Rabhadh báistí i bhfeidhm i 20 contae, fógra oráiste i bPort Láirge

Tá sé ina bháisteach sa gcuid is mó de Chúige Mumhan agus de Chúige Chonnacht inniu

Rabhadh báistí i bhfeidhm i 20 contae, fógra oráiste i bPort Láirge

Tá fainic curtha ag Met Éireann ar dhaoine go bhféadfadh a thuilleadh tuilte a bheith againn agus go bhféadfadh cúrsaí taistil a bheith contúirteach de bharr an bháisteach throm atá á gealladh i 20 contae.

Tá fógraí buí agus oráiste eisithe ag lucht na haimsire don lá inniu.

Eisíonn Met Éireann fógra oráiste nuair a d’fhéadfadh an aimsir atá le teacht cur as go mór do dhaoine, dá gcuid maoine nó dá gcuid gníomhaíochtaí agus tá an fógra sin i bhfeidhm do thrí chontae in oirdheisceart na tíre go dtí a 1.00am anocht – Cill Chainnigh, Loch Garman agus Port Láirge.

Níl raibh ach cúig chontae sa stát saor ó fhógraí drochaimsire Met Éireann faoi láthair, an contae Gaeltachta Ciarraí chomh maith le Sligeach, Liatroim, an Cabhán agus Muineachán. Rabhadh buí atá i bhfeidhm sna 18 contae eile ó dheas den teorainn.

Tá sé ina bháisteach sa gcuid is mó de Chúige Mumhan agus de Chúige Chonnacht inniu agus bhí ina fuarlach scaití cheana féin san oirdheisceart.

Comhairlítear go bhféadfadh tuilte a bheith sna bólaí sin mar go bhfuil an talamh báite cheana féin ag díle na seachtaine seo caite.

Cheana féin tá uisce dromchla ag seadú i gcontae agus i gcathair Phort Láirge agus fuarlaigh anseo agus ansiúd agus in olcas a rachaidh siad sin a mheasann lucht an eolais.

Cé nach contúirt an rabhadh buí do chuid againn, d’fhéadfadh aimsir dá leithéid a bheith contúirteach agus daoine i mbun cineálacha áirithe oibre nó ag obair nó ag taisteal in áiteanna ar leith. Tá an rabhadh buí báistí i bhfeidhm in 11 contae go dtí a 1.00am anocht – Ceatharlach, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Laois, Longfort, an Lú, an Mhí, Uíbh Fhailí agus Ros Comáin.

Táthar ag tuar faoi láthair go dtiocfaidh aiteall i 6 chontae eile faoina 6.00pm an tráthnóna seo agus mar sin is ag an am sin a thiocfaidh deireadh leis an rabhadh buí báistí sna contaetha sin -An Clár, Corcaigh, Maigh Eo, Luimneach, Tiobraid Árann agus Gaillimh.

Agus Gerry Murphy, meitéareolaí le Met Éireann, ag caint ar RTÉ ar maidin, dúirt sé go raibh lucht na haimsire “an-cháiréiseach go deo” leis na rabhaidh faoin aimsir ó tháinig an stoirm Babet orainn an tseachtain seo caite, stoirm a rinne scrios go leor.

D’fhág Babet na céadta teach agus ionad gnó faoi uisce in áiteanna go leor i gCorcaigh agus i bPort Láirge agus tá sé ina imní arís inniu de bharr aibhneacha agus srutháin a bheith lán go bruach.

Fág freagra ar 'Rabhadh báistí i bhfeidhm i 20 contae, fógra oráiste i bPort Láirge'