Pléisiúr le baint i gcónaí as guth soiléir líofa amh paiseanta an Chadhnaigh

Moltar sa mhír seo leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus d’aimhleasa. An babhta seo dhá leabhar faoi Mháirtín Ó Catháin

Pléisiúr le baint i gcónaí as guth soiléir líofa amh paiseanta an Chadhnaigh

Is maith agus is iontach go bhfuil leabhair ag teacht chugainn i gcónaí mar gheall ar Mháirtín Ó Cadhain, breis agus leathchéad bliain tar éis a bháis. Beidh spéis i gcónaí ag léitheoirí na Gaeilge i rud ar bith a scríobh sé, nó go deimhin ar na díospóireachtaí faoina shaol is a theagasc. Bhí ócáidí comórtha éagsúla ann anuraidh ach b’éigean a bhformhór a chur ar líne, nó ar zúm, nó ar athló de dheasca na paindéime.

Chuige sin, cuirfear fáilte mhór chroíúil roimh Léachtaí Uí Chadhain: mórchnuasach in ómós do Mháirtín Ó Cadhain (1906-1970) in eagar ag Liam Mac Amhlaigh agus Caoimhín Mac Giolla Léith (Cló g.p.).  Is é atá ann téacs na léachtaí bliantúla a tugadh mar chuimhne air in UCD ó 1980 go dtí 2017. Toisc gur leabhar chomh huileghabhálach leathan iltoiseach é agus nach mór 700 leathanach de théacs ann níl fúm anseo faoi láthair ach é a lua, agus comhghairdeachas a dhéanamh leis na heagarthóirí agus leis na foilsitheoirí nua seo Cló as ucht saothar chomh slachtmhar luachmhar léannta a chur ar fáil. Ná cuireadh sin as don ‘ghnáthléitheoir’, áfach, mar is mar léachtaí don phobal a tugadh an t-ábhar, agus mar sin, is stíl chainteach shothuisceanach a chleachtaítear siar amach.

Leabhar níos inláimhsithe go mór is ea Cumadóireacht Uí Chadhain (Leabhar Breac €24) in eagar ag Mícheál Briody agus ag Máirín Nic Eoin. Is é atá anseo trí cinn de cháipéisí a roghnaíodh as páipéir Uí Chadhain atá i seilbh Choláiste na Tríonóide agus a bhfuil teacht ag scoláirí orthu anois. Aistí nó scripteanna cainte atá sna trí pháipéar seo, ceann acu ar dréachtábhar é faoin gceapadóireacht, ceann eile a bhfuil an teideal dúshlánach ‘Gur i gcathracha amháin is féidir litríocht a chumadh’, agus an aiste is substaintiúla díobh a bhfuil ‘Cumadóireacht’ air.

Is é is sárchéimí fúthu seo ná go bhfaighimid guth soiléir líofa amh paiseanta an Chadhnaigh iontu, tuairimí á spréáil amach aige clé agus deas, an díocas fuinniúil sin i ngach aon abairt dá chuid, an fiuchadh sa phrós, an guairneán aigne faoi lánseol. Ina choinne sin, tá an chéad aiste díobh faoin gceapadóireacht agus faoin scríbhneoireacht stuama go maith. Tosnaíonn ar bhogshodar ina dhiaidh sin nuair a áitíonn sé nach bhféadfadh duine nár fhág an tuath ariamh ‘aon cheo den rath a scríobh’ agus gur sna bailte móra amháin atá ‘an t-aon phreabadh, an t-aon spreagadh intleachta dá bhfuil ann’. Ba cheart go gcuirfeadh sin as do go leor.

Ach is san tríú haiste uaidh is mó atá an bhlonag, lán de speach na cruthaitheachta inti féin. Sa léamh liom, agus le haon duine, beidh go leor le heasaontú leis ann, go háirithe nuair a agallaíonn sé nach dócha go mairfidh an scríbhneoireacht féin ‘thar an nglúin seo’, a ghlúin féin, agus go mbeidh deireadh le ‘leabhra agus le páipéir.’

D’airíomar an ceann sin cheana. Agus gur gearrscéalta is mó a bheidh in uachtar feasta i dtaobh is nach scríobhfar úrscéalta fada níos mó. Bhuel, A Suitable Boy, Wolf Hall, 2666 Roberto Bolano…Ach is dócha gurb é a bhí á thuar aige ná tábhacht na scannán, na teilifíse, na meán mar atá inniu. Is annamh a thugann foirm amháin bás chinn eile, is amhlaidh go gcuirtear claochlú i bhfeidhm orthu.

Is mó is inspéise, áfach, an léiriú a thugtar dúinn ar ghnéithe dá bheatha agus dá chuid scríbhneoireachta féin. Mar a aithníonn na heagarthóirí is samhalta an aiste seo le go leor dá bhfuil in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Is lán-ait linn gan puinn measa a bheith aige ar chuid de na scéalta atá i measc a chlasaicí féin dar leis an aos critice. An léargas a thugann sé faoina chaidreamh leis an Irish Times, sílim go bhfuil seo nua ar fad, seachas b’fhéidir go bhfuil ‘faitíos orthu roimh an dlí’! Ghearán sé saol na hollscoile toisc ‘i bhfad níos mó oibre’ a bheith le déanamh ag léachtóirí ná mar a shíltear – agus b’eo roimh réimeas na maorlathach agus lucht bhoscaí a thiceáil agus tuarascálacha gan teorainn.

Is iomaí sin cloigeann a caitheadh le tochas d’fhonn míniú a fháil ar cad ina thaobh a bhfuil na sleachta bladhmannacha Stoc na Cille sin in Cré na Cille. An-simplí, mar a bhíonn go minic: ‘…b’éigean dom rud eicínt a dhéanamh leis na headarlúidí a roinnt ó chéile’.

Tá cara liom ar fearr leis fonótaí a léamh i leabhair éagsúla seachas an téacs féin. Ní mar sin don leabhar seo, gan amhras, ach cuid dhílis den saothar is ea na nótaí cúil atá cnuasta le chéile sa leath dheiridh den insint. Ar éigean go bhfaca mé riamh nótaí léirmhínithe chomh hiomlán chomh beacht leo. Is geall le leabhar iontu féin iad. Ach, cé go dtagraíonn siad don phríomhthéacs ina lán cruinn, is geall le haistí gearra cuid acu ina gcáilíochtaí féin. An té ar mhaith leis léargas domhain agus leathan a fháil ar dhálaí saoil an Chadhnaigh, ar imeachtaí na Gaeilge lena linn, fara cur amach a fháil ar na scríbhneoirí éagsúla sin a raibh gean aige orthu, ní fearr rud a dhéanfadh sé ná iad seo a léamh mar shleachta faisnéise agus eolais astu féin.

Má bhain siad allas as na heagarthóirí a bhfuil saothar den scoth curtha ar fáil acu, is móide ár bpléisiúr an t-allas sin.

Fág freagra ar 'Pléisiúr le baint i gcónaí as guth soiléir líofa amh paiseanta an Chadhnaigh'