Bhí ar a laghad 15 de chásanna coiriúla nach ndeachaigh an Stát ar aghaidh leo le deich mbliana anuas de thoradh dúshláin sna huaschúirteanna a bhain le cúinsí teanga.
De réir foinsí dlí ar labhair Tuairisc.ie leo, ba í faillí an Stáit i leith na Gaeilge ba chúis le raidhse de chásanna éagsúla a bheith tarraingthe siar.
Bhí cásanna a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil i measc na gcásanna nach ndeachaigh chun cinn.
Breitheamh gan Gaeilge i limistéir Ghaeltachta agus gan reachtaíocht agus rialacha cúirte a bheith ar fáil i nGaeilge ba chúis le teip na gcásanna sin.
Glactar leis mar bhunphrionsabal nach féidir duine a chúiseamh muna bhfuil an reachtaíocht nó na rialacha cúirte cuí ar fáil ina rogha teanga oifigiúil.
Déantar na céadta riail nua gach bliain gan iad a aistriú go comhuaineach go Gaeilge.
Fágann an cleachtas seo “bearna mhór” agus “lúb ar lár” i riaradh an dlí i gcúirteanna na tíre seo, dar le foinsí sinsearacha dlí.
Ón mbliain 2010, níl dualgas bunreachtúil ar an Stát aistriúchán comhuaineach go Gaeilge a chur ar fáil ar gach Riail Cúirte, ach tá dualgas fós ann na rialacha sin a sholáthar i nGaeilge a luaithe agus is féidir tar éis dóibh a bheith foilsithe i mBéarla.
Níl ach aistritheoir lánaimseartha Gaeilge amháin sa Roinn Dlí agus Cirt a bhíonn ag plé le Rialacha Cúirte a aistriú go Gaeilge, cé go bhfostaítear aistritheoirí ar conradh ann ó am go chéile chomh maith.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie faoin mbearna i riaradh an dlí sa tír seo, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, gur ceist “cearta teanga a bhí ann” a gcaithfí aghaidh a thabhairt uirthi. (Féach Físeán thíos).
Fág freagra ar '‘Faillí’ i leith na Gaeilge is cúis le raidhse cásanna bheith tarraingthe siar'