Pléisiúr aonair ar chúl bád pléisiúir

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ní ábhar í an ghlacaireacht aonair atá an-choitianta sa litríocht, ach tá cúis eile leis sin seachas an teir atá uirthi, a mheasann ár gcolúnaí 

Pléisiúr aonair ar chúl bád pléisiúir

Sna bólaí seo in iarthuaisceart na hEorpa, tarlaíonn rudaí aisteacha ar an gcéad lá te sa bhliain. 

Déantar dearmad ar rialacha, ligtear béasa le sruth. 

Tháinig an teas aniar aduaidh orm féin agus ar chara de mo chuid freisin, go mórmhór ó ba rud é go raibh na chéad trí seachtainí de mhí an Mheithimh chomh fliuch gruama sin. Bhí siúlóid fhada beartaithe againn trí cheantar bogaigh an Biesbosch, leathuair an chloig soir ó dheas as cathair Rotterdam san Ísiltír, ach rinne muid dearmad ar an uachtar gréine agus bhí orainn cloí leis na cosáin tríd na coillte móra sailí seachas na cinn tríd an mbogach oscailte. 

Ach ní dhearna muid dearmad ar bhonnóga cuiríní, ar úlla agus ar bhuidéil uisce agus leathbhealach tríd an tsiúlóid shuigh muid síos, faoi scáth chrann sailí silte, ar bhinse adhmaid ar bhruacha ceann de na céadta cuasa sa Biesbosch, atá ar an gceantar taoide fionnuisce is mó san Eoraip.  

Bhí súil againn go bhfeicfeadh muid béabhar – tá siad coitianta go leor san áit – ach chonaic muid rud eile ar fad. 

Bhí an ghrian ag scoilteadh gach cliché agus mar bharr ar an ádh Domhnach a bhí ann; bhí na scórtha, ní hea, na céadta bád pléisiúir ag dul siar is aniar ar an gcuas. Shílfeá go raibh carnabhal uisce ar siúl. 

Bhí bád amháin ar ancaire thart ar cheithre nó cúig mhéadar ón mbinse ar a raibh muid inár suí agus ar an mbád sin bhí seisear leaids óga ag déanamh bolg le gréin, gan orthu ach a gcuid fo-éadaí. I ndeireadh na ndéaga nó i dtús na bhfichidí a bhí siad, bhí craiceann bán agus gruaig fhionn ar chuile dhuine acu agus murach gurb í an cara a bhí i mo chuideachta an t-aon bhean lena raibh caidreamh agam riamh (más féidir é sin a thabhairt ar chúpla póg sa chéad bhliain ar an ollscoil nuair nach raibh mo chlaonadh gnéis oibrithe amach agam go hoifigiúil go fóill), murach gurb í an cara sin agus an stair sin eadrainn a bhí i mo chuideachta, is cinnte go ndéarfainn rud éigin faoin gcuma shlachtmhar a bhí ar na leaids.  

Pé scéal é, shocraigh duine de na leaids sin – bhí fobhríste uaine Björn Borg air – shocraigh an stócach sin luí siar ar chúl na deice chun bolg le gréin a dhéanamh ansin leis féin, seachas i gcomhluadar na leaids eile i lár an bháid. 

Ní bád mór a bhí inti, ní raibh idir an stócach sin agus na leaids eile ach méadar go leith ar a mhéad. Agus cé go raibh géaga na sailí silte idir mé féin agus mo chara agus an bád ní fhéadfadh sé nár chuala an leaid ar chúl na deice ár nglórtha, bhí muid chomh gar sin dó, agus lena chois sin bhí sé ina anonn is anall de chanúnna agus cadhcanna ar an gcuas. Ach chuir an leaid a dhá lámh isteach san fhobhríste uaine sin agus thosaigh sé ag spraoi leis féin. 

Ní raibh mórán i gceist. Cuimilt bhoise an bealach sin, cuimilt bhoise an bealach siúd, agus ansin chuirfeadh sé a dhá lámh taobh thiar dá cheann agus d’fhágfadh imlíne a adhairce ar taispeáint faoin éadach uaine agus faoi ghile na gréine ar feadh tamaill sula dtosaíodh sé ag spraoi leis féin arís.  

Féintruailliú a thugtaí ar sin sna foclóirí fadó ach féinghrá a thabharfainnse air, an leaid go hiomlán ar a sháimhín só agus ar a shuaimhneas leis féin – ach, ag an am céanna, ar a shuaimhneas lena chuid cairde agus go deimhin leis an saol mór ag dul anonn is anall i gcanúnna ina thimpeall agus ag ithe bonnóg agus úll ar an mbruach. Agus cé go raibh cogar iontais nó dhó ag lucht ite na mbonnóg agus na n-úll ní raibh aon liúnna nó gártha gáire ag an gcúigear eile sa bhád, cé nach bhféadfadh sé nach bhfaca siad féin a raibh ar siúl ar chúl na deice. 

Léim an leaid isteach san uisce tar éis tamaill, bhí deireadh leis na bonnóga agus na húlla agus lean mé féin agus mo chara orainn ag siúl, ach níor fhág an radharc sin mo chuid smaointe ó shin. Ní ar an gcúis a rithfeadh leat, b’fhéidir, ach ar chúis eile: cén chaoi a bhféadfaí gearrscéal a bhaint as?  

Rith sé liom agus mo mhachnamh á dhéanamh agam faoin gceist sin nár léigh mé riamh ach scéal amháin ina bhfuil an féinsásamh lárnach, bean ag baint sult as a colainn féin sa chás sin, an scéal The Metal Bowl leis an údar as Meiriceá, Miranda July. Spéisiúil go leor, taispeántas poiblí a bhí i gceist sa scéal sin freisin: bhí scannán pornagrafaíochta á thaifeadadh agus ag an mbean a bhí á sásamh féin a bhí an phríomhpháirt – bhuel, an t-aon pháirt amháin. Agus b’fhéidir gurb é sin, anuas ar an teir atá ar chúrsaí féinghrá a phlé go poiblí, an chúis nach scríobhtar mórán scéalta faoin nglacaireacht aonair: ag deireadh an lae, bíonn níos mó ná carachtar amháin ag teastáil ó scéal. 

Fág freagra ar 'Pléisiúr aonair ar chúl bád pléisiúir'

  • JP

    “Déanann sé a chníopaireacht féin,” arsa X liom agus é ag tagairt d’fhear eile a mbíodh sé de theist air an cúram céanna a bheith idir lámha (…ahem) aige.

  • Dónall Mór Mac Billings

    Nach méanar don mheánaicme caipitileach agus saol an mhadaidh bhán acu agus an chuid eile againn ag snámh in aghaidh easa sa sochaí seo bunaithe ar láimhseál na boilsithe do lucht an rachmais agus brabuis !!!