Port Láirge ag brath ar luathchoisíocht níos fearr ná Gaillimh

Chruthaigh Gaillimh agus Port Láirge go maith go dtí seo sa tSraith Iomána, cé nach bhfuil barr a maitheasa bainte amach acu

Port Láirge ag brath ar luathchoisíocht níos fearr ná Gaillimh

Pictiúr: INPHO/Brian Reilly-Troy

Gaillimh v Port Láirge

Staid an Phiarsaigh, 3.45pm (Beo ar TG4)

Seans nach bhfuil barr a maitheasa bainte amach ag Gaillimh ná Port Láirge sa tSraith Náisiúnta go dtí seo ach, mar sin féin, beidh na foirne sásta go maith leis an obair atá déanta acu.

Cé go mbeadh an dá fhoireann ag súil leis an Iarmhí a bhualadh, mar atá déanta ag na Gaillimhigh agus ag na Déisigh cheana féin, tabharfaidh na buanna a bhí acu ar Luimneach misneach dóibh.

Ní raibh aon chluiche caillte ag Luimneach le 21 mí go dtí go bhfuair Gaillimh an ceann is fearr orthu i lár na míosa seo caite. Bhí imreoirí aitheanta in easnamh ar an dá fhoireann ach bhí an bua tuillte ag Gaillimh. Údar misnigh a bhí ann do Shane O’Neill agus é ag iarraidh an fhoireann a fhorbairt, an dara bliain aige mar bhainisteoir.

Ní raibh na Gaillimhigh chomh maith céanna in aghaidh Thiobraid Árann an tseachtain dár gcionn. Theip ar thosaithe na Gaillimhe ar feadh tréimhsí fada sa chluiche i nDurlas agus beidh O’Neill ag súil le feabhas tráthnóna.

Is in aghaidh Luimnigh a bhí Port Láirge i mbabhta a trí agus beidh Liam Cahill sásta go maith leis an teacht aniar a rinne na Déisigh in aghaidh sheaimpíní na hÉireann.

Cúig phointe chun deiridh a bhí Port Láirge ag leath ama ach bhí cóir na gaoithe acu sa dara leath agus bhí fear sa bhreis acu freisin nuair a tugadh cárta dearg do Shéamus Flanagan.

D’éirigh leis na Déisigh an ceann is fearr a fháil ar Luimneach timpeall lár na páirce sa dara leath agus cé go raibh siad cúig chúilín chun deiridh ag tráth amháin bhí Port Láirge ceithre cinn chun tosaigh faoin am ar tháinig deireadh leis an gcluiche.

Beidh an choimhlint sin i lár na páirce cinniúnach arís i gcluiche an lae inniu. Tá foireann na Gaillimhe beagáinín níos mó agus níos láidre ná foireann na nDéiseach ach tá fir Phort Láirge níos tapa ar a gcosa. Má bhíonn an lá tirim b’fhéidir go rachadh an luathchoisíocht sin chun sochair dóibh.

An Iarmhí v Tiobraid Árann – Páirc Uí Chíosóg, 2pm (Beo ar Youtube TG4)

Cill Chainnigh v Laois – Páirc Uí Nualláin, 1.45pm (Beo ar TG4)

Fág freagra ar 'Port Láirge ag brath ar luathchoisíocht níos fearr ná Gaillimh'