Rabhadh Buí Teasa eisithe ag Met Éireann

Met Éireann ag tuar go bhféadfadh an teocht a bheith suas le 30°C ón Domhnach 

Rabhadh Buí Teasa eisithe ag Met Éireann

Tá rabhadh buí teasa eisithe ag Met Éireann don tír ar fad agus teocht “thar an gcoitiantacht” á tuar don Domhnach agus tús na seachtaine seo chugainn. Tiocfaidh an rabhadh seo i bhfeidhm ag a 6.00am Dé Domhnaigh agus seasfaidh sé go dtí a 9.00pm Dé Máirt.

Agus an aimsir níos teo agus níos tirime ná mar is iondúil, táthar ag tuar go bhféadfadh an teocht a bheith idir 25 agus 30°Celsius i rith an lae ón Domhnach agus idir 15 agus 20 céim san oíche. Ar an Luan d’fhéadfadh áiteanna sa tír teocht chomh hard le 30C a fháil, a bhuíochas do chrios ardbhrú ón iardheisceart. 

Ní in Éirinn amháin atá an teaspach ag cothú imní. An taobh eile de Mhuir Éireann chuir oifig na haimsire i Sasana rabhadh dearg teasa amach do Londain, Manchain agus York don Luan agus an Mháirt. Den chéad uair riamh fógraíodh éigeandáil náisiúnta brothaill agus teocht chomh hard le 40 céim Celsius á tuar. 

D’eisigh Áisíneacht Sábháilteacht Sláinte na Ríochta Aontaithe rabhadh sláinte d’eagraíochtaí cúram sláinte agus pobail. Tugtar rabhadh go bhféadfadh an brothall millteanach seo daoine atá “slán agus folláin” a chur as a sláinte nó a mharú. 

In Ail Finn i gcontae Ros Comáin ar an 19 Iúil 2006 a cláraíodh an teocht is airde in Éirinn go dtí seo, 32.3 céim Celsius.

Iarrtar ar an bpobal súil a choinneáil ar dhaoine nach mbeadh aon acmhainn acu ar an mbrothall seo agus a mbeadh a sláinte i mbaol ón teas agus moltar neart uisce a ól agus scáth a fháil ón ngrian. 

Tinneas cinn, meadhrán, mearbhall, easpa goile, fonn múisce, cuisle agus análú gasta, teocht ard, 38°C nó os a chionn agus íota tarta cuid de na comharthaí ar an tnáitheadh nó an traochadh teasa.

Mura gcuirtear cóir ar an té atá tnáite ag an teaspach, tá an baol ann go bhfaighidh sé stróc teasa agus is cás éigeandála ansin é mar is comhartha é sin nach bhfuil an cholainn in ann í féin a fhuarú.

 Tá an Spáinn spalptha cheal báistí i mbliana agus níos lú ná leath an ghnáthleibhéil acu. Chuir an tAire Sláinte ansin fainic ar dhaoine faoin gcontúirt atá sa teas marfach seo don cholainn agus an baol atá sa stróc teasa. D’iarr na húdaráis ar dhaoine i ndeisceart na tíre gan tabhairt faoi aon turas sa teas, neart uisce a ól agus a ghabháil ar an bhfoscadh ón ngrian chomh maith agus is féidir leo. Tá ionaid phoiblí a bhfuil fuarú agus uisce ar fáil iontu oscailte do dhaoine nach bhfuil aerchóiriú ina dtithe. 

Sa bhFrainc, sa nGréig, sa Chróit, sa Spáinn agus sa Phortaingéil, tá lucht dóiteáin gnóthach ag iarraidh tinte foraoise a cheansú agus daoine a choinneáil slán. B’éigean daoine a aslonnú as iardheisceart na Tuirce agus as iarthar na Spáinne de bharr falscaithe.

Dé Luain an lá ba theo anseo in Éirinn go dtí seo i mbliana, taifeadadh 27.7 céim Celsius i bPáirc an Fhionnuisce sa bpríomhchathair. Bhí an teocht 45.6 céim Celsius in Andalúis na Spáinne agus 40 céım i Maidrid.

Fág freagra ar 'Rabhadh Buí Teasa eisithe ag Met Éireann'