Plé á dhéanamh faoi dheireadh a chur le cosc ar fhógraí tráchtála ar RnaG

Meastar gur gearr eile a mhairfidh an cosc ar fhógraí ar íocaíocht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, cosc atá ann ó bunaíodh an stáisiún 50 bliain ó shin

Plé á dhéanamh faoi dheireadh a chur le cosc ar fhógraí tráchtála ar RnaG

D’fhéadfadh go bhfuil deireadh i ndán don chosc ar fhógraí ar íocaíocht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tar éis 50 bliain.

Tá an t-athrú ar an bpolasaí atá ag an stáisiún ó bunaíodh é i 1972 á mheas mar gheall ar an dualgas reachtúil nua atá ar chomhlachtaí poiblí méid áirithe fógraí a chur i nGaeilge.

Faoin reachtaíocht teanga nua tá ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus 5% dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar fhógraí ar na meáin Ghaeilge.

An sainmhíniú atá sa reachtaíocht ar na meáin Ghaeilge ná meáin a bhfuil 50% ar a laghad den ábhar a bhíonn acu i nGaeilge amháin.

I nGaeilge amháin a bhíonn RnaG ag craoladh ach ní bheadh aon bhuntáiste aige as an reachtaíocht nua mura gcuirfí deireadh leis an gcosc ar fhógraíocht ar íocaíocht.

Dúirt urlabhraí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta le Tuairisc nach raibh aon chinneadh críochnúil déanta faoi cheist na fógraíochta.

“Bunaithe ar na leasaithe atá déanta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus mar go bhfuil RTÉ Raidió na Gaeltachta áirithe i measc na soláthróirí atá liostáilte in earnáil na Meán Ghaeilge, tá an stáisiún ag breathnú ar chúrsaí fógraíochta ach níl aon chinneadh déanta faoi go fóill,” a dúirt an t-urlabhraí.

Tuigtear do Tuairisc go bhfuil an scéal pléite ag lucht bainistíochta an stáisiúin agus gurb é is dóichí go mór ná go gcuirfear deireadh leis an gcosc ar fhógraí ar íocaíocht, cosc atá i bhfeidhm sa stáisiún ó thosaigh sé.

D’fhéadfadh nach mbeidh an oiread sin cur i gcoinne an athraithe ag daoine ó tharla gur cinneadh a bheadh ann buntáiste a bhaint as reachtaíocht a tugadh isteach chun a chinntiú nach mbeadh éagóir á déanamh ar phobal na Gaeilge ná ar na meáin Ghaeilge agus eolas poiblí á fhógairt ag comhlachtaí poiblí.

Ceist amháin a bheadh ann dá gcinnfí deireadh a chur leis an gcosc ná cá rachadh airgead na bhfógraí.

Is cinnte go mbeadh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag iarraidh aon teacht isteach breise a infheistiú sa tseirbhís féin seachas é a bheith ag dul isteach i mórchiste fógraíochta RTÉ.

Fág freagra ar 'Plé á dhéanamh faoi dheireadh a chur le cosc ar fhógraí tráchtála ar RnaG'

  • Cluain Sceach

    Ba mhór an trua é. Níl i bhfógráiocht dá leithéid ach saghas eile truailliú.

  • Seanán Ó Coistín

    Ar deireadh thiar thall!!

    Bhí sé míchéillí gan fógraí tráchtála a bheith ar Raidió na Gaeltachta. Cuireann sé cosc ar chruthaitheacht i nGaeilge a bhaineann le fógraí a dhearadh agus a léiriú. Cuireann sé cosc ar dhaoine le Gaeilge airgead a thuilleamh as fógraí a scríobh agus a léiriú. Cruthaíonn sé meon aisteach i measc phobal na Gaeilge nach féidir airgead a thuilleamh leis an nGaeilge agus nach bhfuil an Ghaeilge oiriúnach d’fhógraí gnó agus tráchtála. Is tomhaltóirí freisin iad pobal na Gaeltachta agus tá eolas de dhíth orthu chomh maith le daoine le Béarla faoi rudaí atá ag tarlú agus faoi rudaí ar féidir leo a cheannach.

    Táim ag súil go mór leis na fógraí ó hollmhargaí agus ó chuideachtaí gutháin a chloisteáil ar Raidió na Gaeltachta.

  • Liam

    Ní dhéarfainn go ndéanfadh comhluchtaí ar nós ollmhargaí fógraí i nGaeilinn ar an raidió, nuair nach ndéanann siad fógraí Gaeilinne do TG4. Fógraí stáit don chuid is mó a bheidh ann measaim. Thaitin an easpa fógraí liom, ach ní chuirfidís isteach orm ach oiread.

  • Brendan Keane

    Ní bhítear ag craoladh i Sacs-Béarla “Taobh Tuathail” théis 9 i.n. Anois beidh Sacs fite fuaite tríd an lae ag cur isteach ar Gaeilge agus ar cuspóir na meáin agus beidh seo gan beathnóireacht, gan giob nó geab i gcoinne toisc an sparán.

  • Seán Ó Riain

    Aontaím le Seanán. Thar am gné na tráchtála a fhorbairt i nGaeilge! Más mall, is mithid.

  • Seanán Ó Coistín

    A Bhreandáin,

    Níl údar imní agat. Sílim nach bhfuil sé ar intinn ag bainisteoirí Raidió na Gaeltachta fógraí Béarla a cheadú ar an aer. Sílim gur fhógraí tráchtála as Gaeilge a chraolfaí. Is rud maith é sin. Bheadh sé go maith don lucht éisteachta fógraí as Gaeilge a chloisteáil faoi na táirgí nua a bheidh le fáil in ollmhargaí agus araile. Mar a luaigh Seán Ó Riain, tá sé thar am gné na tráchtála a fhorbairt i nGaeilge!

    Má cheadófaí fógraí i mBéarla, ba cheart bata is bóthar a thabhairt do na dúramáin a cheadódh a leithéid.

  • Art

    A fhaid is nach fógraí i mBéarla ar nós TG4 a bheidh ann is cuma liom. Agus a fhaid go mbíonn éagsúlacht iontu agus nach mbeidh comhlachtaí stáit dár mbodhrú leis a bhfógra céanna ar feadh míonna nó blianta as a chéile ionas gur féidir leo bosca a ticeáil maidir lena ndualgais.