Pobal Chléire ag iarraidh ar chainteoirí Gaeilge teacht chun cónaí ina measc

Beidh dhá theach ar fáil ar Oileán Chléire ar cíos fadtéarmach do theaghlaigh a bhfuil an Ghaeilge mar theanga an tí acu

Pobal Chléire ag iarraidh ar chainteoirí Gaeilge teacht chun cónaí ina measc

Pictiur: Ludovic Péron - CC BY-SA 3.0, https://commons.wikimedia.org/w/index.php?curid=15916722

Tá pobal Chléire i gCorcaigh ag iarraidh ar theaghlaigh a bhfuil an Ghaeilge mar theanga an tí acu teacht chuig a n-oileán beag Gaeltachta agus triail a bhaint as ‘Beatha Oileánach’.

Beidh dhá theach ar fáil, a bhuí leis an scéim ‘Croí Cónaithe’, ón mhí seo chugainn ar cíos fadtéarmach do theaghlaigh a bhfuil páistí in aois bunscoile acu. Deir Comharchumann Chléire, an eagraíochta forbartha pobail atá ag reáchtáil na scéime san oileán Gaeltachta, go dtabharfar “tús áite” do theaghlaigh óga a bhfuil Gaeilge acu.

Tá an Comharchumann agus úinéirí tí san oileán, atá amach ó chósta theas Chorcaí, ag obair as lámha a chéile le leas a bhaint as na deontais tithíochta atá ar fáil mar chuid de straitéis an rialtais “pobail bheo bhríomhara a chruthú ar na hoileáin amach ó chósta na hÉireann”.

Deir an Comharchumann gurb é an “príomhchuspóir” atá ag an eagraíocht “saol an phobail” san oileán a chaomhnú, agus go bhfuil iarrachtaí leanúnacha ar bun acu teaghlaigh nua a mhealladh isteach ón mórthír le dul i ngleic leis an laghdú daonra atá ag tarlú ansin le tamall. Tá sé tábhachtach, dar leo, teaghlaigh óga a thabhairt isteach le nach ndúnfaí an bhunscoil Ghaeltachta atá ar an oileán.

“Bhog ár mbainisteoir reatha, Kevin McCann, go dtí an t-oileán sna 1990idí lena theaghlach trí fheachtas den sórt sin. Is é Cléire an t-oileán Gaeltachta is faide ó dheas, agus tá pobal éagsúil thart ar chéad duine ina gcónaí ann, pobal a mhéadaíonn i rith an tsamhraidh nuair a thagann scoláirí ó choláiste teanga agus ó gach cearn d’Éirinn agus den domhan,” a dúirt urlabhraí de chuid an Chomharchumainn.

Maíonn siad go bhfuil “muintearas an phobail láidir” san oileán agus go bhfuil go leor grúpaí gníomhacha ann ó cheann ceann na bliana a gcuirfeadh daoine a bhogfadh chun an oileáin spéis iontu.

Tá an t-oileán Gaeltachta tuairim is trí cheathrú uaire, ar bhád farantóireachta, ó bhaile Dhún na Séad in iarthar Chorcaí. Tá seirbhís rialta bád ann agus tagann méadú ar mhinicíocht na dturas i rith an tsamhraidh.

Deir an Comharchumann go bhfuil siad ag iarraidh ar theaghlaigh óga le Gaeilge “triail a bhaint as an mbeatha oileánach, ceangal a dhéanamh leis an dúlra agus cuidiú leis an bpobal athrú chun feabhais”.

Reáchtáladh scéimeanna mar seo cheana féin i gceantair Ghaeltachta eile. Mealladh roinnt teaghlach go hInis Meáin i gcontae na Gaillimhe cheana, agus bhí scéim eile mar é in Iorras Aithneach le gairid. Tá pobal beag Gaeltachta i ndeisceart Mhaigh Eo ag iarraidh teaghlaigh a aimsiú a chuirfidh le líon na ngasúr atá ar an scoil bheag Ghaeltachta ansin i láthair na huaire freisin.

Fág freagra ar 'Pobal Chléire ag iarraidh ar chainteoirí Gaeilge teacht chun cónaí ina measc'