Port Eile! Is fiú go mór turas ‘Siar’ a thabhairt in éineacht le Johnny Óg Connolly

Is feiliúnach an teideal ‘Siar’ d’albam nua Johnny Óg Connolly agus é ag breathnú siar ar dhúchas a athar

Port Eile! Is fiú go mór turas ‘Siar’ a thabhairt in éineacht le Johnny Óg Connolly

Siar Johnny ÓgSiar an teideal atá ar an dlúthdhiosca nua atá ag Johnny Óg Connolly. Tá an teideal seo feiliúnach ar go leor bealaí  agus Johnny ag breathnú siar ar dhúchas a athar, Johnny Phádraig Phéatair ó thaobh an cheoil, na teanga agus an chultúir de agus freisin ag dul siar go hInis Bearachain, oileán dúchais a athar, áit ar thóg Simon Boyle na pictiúir bhreátha atá ar chlúdach an dlúthcheirnín seo. 

Tá nótaí deasa cuimsitheacha curtha ag Johnny Óg leis an taifeadadh seo agus míniú tugtha aige ar chúlra na bpíosaí nua ceoil ar fad atá cumtha aige fhéin, píosa a cumadh do cheoltóirí a chuaigh i bhfeidhm air agus do chairde leis. 

Tá flaingeanna, preabphoirt, válsaí, cornphíopaí, poirt, strathspey, plancstaí, máirseálacha  agus foinn mhalla cumtha ag Johnny Óg agus suntas ar leith le tabhairt do ‘Máirseáil an Fhile Laochta – Rosmuc 2016’ a chum sé go speisialta don chomóradh ar 1916 i Ros Muc faoi Cháisc seo caite; ‘Waltz an Chleamhnais’ agus ‘The Summer Bride’s March’ a chum sé dá dheirfiúr Mary-Ellen agus a fear céile Patrick ar lá a bpósta i samhradh na bliana 2014; agus ‘Caoineadh Mhaolra Seoighe – Maum Trasna Lament’ a chum sé i gcuimhne ar an bhfear a crochadh go héagórach, Myles Joyce, agus a d’iarr Seán Ó Cuirreáin air a chumadh don chomóradh speisialta a a bhí ar siúl in Iarsmalann na Gaillimhe i 2012. 

Tá ‘Caoineadh Jane Simmonds’ a chum sé i gcuimhne ar an mbean óg as an Nua-Shéalainn a chaith tamall ina cónaí sa Spidéal sna 90í lán le mothúcháin, agus ansin tá na píosaí meidhreacha thar a bheith tarraingteach a chum sé go speisialta don ócáid ‘Ómós do Johnny Connolly’ a bhí ar siúl sa Spidéal i mí Bealtaine seo caite: ‘Seáinín’s Rambles in London Town’, ‘Ríl Sheosaimh’, ‘The Buncrana Boy’, ‘The Blakes of Mayo’, ‘Siar go hInis Bearachain’ agus ‘An tOileán Aerach’. 

Tá suim mhór ag Johnny Óg sa gceol clasaiceach freisin, agus tá port clasaiceach casta aige ó lámh an chumadóra Arcangelo Corelli, píosa a cumadh sa mbliain 1700 go speisialta don veidhlín ach a bhfuil jab iontach déanta ag Johnny leis ar an mbosca ceoil.

Éacht ann féin!  Tá tionlacan fíorálainn déanta ag Garry O’Briain ar an ngiotár agus ar an mandocello agus ag John Blake ar ghiotár agus ar an bhfliúit ó thús go deireadh.


Na MooneysTá Na Mooneys tar éis taifeadadh breá a dhéanamh – Muintir Uí Mhaonaigh as Gaoth Dobhair atá i gceist anseo – Mairéad, bean na fidle agus na n-amhrán a bhfuil aithne mhaith againn uirthi ó bhunaigh sí féin agus a fear céile Frankie Kennedy, nach maireann, an grúpa Altan, a deirfiúr Anna a chasann an fheadóg stáin agus a deartháir Gearóid ar an ngiotár agus a nia Ciarán ar fhidil, fear ar bronnadh gradam an cheoltóra óig TG4 air roinnt blianta ó shin. 

Ina dteannta freisin ar an taifeadadh seo tá Nia Byrne, iníon óg Mhairéad, a bhfuil mianach an cheoil agus na n-amhrán go smior inti fhéin, Caitlín Nic Gabhann, bean chéile Chiaráin, a chasann an consairtín agus atá ag déanamh corrsteip freisin agus Manus Lunny ar bhasúcaí agus ar an méarchlár. 

’Sé Manus a rinne an taifeadadh ar an gceol ina stiúideo ceoil i gCionn Caslach i dTír Chonaill. Tá meascán d’amhráin agus de cheol ar an dlúthdhiosca nua agus blas láidir Thír Chonaill orthu.

Tá ríleanna, poirt, highlands, mazurkas, máirseálacha agus an fonn álainn mall “Geaftaí Bhaile Bhuí” atá casta ag Mairéad agus Ciarán ar na fidleacha. 

Ar ndóigh fuair Na Mooneys cuid mhaith dá n-oidhreacht ó athair Mhairéid, Francie Mooney, go ndéana Dia grásta air, fear a chasadh ar an bhfidil é fhéin agus a bhí ina amhránaí breá freisin. Ba chumadóir é Francie freisin agus is é a scríobh an t-amhrán aitheanta Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair.

Tá Francie le cloisteáil i dteannta an chuid eile den chlann ar an rian breise atá curtha ag deireadh an taifid seo, taifeadadh a rinneadh don tsraith teilifíse “The Raw Bar” i dTeileann i mí Bealtaine 2003. I measc na n-amhrán tá leaganacha fíorálainn do Dónal na Gealaí, A Mhuire ‘s a Rí agus Máire Mhór agus tá roinnt píosaí ceoil nuachumtha air freisin Mazurka Róise ó Mhairéad agus The Cavanman’s Daughter ó Chiarán. 

Tá spleodar breá faoin gceol ó thús go deireadh agus chuireadh ‘The Limerick Lasses’, ‘The Morning Dew’, ‘Jenny’s Welcome to Charlie’, ‘Biddy from Sligo’ agus ‘The Mug of Brown Ale’ fonn damhsa fiú ar fhear na leathchoise.

Fág freagra ar 'Port Eile! Is fiú go mór turas ‘Siar’ a thabhairt in éineacht le Johnny Óg Connolly'