Tá sé ráite go bhfuil faillí agus éagóir á ndéanamh ar dhaltaí Gaeltachta agus Gaelcholáistí a bheidh ag déanamh na hArdteiste i mbliana agus cinneadh déanta gan marcanna bónais a thabhairt dóibh d’obair bhreise a dhéantar trí Ghaeilge.
D’fhógair an Roinn Oideachais an tseachtain seo caite go mbronnfar, ó 2027 ar aghaidh, marcanna bónais ar dhaltaí Ardteiste a thugann faoi thograí measúnaithe breise agus obair chúrsa i nGaeilge, ach ní bheidh na marcanna ar fáil do dhaltaí atá i mbun na hArdteiste i mbliana, cinneadh atá ag déanamh imní do scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí agus grúpaí eile.
Tá an chomhpháirt mheasúnaithe bhreise le tabhairt isteach do gach ábhar ar bhonn céimnithe agus cé go mbeidh daltaí i roinnt ábhar ag tabhairt faoin gcomhpháirt breise i mbliana, níl na marcanna bónais le tabhairt do dhaltaí a dhéanann an obair trí Ghaeilge.
I dtuarascáil a réitigh ionadaithe ó scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge éagsúla, dúradh go mbeadh rang na hArdteiste 2026 fágtha “faoi mhíbhuntáiste suntasach” ag an scéal.
De réir na tuarascála, a cuireadh faoi bhráid na Roinne Oideachais sular fógraíodh an cinneadh, d’fhéadfadh gurbh fhiú suas le 43 pointe CAO na marcanna bónais do dhaltaí na bliana seo, pointí atá “á gceilt” ar dhaltaí Ardteiste 2026 ach a bheidh ar fáil ag daltaí an bhliain seo chugainn.
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an scéal go bhfuil marcanna bónais le cur ar fáil do dhaltaí a thugann faoin gcomhpháirt mheasúnaithe bhreise ó 2027 ar aghaidh ach dúradh go raibh sé “éagórach” go mbeadh daltaí na bliana seo fágtha faoi mhíbhuntáiste.
“Fágann an cinneadh seo Rang na hArdteistiméireachta in 2026 faoi mhíbhuntáiste suntasach. D’fhéadfadh dalta atá ag déanamh scrúdú na hArdteistiméireachta i mbliana suas le 43 pointe CAO a chailleadh i gcomparáid leo siúd in 2027, in ainneoin an iarracht chéanna a dhéanamh. Tá sé sin éagórach amach is amach agus d’fhéadfadh tionchar mór a bheith aige ar a ndeiseanna san ardoideachas,” a dúirt Kate Ní Dhúbhlaoich ó Chonradh na Gaeilge.
“Táimid ag iarraidh ar an Aire Oideachais Hildegarde Naughton aghaidh a thabhairt air seo láithreach agus a chinntiú go bhfaighidh rang 2026 aitheantas ceart as an obair atá ar siúl acu sa Ghaeilge.”
Tá ceist curtha ag Tuairisc ar an Roinn Oideachais faoin gcúis nach mbeidh na marcanna bónais ar fáil do dhaltaí Ardteiste 2026 ach níl freagra curtha ar fáil go fóill.
Bronntar marcanna bónais ar dhaltaí a thugann faoi scrúdú na hArdteiste i nGaeilge in ábhair seachas Gaeilge agus Béarla. Má fhaigheann dalta níos lú ná 75% de líon iomlán na marcanna atá ar fáil in ábhar amhail Stair nó Tíreolaíocht, bronntar ar an dalta marcanna breise ar fiú 10% iad de na marcanna a fuair sé. Laghdaíonn an bónas má bhíonn 75% nó níos mó ag dalta.
Marcanna bónais ar fiú 5% iad atá i gceist le hábhair eile, amhail an Mhatamaitic agus an Chuntasaíocht, ina bhfuil béim níos mó ar fhigiúirí.
Aithnítear na marcanna bónais i scoileanna lán-Ghaeilge mar chúiteamh ar an obair bhreise a bhaineann le hábhar a staidéar trí Ghaeilge, idir aistriúchán ó théacsleabhair Bhéarla agus easpa acmhainní teagaisc agus foghlama i nGaeilge.
Fág freagra ar 'Pointí CAO ‘á gceilt’ ar dhaltaí Ardteiste 2026 i scoileanna lán-Ghaeilge'