Raidhse cásanna cúirte a bhaineann le tiomáint faoi thionchar an óil curtha ar athló de bharr dúshlán teanga

Dúshlán faoi gan cáipéis a bheith ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla tugtha ag fear de bhunadh na Romáine

GARDA AT A DRINK AND DRIVING CHECKPOINTS IN DUBLIN
Pictiúr: Photocall Ireland

 

Tá raidhse cásanna cúirte a bhaineann le tiomáint faoi thionchar an óil curtha ar athló i bhfianaise dúshláin atá fear de bhunadh na Rómáine ag tabhairt faoi gan cáipéis a bheith curtha ar fáil dó i nGaeilge agus i mBéarla.

Gabhadh an fear, a bhfuil cónaí air i mBaile Atha Cliath anuraidh mar go rabhthas in amhras go raibh an uasteorainn alcóil do thiománaithe sáraithe aige.

Dúradh sa chúirt go bhfuarthas 52 micreagram alcóil, seachas an 22 micreagram atá ceadaithe, ar a anáil nuair a tugadh air séideadh isteach san ánáileadán.

Shínigh sé féin agus an Garda a ghabh é an cháipéis a phriontáil an gléas tástála, ach nuair a tháinig an cás os comhair na cúirte mhaígh dlíodóir an chúisí nach raibh an cháipéis a síníodh i nGaeilge agus i mBéarla rud a d’fhág nach raibh sí bailí de réir an dlí.

Ghéill an breitheamh Conal Gibbons don áiteamh sin agus chuir sé an cás faoi bhráid na hArdchúirte.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, faillí an Stáit i leith na Gaeilge ba chúis le raidhse de chásanna éagsúla a bheith tarraingthe siar sna cúirteanna le blianta beaga anuas.

Bhí cásanna a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil i measc na gcásanna nach ndeachaigh chun cinn.

Breitheamh gan Gaeilge i limistéir Ghaeltachta agus gan reachtaíocht agus rialacha cúirte a bheith ar fáil i nGaeilge ba chúis le teip na gcásanna sin.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 anocht nach í seo an chéad uair a tugadh dúshlán ar bhonn teanga i gcoinne an ghléas tástála seo.

San Ardchúirt i 2009 rialaigh an Breitheamh Charleton i gcoinne Thomáis Uí Ghriofáin, ag rá: “Ní féidir liom teacht ar fhéidearthacht ar bith gur chruthaigh an t-iarratasóir go bhfuil baol i ndáiríre go mbeidh triail mhíchothrom ann díreach mar gheall gur chuir meaisín ráiteas ar fáil i dteanga a bhfuil tuiscint iomlán aige uirthi ach ar rogha leis, uaireanta, gan í a úsáid.”

Rinne Ó Griofáin athchomharc ag an gcúirt Uachtarach, ach ní dheachaigh an Stát ar aghaidh leis an gcás.

Thuairiscigh Nuacht TG4 anocht gur cuireadh roinnt cásanna a bhaineann le tiomáint faoi thionchar an óil siar i gCúirt Dúiche Leitir Ceanainn inné i bhfianaise chinneadh an Bhreithimh Gibbons an cás áirithe seo a chur chun na hArdchúirte.

Fág freagra ar 'Raidhse cásanna cúirte a bhaineann le tiomáint faoi thionchar an óil curtha ar athló de bharr dúshlán teanga'