Eachtraí Asail
Leagan Gaeilge le Domhnall Ó Cearbhaill
Nollaig Mac Congáil a chuir in eagar
Ealaín le Pauline Bewick
Arlen House, Clúdach bog, €15.00
Úrscéal morálta é Mémoires d’un Àne ón naoú haois déag a aistríodh, leabhar a raibh ráchairt mhór air i dteangacha éagsúla ar feadh na mbliana fada. D’aistrigh Domhnall Ó Cearbhaill (1891–1963) an leabhar ón bhFraincis sna 1920idí ach níor foilsíodh go dtí seo é.
Tá aiste chuimsitheach scríofa mar réamhrá do Eachtraí Asail ag an eagarthóir Nollaig Mac Congáil ina ndéanann sé cur síos ar an stair a bhaineann leis an aistriúchán. Insíonn sé freisin faoin aistritheoir féin, Domhnall Ó Cearbhaill, a bhí gníomhach i scéim aistriúcháin An Gúm sna 1920idí agus 1930idí.
Chuir An Gúm scéim an aistriúcháin ar bun i ndeireadh na 1920idí agus é d’aidhm aici litríocht ó theangacha na hEorpa a aistriú go Gaeilge in iarracht tionchar an ghalldaithe a dhíbirt as an bpobal léitheoireachta.
Foilsíodh a aistriúchán ar Eachtraí Asail mar shraithscéal san Irish Weekly Independent gach seachtain ar feadh 45 seachtain ó thús mhí Lúnasa 1931 go dtí deireadh mhí an Mheithimh 1932. Foilsíodh aistriúcháin eile a rinne Ó Cearbhaill mar shraithscéalta freisin agus tá cur síos orthu sin freisin san aiste ag Mac Congáil. Sinbead Siúlach ceann acu, a foilsíodh sa bpáipéar céanna ar feadh 24 seachtain ó 9 Nollaig 1939 go 25 Bealtaine, 1940.
Chreid Ó Cearbhaill go láidir sa scéim aistriúcháin agus tá athchló déanta sa réamhrá ar aiste leis a cuireadh i gcló sa Sunday Independent i 1922 inar chuir sé a dhearcadh maidir le buntáistí an aistriúcháin i láthair.
Más áil linn teanga liteartha a dhéanamh den Ghaeilge ní mór seoda litríochta an domhain a aistriú i dtreo is go mbeidh an teanga sin [bonn ar bhonn] le teangacha eile, i dtreo is go dtuigfidh Gaeilgeoirí is scríbhneoirí Gaeilge cad is litríocht ann is go ndéanfar gníomh dá réir.
Úrscéal moráltachta atá i Eachtraí Asail a airíonn rómhoráltaíoch agus siúcrúil in amanna, ach ní mór é a léamh i gcomhthéacs na tréimhse lena mbaineann sé. Foilsíodh an scéal den chéad uair am éigin idir 1857 agus 1872, agus sna 1920idí a rinneadh an t-aistriúchán Gaeilge air.
Tá sé scríofa i stíl scríbhneoireachta a bhí coitianta sa litríocht do pháistí ag an tráth sin agus nósanna iompair ar leith á chur chun cinn ann.
Leabhar é atá éasca agus taitneamhach le léamh agus rithim agus sruth maith leis. Tá an tAsal atá i lár an scéil ina charachtar láidir agus tugann an scéal léargas ar shaol an ghnáthdhuine sa bhFrainc sna 1800idí.
Luíonn Eachtraí Asail leis an seánra céanna le leabhair ar nós Black Beauty, The Call of the Wild agus, War Horse. Bíonn an-tóir ag léitheoirí óga ar na clasaicí sin i gcónaí agus tá go leor de na buanna céanna atá ag na leabhair sin in Eachtraí Asail.
Short Stories of Padraic Pearse: a dual-language book
Clúdach le John Skelton
Cló Mercier
Clúdach bog, €14.00
Athchló atá anseo ar aistriúchán le Desmond Maguire a foilsíodh den chéad uair sa mbliain 1968. Tá an leabhar ag teacht sna sála ar roinnt aistriúcháin eile atá déanta ag Cló Mercier le deireanas ar leabhair Ghaeilge, Cith Is Dealán agus Caisleáin Óir le Séamus Ó Grianna ina measc.
Tá an cur chuige céanna in úsáid in Short Stories of Padraic Pearse – a dual-language book agus a úsáideadh sna hathchlónna atá luaite thuas, is é sin ná go bhfuil athchló déanta ar an mbunleagan den leabhar gan aon athrú follasach a bheith déanta air.
Cuireadh leagan den leabhar ar fáil go digiteach sa mbliain 2023 do sheirbhísí priontáil-ar-éileamh agus cuireadh an leagan clóite ar fáil le deireanas. Ag léamh an bhlúirín ar chúl an leabhair, a fágadh mar bhí ar an mbunleagan, thuigfeá gur foilsíodh an leabhar den chéad uair mar gheall ar chomóradh 50 bliain ó Éirí Amach na Cásca i 1966.
Is iad na scéalta atá san áireamh sa gcnuasach ná ’Íosagán’, ‘Eoghainín na nÉan’, ‘Na Bóithre’, ‘An Dearg-Daol’, agus ‘An Bhean Chaointe’. Tógadh iad ó na cnuasaigh Íosagán agus Sgéalta Eile (1907) agus An Mháthair (1915). Ó thaobh leagan amach, tá téacs an bhunleagain i nGaeilge ar leathanach amháin agus an t-aistriúchán i mBéarla trasna uaidh ar an gcéad leathanach eile.
Oibríonn an cur chuige seo go maith do dhaoine a bheadh ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge nó don té a bheadh in ann an bunleagan a léamh ach a bheadh ag iarraidh corrfhocal a sheiceáil anseo is ansiúd sa leagan i mBéarla. An t-aon locht atá ar na leaganacha i mBéarla ná go bhfuil blas seanfhaiseanta ar an teanga atá in úsáid iontu.
B’fhéidir go gcuirfeadh sé iontas ar léitheoirí an lae inniu go bhfuil an dialóg atá sna bunleaganacha Gaeilge sa leabhar an-chosúil le caint a chloisfeá fós, cé go bhfuil os cionn 100 bliain caite ó foilsíodh na scéalta seo den chéad uair. Cé’s moite de chorrfhocal nó leagan cainte anseo is ansiúd, tá an chaint dhíreach atá in úsáid sa leabhar an-ghar do chaint na ndaoine i nGaeltacht Chonamara sa lá atá inniu ann.
Chaith an Piarsach go leor ama i Ros Muc agus bhunaigh sé cuid de na scéalta i leagan ficseanúil den cheantar. Tharraing sé ar chaint na ndaoine ina chuid scéalta agus cuireann an chaint dhíreach seo go mór leo agus cuireann brí agus beocht iontu.
Scéalta iad seo a bhí dírithe ar dhaoine óga nuair a foilsíodh ar dtús iad. Cá bhfuil na daoine óga a léifeadh scéalta an Phiarsaigh le fáil inniu? Bhítí á léamh sna bunscoileanna ar fud na tíre i lár an chéid seo caite, suas go dtí na 1980idí in áiteanna. An bhfuil siad á léamh in aon bhunscoil níos mó? Corrcheann anseo is ansiúd, seans.
Cé go bhfuil an saol a bhfuil cur síos air sna scéalta seo imithe anois, má b’ann dó riamh, is fiú i gcónaí do dhaoine óga iad a léamh agus do dhaoine fásta filleadh orthu. Ní de ghrá an mhaoithneachais amháin, ach mar shamplaí de chlasaicí i luathlitríocht chomhaimseartha na Gaeilge, agus le súil isteach a fháil ar an bhfealsúnacht a spreag na scéalta is a bhí fite fuaite iontu.
Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)
An-suimiúil ar fad :-) . Cheannaigh mo mháthair leabhar an Phiarsaigh dom ar mo bhreithlá sa mbliain 1993 – thaithin sé liom 7 tá sé agam fós.
Colmcille Ó Monacháin
Aistríodh Black Beauty (An Scoth Dubh, a d’aistrigh Nioclás Tóibín) ach tá sí as cló. Aistríodh The Call of the Wild (Scairt an Dúthchais, a d’aistrigh Niall Ó Domhnaill) ach tá sí sin as cló fosta maille lena lán eile aistriúchán Gaeilge ar na clasaicí.
Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)
An-suimiúil ar fad! Fuair mé féin leabhar an Phiarsaigh mar bhronntanas ó mo mháthair sa mbliain 1993 7 mé 35 bliain d’aois :-) . 7 maidir leis an leabhar eile, nach é a bheadh maith dá ndéantaí scannán Gaeilge de, mar atá sa bhFraincis cheana!