amach sa Tuaisceart. Níor smaoinigh muid faoin Deisceart ach is iontach an rud é go bhfuil fáil orainn ar DAB i mBaile Átha Cliath.

“Tá muid ag labhairt le dreamanna éagsúla leis an gcomhartha FM a leathnú amach, nó bealaí eile a aimsiú le freastal ar níos mó daoine sa Tuaisceart. Níl ach RnaG ar fáil i láthair na huaire taobh amuigh de Bhéal Feirste, agus ba mhaith linn a bheith ar fáil ar fud an Tuaiscirt,” a dúirt Mac Murchaidh.

Idir an dá linn tá foirgneamh nua Raidió Fáilte á thógáil i láthair na huaire agus súil ag foireann an stáisiúin bogadh isteach ann go luath. Beidh ceithre urlár san fhoirgneamh nua ar Shráid Duibhis, gar go maith do lár na cathrach, agus ceithre stiúideo craoltóireachta ann. Anuas air sin beidh stiúideo taifeadta ceoil, halla d’imeachtaí, caifé agus oifigí d’fhoireann an stáisiúin.

Fág freagra ar 'Raidió Fáilte á chraoladh i mBaile Átha Cliath agus ceithre stáisiún raidió Gaeilge anois ar fáil san ardchathair'

  • Art

    Teastaíonn uainn go géar Stáisiún eile RnaG 2 nó Raidió 3 le craoladh go náisiúnta agus aimsithe ar cheol na hÉireann amháin, b’fhéidir 50% Béarla agus 50% Gaeilge. Ní gá uainn Raidió 2 FM a thuilleadh. Tá an domhan mór in éad dúinn mar gheall ar ár gceol. Is fíor trua é nach bhfuil sé ar fáil fós. Féach ar aip RTÉ ar d’fhón, ó thaobh ceol de níl ann ach Radio 1 (Ceol iasachta), 2FM(Ceol iasachta) Lyric(Ceol iasachta), 2XM Pulse (Ceol iasachta), RTÉ Junior (Ceol iasachta), Gold (Ceol iasachta) agus RTÉ extra (Ceol iasachta agus rudaí ón Raidió BBC)
    Is airgead cánach ag dul amú é, an bhfuil RTÉ ina gcodladh, níl sé cliste mar thír.
    Scríobh alt faoi sin a chara.

  • Mánus

    Cén baint atá ag ceol tradisiúnta le seirbhīsí craltóireachta i nGaeilge? Ní maith le go leor Gaeilgeoirí ceol tradisiúnta.

  • arthur

    Amhráin