Plúr na staraithe náisiúnta agus áitiúla i sraith léachtaí ó Chorca Dhuibhne

‘Cora cinniúnacha i stair na hÉireann agus a rian ar Chorca Dhuibhne’ is téama do shraith 12 léacht atá á reáchtáil ag Dún Chíomháin, Ionad Gaeltachta Choláiste na hOllscoile Corcaigh

Plúr na staraithe náisiúnta agus áitiúla i sraith léachtaí ó Chorca Dhuibhne

Gheofar léargas ar stair Chorca Dhuibhne ó phlúr na staraithe náisiúnta agus áitiúla i sraith léachtaí a gcuirfear tús léi amárach.

‘Cora cinniúnacha i stair na hÉireann agus a rian ar Chorca Dhuibhne’ is téama don tsraith atá á reáchtáil ag Dún Chíomháin, Ionad Gaeltachta Choláiste na hOllscoile Corcaigh, agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Ar líne a chuirfear tús istoíche amárach leis na tsraith 12 léacht ach táthar ag súil go mbeidh cead ag daoine freastal ar léachtaí i nDún Chíomháin i mBaile an Fheirtéaraigh roimh dheireadh na sraithe mí na Nollag.

An tOllamh Dáibhí Ó Cróinín a chuirfidh tús leis an tsraith amárach agus teacht na Críostaíochta sa chúigiú haois faoi chaibidil aige.

Idir sin agus an 9 Nollaig leanfar conair na staire gach seachtain nó go mbainfear amach an bhliain 1921 agus díospóireacht an Chonartha.

Cormac Ó Comhraí, a thabharfaidh an léacht sin ‘An Díospóireacht faoi Chonradh 1921 sa Dáil agus i gCiarraí’ agus cloisfear le linn na sraithe ó staraithe agus údair éagsúla, ina measc an Comhollamh Meidhbhín Ní Úrdail, an tOllamh Alan Titley agus an Dr Mary Harris.

An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh agus an tOllamh Pádraig Ó Macháin a chuir comhairle ar lucht eagraithe na sraithe. Ag caint ar an tsraith seo, dúirt an tOllamh Ó Macháin go bhfuil Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, an-sásta an tsraith léachtaí seo a chur ar fáil i mbliana.

“Cúis áthais faoi leith is ea é gur ó Dhún Chíomháin, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, a bheidh na léachtaí á gcraoladh. Táim an-bhuíoch go deo do na cainteoirí go léir a thoiligh go fonnmhar páirt a ghlacadh sa tsraith seo agus a gcuid saineolais a roinnt linn” a dúirt sé.

Is féidir clárú do na léachtaí anseo.

Fág freagra ar 'Plúr na staraithe náisiúnta agus áitiúla i sraith léachtaí ó Chorca Dhuibhne'