Pobalóirí frithEorpacha is mó a gheobhaidh vótaí i naoi mballstát – tuar

Léiríonn anailís atá déanta ar phobalbhreitheanna ar fud an Aontais Eorpaigh go bhfaighidh páirtithe radacacha ar an eite dheis vótaí agus suíocháin i mballstáit go leor agus gur páirtithe atá ar chlé ón lár agus páirtithe glasa a íocfaidh as

Pobalóirí frithEorpacha is mó a gheobhaidh vótaí i naoi mballstát – tuar

Léiríonn taighde nua go mbeidh Parlaimint na hEorpa níos faide ar dheis i ndiaidh thoghcháin Eorpacha 2024 i mí an Mheithimh.

De réir réamh-mheastacháin atá bunaithe ar an taighde a rinne an Chomhairle Eorpach um Ghnóthaí Eachtracha, feicfear athrú mór chun na heite deise ina lán tíortha.

San anailís a rinneadh ar phobalbhreitheanna ar fud an Aontais Eorpaigh, is léir go bhfaighidh páirtithe radacacha ar an eite dheis vótaí agus suíocháin sna ballstáit ar fad agus gur páirtithe atá ar chlé ón lár agus páirtithe glasa a íocfaidh as.

Táthar á thuar ón taighde gur dóichí gur pobalóirí frithEorpacha a bheidh ar bharr an chomhairimh i naoi mballstát -– an Ostair, an Bheilg, Poblacht na Seice, an Fhrainc, an Ungáir, an Iodáil, an Ísiltír, an Pholainn agus Poblacht na Slóvaice. Meastar go mbeidh pobalóirí frithEorpacha sa dara nó sa tríú háit i naoi dtír eile – an Bhulgáir, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Laitvia, an Phortaingéil, an Rómáin, an Spáinn agus an tSualainn.

Má thagann an tuar faoin tairngreacht sin beidh leath de na suíocháin sa pharlaimint nua ag feisirí nach mbaineann leis na trí pháirtí sa lár nó “an t-oll-chomhrialtas mór”.

D’fhágfadh torthaí dá leithéid go bhféadfadh an tromlach i bParlaimint na hEorpa a bheith ag comhrialtas ar an eite dheis idir daonlathaithe Críostaí, caomhaigh agus feisirí radacacha ar an eite dheis, den chéad uair riamh.

Deir an Chomhairle Eorpach um Ghnóthaí Eachtracha go mbeadh iarmhairtí suntasacha ag an ‘gcasadh géar seo ar dheis’ ar pholasaithe ag leibhéal na hEorpa. Meastar go mbeadh tionchar ar leith ag an athrú sin ar cheisteanna comhshaoil, mar gur dóichí go gcuirfeadh an tromlach sin in aghaidh bearta uaillmhianacha an Aontais Eorpaigh le tabhairt faoin athrú aeráide.

Bheadh tionchar ag an mborradh sin faoin eite dheis ar chúrsaí gnóthaí eachtracha agus d’fhéadfadh, mar shampla, go spreagfaí tacaíocht don Rúis.

Tá dul chun cinn mór á thuar do Féiniúlacht & Daonlathas, dream atá i bhfad amach ar an eite dheis agus 40 suíochán as 98 á lua leo, rud a d’fhágfadh go mbeidís ar an tríú grúpa is mó i bParlaimint na hEorpa. Meastar go mbeidh breis suíochán freisin ag an ngrúpa ar an eite dheis ‘Caomhaigh agus Leasaitheoirí Eorpacha’ (ECR).

D’ainneoin na dtuar sin, meastar go n-éireoidh leis na trí dhream pro-Eorpacha atá ann faoi láthair tromlach a chur i dtoll a chéile sa bParlaimint nua – Páirtí an Phobail Eorpaigh (EPP), Sóisialaigh & Daonlathaithe (S&D) agus Athnuachan Eorpach.

“Is dóigh linn go mbeidh an EPP fós ar an ngrúpa is mó sa bParlaimint, agus dá bharr sin gur acu is mó a bheidh an chumhacht leis an gclár oibre a shocrú, agus san áireamh ansin bheadh an té a roghnófar mar uachtarán ar an gcéad Choimisiún eile,” a dúirt Simon Hix, ollamh le polaitíocht chomparáideach in Institiúid Ollscoil na hEorpa, duine den dream a rinne an taighde.

Tá an taighde bunaithe ar na pobalbhreitheanna is déanaí a rinneadh i ngach ballstát de chuid an Aontais agus cuireadh samhail staitistice den chaoi ar éirigh le páirtithe náisiúnta sna toghcháin Eorpach go dtí seo i bhfeidhm ar na torthaí.

Fág freagra ar 'Pobalóirí frithEorpacha is mó a gheobhaidh vótaí i naoi mballstát – tuar'

  • Mac

    Chaill na pobalóirí frithEorpacha sa Pholainn an toghchán náisiúnta anuraidh agus ni bhuafaidh siad an toghchán na bliana seo i Mí an Mheithimh. Is é sin cinnte. Is féidir libh ceann de na ballstáit a bhaint den teideal.

  • Pró-Eorpach

    (Suimiúil nach bhfuil aon ainm leis an alt seo thuas.)

    Téarmaíocht chlaonta is ea “frith-Eorpach” sa chomhthéacs seo. Cuirtear in iúl don léitheoir gurb ionann bheith “frith-AE” agus bheith frith-Eorpach, nach féidir bheith ar son na hEorpa gan bheith ar son an Aontais Eorpaigh; nach féidir aon todhchaí a shamhlú don Eoraip lasmuigh den AE. Tá dearcthaí réasúnta, bailí, eile ann ar chóir do nuachtán mar Tuairisc.ie a gceart a thabhairt dóibh.

    Tá an tAontas Eorpach imithe ar seachrán ó fhís na mbunaitheoirí.

    Nach minic a chualamar gurbh é an Comhphobal / an tAontas an t-aon dóigh lena chinntiú nach dtarlódh cogadh arís idir na cumhachtaí móra Eorpacha. Ach ní rómhinic a mhínítear a bhuntábhacht sin. Ba lenár leas eanamaíoch é agus ba lenár leas daonnúil é – ba mhian linn an rath eacnamaíoch a chur chun cinn agus ba mhian linn a chinntiú nach bhfaigheadh na milliúin Eorpach bás i gcogadh choíche arís. Ba iad sin na fíorchuspóirí; agus tá an caidreamh síochánta comhoibríoch idir náisiúin agus bhloic pholaitiúla riachtanach leis na cuspóirí sin a bhaint amach, agus áirím air sin ní hamháin an caidreamh inmhéanach san Eoraip ach an caidreamh le náisiúin agus bloic lasmuigh di i ngach cearn den domhan.

    Rinneadh dul chun cinn measartha faoi cheannaireacht na státairí móra – ní chreidfeá inniu é, ach bhí a leithéidí san AE tráth! Ach le tamall de bhlianta anuas, táthar ag ligean do pharadacsa polaitiúil teacht chun cinn san Eoraip agus dul i neart – an paradacsa idir, ar thaobh amháin, bheith ag iarraidh an tsíocháin a chur chun cinn san Eoraip agus i gcomharsanacht na hEorpa agus, ar thaobh eile, bheith ag ligean do ECAT (NATO/OTAN) a cumhacht a leathnú san Eoraip agus soir isteach go béal an dorais ag an Rúis, agus an leathnú sin á thiomáint ag polasaí seachtrach Stáit Aontaithe Mheiriceá. Agus ar ndóigh coinníodh an Rúis amuigh san fhuacht ar feadh an ama sin, fiú i ndiaidh Leagan an Bhalla. Níor tapaíodh an iliomad deiseanna ó shin le cairdeas a bhunú leis an Rúis. Ligeadh do SAM coup a thionscnamh san Úcráin in 2014. As sin a tháinig.

    Níl aon fhir na mná móra stáit againn níos mó. Is iad na hamhais atá i mbun ceannaireachta le tamall – bréagdhaonlathaithe nach bhfuil aon fhís acu ach leas a cabal féin.

    Sea, bhí seachaint an ollsléachta ar Eorpaigh ar cheann de phríomhchuspóirí bhunaitheoirí an Chomhphobail. Ach faoi cheannaireacht na n-amhas, tá an AE á shuíomh féin in aon champa le ‘cumhachtaí an Iarthair’ agus ag gluaiseacht go cinnte seasta ionsar ollsléacht domhanda nach spárálfaidh Eorpaigh ná Áisigh ná Meiriceánaigh ná dream ar bith.

    Tá sean-Eoraip na gCoilíneoirí ag fáil greim arís ar aigne pholaitiúil an AE. Tá fís na mbunaitheoirí curtha i leataoibh.

    Tá na hamhascheannairí ina dtost faoi chinedhíothú na bPalaistíneach, agus iad san am chéanna ag fearadh arm agus airgid go fras ar an Úcráin. Tá consensus neamhdhaonlathach idir bhaill an cabal go bhfuil siad ag gabháil a thaobhú leis an Iarthar sa choimhlint mhór dhomhanda atá an Foréigneoir Mór (SAM) a ghríosadh. Agus maithfidh an AE a chuid tromchoiriúlachta do Iosrael mar ‘go bhfuil Iosrael ar thaobh an Iarthair agus ag seasamh an fhóid in aghaidh na mBarbarach’ – meon na seanchoilíneoirí Eorpacha agus a n-oidhrí sna mac-choilíneachtaí neamhspleácha (SAM, an Astráil etc).

    Fiafraítear arís cé hiad na frith-Eorpaigh!

  • WTF

    Bun is barr na fírinne ansin ag Pró-Eorpach agus é ráite go feillebhinn aige/aici.