Plean le fógairt chun deireadh a chur leis na srianta deireanacha ar an 22 Deireadh Fómhair

Ag tosú an tseachtain seo chugainn, is de réir a chéile a scaoilfear na srianta mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair

Plean le fógairt chun deireadh a chur leis na srianta deireanacha ar an 22 Deireadh Fómhair

Fógróidh an Taoiseach tráthnóna an plean le deireadh a chur leis na srianta deireanacha Covid-19, ag áireamh filleadh na n-oibrithe ar an ionad oibre. 

Pléifidh an Rialtas roimhe sin tráthnóna an plean d’athoscailt iomlán an stáit faoin 22 Deireadh Fómhair, plean a d’aontaigh an fochoiste Covid-19 inné. Tiocfaidh deireadh iomlán leis an srianta ar an 22 Deireadh Fómhair má bhíonn 90% de dhaoine lánvacsaínithe agus má bhíonn líon na gcásanna ag laghdú nó seasmhach an uair sin.

Ag tosú an tseachtain seo chugainn, is de réir a chéile a scaoilfear na srianta mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair.

Tosóidh daoine ag filleadh ar an ionad oibre ar an 20 Meán Fómhair agus beidh cead busanna agus traenacha a bheith lán arís an mhí chéanna.

Cuirfear le líon na ndaoine a bheidh ceadaithe ag ócáidí taobh amuigh ar an 6 Meán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair a thosófar ar chead isteach a thabhairt do dhaoine in áiteanna taobh istigh amhail clubanna oíche.

Ar an 6 Meán Fómhair freisin a cheadófar comaoineacha agus cóineartuithe arís.

Déarfar go gcuirfear béim sa phlean do dheireadh na géarchéime sláinte go mbeifear ag brath feasta ar dhaoine freagracht phearsanta a ghlacadh as an bpobal a choimeád slán agus beifear ag moladh go gcaithfí mascanna i gcónaí in áiteanna áirithe.

Rachaidh go leor den reachtaíocht éigeandála a tugadh isteach chun déileáil leis an bpaindéim in éag go luath agus níl sé gceist i a athnuachan.

Deireadh na géarchéime a fhógairt an sprioc atá anois ag an Rialtas, cé nach bhfuil sé i gceist sin a fhógairt go fóill.

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil sé i gceist scor na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí a fhógairt go luath.

An Roinn Sláinte a bheidh ag déileáil ina dhiaidh sin leis an Covid-19 agus caithfear leis an víreas mar ghnáthcheist sláinte poiblí.

Fág freagra ar 'Plean le fógairt chun deireadh a chur leis na srianta deireanacha ar an 22 Deireadh Fómhair'