Míshástacht le polasaí Gaeilge an Stáit agus ceapachán McHugh

Pobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown - Creideann formhór an phobail nach bhfuil dóthain á dhéanamh ag an Stát don Ghaeilge agus go ndearna an Taoiseach botún Joe McHugh a cheapadh mar Aire na Gaeltachta.

An Taoiseach, Enda Kenny, agus an tAire Stáit Joe McHugh. Pictiúr: Photocall Ireland

Dar le triúr as gach cúigear go mba chóir don Stát níos mó a dhéanamh ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge, agus creideann an méid céanna daoine gur bhotún ag an Taoiseach é Joe McHugh a cheapadh mar Aire Stáit na Gaeltachta.

I bhfianaise pobalbhreith náisiúnta a rinne an comhlacht Millward Brown ar son Tuairisc.ie, creideann formhór de mhuintir na hÉireann nach bhfuil dóthain á déanamh ag an Stát don Ghaeilge.

Bhí 62% de rannpháirtithe na pobalbhreithe den tuairim gur cheart don Stát níos mó a dhéanamh ar son na teanga.

Dúirt beagnach an céatadán céanna (61%) de dhaoine nár chóir don Taoiseach Enda Kenny duine a cheapadh mar Aire na Gaeltachta nach raibh líofacht sa Ghaeilge aige.

Dúirt 20% de na rannpháirtithe nach botún a bhí ann.

Bhí 19% de na daoine a ceistíodh nár nocht tuairim nó a bhí idir dhá chomhairle faoin scéal.

Bhain conspóid le ceapachán Joe McHugh mar Aire na Gaeltachta toisc nach raibh líofacht sa teanga aige.

Nuair a ceapadh é i mí Iúil, d’fhógair an tAire Stáit go mbeadh sé ag dul ar ‘aistear foghlama’ agus thug sé seachtain ar chúrsa Gaeilge i dTír Chonaill chun tús a chur leis an aistear sin.


 

Tuairisc Pobalbhreith 2


 

Daoine idir 35-44 bliain d’aois (70%) agus daoine os cionn 65 bliain d’aois is mó a chreideann go ndearna an Taoiseach dearúd duine nach raibh líofa sa Ghaeilge a cheapadh mar Aire Gaeltachta.

Muimhnigh is mó (68%) a fuair locht ar an Taoiseach as ardú céime a thabhairt do McHugh mar Aire Stáit na Gaeltachta.

B’iad pobal Bhaile Átha Cliath (31%) is mó a dúirt nár bhotún é ag Enda Kenny fear nach raibh líofa sa Ghaeilge a cheapadh.

Bhí beagán níos mó tacaíochta ná an meán ag an Taoiseach ó dhaoine idir 18-25 bliain d’aois (25%).
24% de na daoine is fearr as (ABs) a thacaigh le cinneadh an Taoisigh.

Maidir le tacaíocht an Stáit do chur chun cinn na Gaeilge, is iad daoine os cionn 55 bliain d’aois agus daoine atá ina gconaí i gcúige Mumhan, Uladh agus Connacht is mó a chreideann gur chóir níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge.

Thug 21% dóibh siúd a ceistíodh le fios gur mheas siad nár cheart don Stát iarracht níos mó a dhéanamh ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge.
Bhí 17% de na daoine a ceistíodh nár nocht tuairim nó a bhí idir dhá chomhairle faoin scéal.

Níor thug ach 20% den phobal le fios go raibh dóthain á déanamh ag an Stát ar son na Gaeilge.


 

Tuairisc Pobalbhreith 3


 

Ag tús na míosa a chríochnaigh an obair thaighde do phobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown. Rinneadh an phobalbhreith le sampla de dhaoine fásta a bhí ionadaíoch den 3.43 milliún duine ó dheas atá 18 mbliana d’aois agus níos sine. Cuireadh agallamh pearsanta ar na rannpháirtithe sa bhaile in 66 áit samplála ar fud Phoblacht na hÉireann. +/-3.1% an lamháil earráide don phobalbhreith seo.