‘Polasaí teanga naíonra Gaeltachta ag teacht le Polasaí Oideachais agus dhéanfadh a athrú dochar’

Tá roinnt tuismitheoirí ag iarraidh nach ndéanfaí gasúir atá ag freastal ar an naíonra san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán i gConamara a roinnt bunaithe ar a dteanga bhaile

‘Polasaí teanga naíonra Gaeltachta ag teacht le Polasaí Oideachais agus dhéanfadh a athrú dochar’

Tá polasaí teanga Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Indreabháin ag teacht leis an bPolasaí Oideachais nua don Ghaeltacht agus d’fhéadfaí dochar mór a dhéanamh do chaighdeán Gaeilge cainteoirí dúchais óga an cheantair dá uireasa.

B’in a bhí le rá ag Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, faoi thuairiscí maidir le míshástacht tuismitheoirí áirithe faoi chur chuige teanga an naíonra san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh i gConamara.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, le Tuairisc.ie go bhfuil sé “fíorthábhachtach” go ndéanfaí idirdhealú idir páistí atá á dtógáil le Gaeilge amháin agus páistí nach bhfuil.

“Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaí difreáil ar an mbonn seo ar pháistí le Gaeilge ó dhúchas agus páistí eile, go háirithe de bharr shóisialú na bpáistí sin. Más trí mheán na Gaeilge a bhuaileann páistí le páistí eile, is mó seans go gcoimeádfaidh siad leis an nGaeilge. Más trí Bhéarla a bhíonn a gcéad chaidreamh, is cinnte gur Béarla a bheidh acu amach anseo. Tagann sé sin le taighde idirnáisiúnta.

“Tá an difreáil sin luaite go sonrach mar rud maith sa pholasaí oideachais Gaeltachta. Is ceart é sin a dhéanamh. Níl leithcheal i gceist. Má chuirtear cainteoirí dúchais isteach le cainteoirí Béarla, loitfear caighdeán Gaeilge na gcainteoirí dúchais ag aois an-óg,” a dúirt Ní Mhóráin le Tuairisc.ie.

Níl sé i gceist ag lucht stiúrtha an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán i gConamara, a bpolasaí teanga a athrú i bhfianaise na ngearán ó thuismitheoirí áirithe.

Tá na tuismitheoirí sin ag iarraidh nach ndéanfaí gasúir atá ag freastal ar an naíonra san Ionad, An Crann Taca, a roinnt bunaithe ar a dteanga bhaile, ach tá stiúrthóirí an naíonra sásta go bhfuil siad ag cloí le dea-chleachtas idirnáisiúnta maidir le soláthar oideachais do chainteoirí dúchais mionteangacha.

Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach ar an gComhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Tuairiscíodh ar The Journal inné go raibh imní ar roinnt tuismitheoirí a bhfuil a leanaí ag freastal ar an naíonra faoin bpolasaí atá ag an gCrann Taca gasúir a bhfuil an Ghaeilge mar theanga bhaile acu a chur i rang amháin agus gasúir arb é an Béarla an teanga bhaile acu a chur i rang eile. Is í an Ghaeilge a labhraítear sa dá rang.

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh cruinniú ag roinnt tuismitheoirí in óstán sna Forbacha an tseachtain seo caite faoin bpolasaí teanga san Ionad agus go bhfuil tuairim is ceathrar nó cúigear nach bhfuil sásta leis an socrú atá beartaithe.

Dúirt Lochlainn Ó Tuairisg, rúnaí bhord stiúrtha an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh, atá i gceannas ar an gCrann Taca, nach bhfuil sé i gceist aon athrú a dhéanamh ar an bpolasaí sin agus go dtagann sé leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta, mar atá léirithe i staidéir éagsúla a rinneadh ar riachtanais oideachais cainteoirí dúchais mionteangacha, staidéar a rinne an Dr Aoife Ní Shéaghdha sa Ghaeltacht ina measc.

“Tá sé mar chuid den phlean teanga, tagann sé leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta, agus tagann sé le riar mhór taighde a rinneadh ar an ábhar. Is é an cúram céanna a gheobhaidh na gasúir ar fad san ionad.

“Léirigh staidéaracha éagsúla go ndéanann gasúir le Béarla dul chun cinn nuair a chuirtear in aon rang le cainteoirí dúchais Gaeilge iad ach go mbíonn drochthionchar ar chaighdeán Gaeilge na gcainteoirí dúchais nuair a bhíonn siad in aon rang le daoine gan Gaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt sé nach bhfuiltear anois ach ag filleadh ar an gcleachtadh a bhí ann nuair a bunaíodh an Crann Taca ar dtús, cur chuige a ligeadh i léig cúpla bliain ó shin, is é sin gasúir a ghrúpáil de réir riachtanas foghlama teanga agus ní de réir aoise.

Míníodh polasaí an Ionaid go soiléir i litir a cuireadh amach ag tuismitheoirí ag deireadh na míosa seo caite, litir a bhfuil cóip di ag Tuairisc.ie.

“[Mar gheall] ar an imní ar thuismitheoirí faoina gcuid gasúr arb í an Ghaeilge a gcéad teanga ag teacht abhaile ón Ionad le Béarla, tá sé beartaithe ag an mBord seirbhís a bhí sa naíonra san Ionad go dtí le gairid a thabhairt ar ais, ag tosú i mí Mheán Fómhair seo chugainn.

“Is é atá i gceist leis an tseirbhís naíonra seo go mbeidh seirbhís lán-Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge á cur ar fáil do ghasúir arb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga chumarsáide agus spraoi. Gheobhaidh na gasúir nach í an Ghaeilge a ngnáth-theanga chumarsáide agus spraoi an sárchúram lán-Ghaeilge céanna atá siad a fháil faoi láthair. Ní thiocfaidh aon athrú air seo,” a dúradh sa litir a seoladh chuig tuismitheoirí a mbeidh a ngasúir ag freastal ar an Ionad an mhí seo chugainn.

Iarradh sa litir ar thuismitheoirí “cinneadh macánta, coinsiasach” a dhéanamh faoin tseirbhís is fearr a d’fheilfeadh dá ngasúir agus é sin a chur in iúl ar fhoirm a cuireadh amach in éineacht leis an litir mhínithe.

Tuairiscíodh ar The Journal inné go bhfuil tuismitheoirí áirithe ag maíomh go bhfuil leithcheal á dhéanamh ar ghasúir dhátheangacha agus nach raibh aon chiall le gasúir a roinnt de réir riachtanais teanga seachas de réir aoise. D’fhágfadh a leithéid de pholasaí go mbeadh gasúir d’aoiseanna éagsúla sa rang céanna, a dúradh.

Fág freagra ar '‘Polasaí teanga naíonra Gaeltachta ag teacht le Polasaí Oideachais agus dhéanfadh a athrú dochar’'

  • Pádraig

    Níl aon leithcheal á dhéanamh ar na gasúir. Cuirtear an cúram céanna ar fáil do gach gasúr, is cuma cén rang ina bhfuil sé/sí. Tá riachtanais éagsúla teanga acu agus sin an chúis ar gá iad a dheighilt. Tagann an cleachtas leis an taighde idirnáisiúnta agus an taighde atá déanta sa nGaeltacht. Ar an gcaoi seo tugtar deis do na cainteoirí dúchais an Ghaeilge a shealbhú go hiomlán agus iad i measc cainteoirí dúchais eile agus tugtar an deis do na gasúir eile an Ghaeilge a fhoghlaim. Má mheasctar na gasúir beidh an Béarla in uachtar eatarthu féin agus beidh an Ghaeilge thíos leis. Tá an Ghaeilge i mbaol a báis i gCois Fharraige agus sa nGaeltacht ar fad agus mura ndéantar a leithéid ní bheidh sí á labhairt níos mó i gceann glúine. Léigh mé an t-alt sa Journal agus bhí cuid de na ráitis ann gan bhunús agus gránna go leor. Níl aon bhaint agam leis an ITT agus níl cónaí orm sa gceantar ach is léir go bhfuiltear ag iarraidh tacú le gach dream, is cuma an Gaeilge nó Béarla atá á labhairt sa mbaile. Sin ráite, dá mbeadh Gaeilge á labhairt sa mbaile ag níos mó teaghlach seans nach mbeadh ar an Ionad na gasúir a dheighilt (cé mhéad de na gasúir sin le Béarla a bhfuil tuismitheoirí acu ar cainteoir dúchais/líofa Gaeilge iad?!).

  • Mánus

    An bhfuil bunús ar bith leis an “polasaí oideachas Gaeltachta?” má scaoiltear Béarlóirí isteach i naíonra atá ann chun seirbhís LánGhaeilge a sholáthar. Nárbh fhearr naíonraí eile a sholáthar dos na Béarlóirí sa “Ghaeltacht”. Is gréasáin Ghaeilgeoirí taobh istigh de phobail “dhátheangach” atá fágtha sa “Ghaeltacht”. Ní mhairfidh na gréasáin mura bhfuil ach naíonraí “dhátheangacha” ar fáil.

  • Micil

    Tá sé réasúnta go mbeadh sruth acu féin ag na páistí atá á dtógáil le Gaeilge, le go bhféadfadh siad soraoi le cheile trí mheán na Gaeilge gan páistí nach bhfuil an Ghaeilge acu ag tiontú na gasair i dtreo an Bhéarla

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Maith sibh, faoin scéal a shoiléiriú. Ní mar a chéile na riachtanais atá ag gasúir atá tógtha le Gaeilge agus gasúir nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus sin é an bunús leis an dá sheisiún naíonra. D’oibrigh sé íontach le roinnt blianta sa Crann Taca, go dtí gur ligeadh na madaí le sruth, th’éis do Chomharchumann Shailearna cúram an ITT a thógáil ar féin. Is maith an scéal é go bhfuil an Comharchumann ag iarraidh an polasaí teanga a bhíodh i bhfeidhm, a chur i bhfeidhm arís.

    Do réir mar a thuigim bíonn an tseirbhís chéanna le fáil ag na gasúir go léir ach rogha a bheith ag tuismitheoirí, a thógann a gcuid gasúir le Gaeilge na gasúir sin a bheith i seisiún le cainteoirí eile Gaeilge seachas a bheith meascaithe le paistí nach bhfuil Gaeilge acu.

  • Mamaí le Gaeilge

    Tá sé seo casta. Labhrann mise Gaeilge ar fad le mo chlann ach labhraíonn mo pháirtí Béarla. Is Gaeilge a labhair siad uile mar a gcéad teanga ach tá Béarla ar a dtoil acu freisin. An rud nach dtaithníonn liomsa faoi seo uile ná chomh diúltach agus atá gach duine i dtreo an Bhéarla. Tá gach tuismitheoir ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ag a bpáistí nó ní bheadh siad san ITT. Tá an fhoireann thar barr agus níor chuala mé focal Béarla ‘riamh uathu. Ach níor cheart go gceapadh aon pháiste gur cheart daoine le Béarla a sheachaint, go h-áirithe má tá tuismitheoir acu a labhraíonn Béarla. Cruthaíonn sé deighilt soisialta nach bhfuil ceart.