Pinsinéir gortaithe i dtimpiste ar stráice bóthair i gConamara atá ina údar imní le fada

Tá éileamh go gcoinneofaí súil níos géire ar luas thrácht an bhóthair ar an Sraith Salach mar ar gortaíodh fear atá ag bordáil ar thrí scór agus deich mbliana d’aois

Pinsinéir gortaithe i dtimpiste ar stráice bóthair i gConamara atá ina údar imní le fada

Is fada é ina imní faoi chúrsaí sábháilteachta bóthair ag an láthair ar an Sraith Salach i gConamara ar gortaíodh fear i dtimpiste ghluaisteáin ansin inné.

Tuigtear go raibh an fear, arb as ceantar an Chaisil i gConamara é, ina sheasamh gar don bhóthar taobh amuigh de Theach Ósta na Seoigeach nuair a bhuail an carr faoi. 

Anoir taobh na Gaillimhe a bhí an carr ag teacht.  Leagadh an fear, gortaíodh é agus tugadh go dtí Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh é. Pinsinéir é an fear atá ag bordáil ar thrí scór agus deich mbliana d’aois. Gabhadh tiománaí an chairr agus tugadh go stáisiún na nGardaí sa gClochán é. 

Ligeadh amach é níos deireanaí agus tá comhad á chur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoin eachtra.

Níl a fhios cén chúis go díreach a bhí leis an timpiste seo inné – theagmhaigh an carr do charr eile san eachtra freisin – agus tá na Gardaí i mbun fiosrúcháin i gcónaí.  Ach seachas eachtra seo an Déardaoin, tá daoine go síoraí ag déanamh imní faoin stráice seo bóthair ar an Sraith Salach.

Cuireadh teorainn luais 60 ciliméadar (40 míle san uair) i bhfeidhm ar an mbóthar seo riar blianta ó shin tar éis feachtas fada i gceantar Shraith Salach. 

Ach, agus ní bhaineann sé seo le himeachtaí an Déardaoin seo caite, is minic a thugtar faoi deara nach gcloítear beag ná mór leis an teorainn luais.   

Tá siopa, teach ósta, siopa ceardaíochta agus stór crua-earraí agus earraí talmhaíochta ag an láthair seo.  Bíonn plódú mór turasóirí thart ann ar uairibh sa samhradh.  Tá spás páirceála ar an taobh eile den bhóthar le taobh an locha agus bíonn daoine ag dul anonn agus anall trasna an bhóthair mhóir.

Níl aon chosúlacht ann go gcoinnítear súil go rialta ar an luas a bhíonn faoi thiománaithe ar an stráice seo.  Ceapann go leor daoine gur cheart go ndéanfadh an veain seiceála luais atá ag an gcomhlacht ‘Go Safe’ cosán dearg chuig an láthair seo agus go gcuirfí fíneálacha agus pointí pionóis orthu siúd a sháraíonn an teorainn luais.

Dúirt urlabhraí de chuid na nGardaí go mbíonn an cinneadh faoi na háiteanna a lonnaítear veain seiceála luais iontu bunaithe ar staidéar faoi thimpistí ar stráicí áirithe bóthair le beagán blianta.  Cé gurb í an tseirbhís ‘Go Safe’ a láimhseálann an córas feitheoireachta luais ó lá go lá, is iad na Gardaí atá i gceannas air.  Tugtar an ceannas agus an cúram sin do na Gardaí faoi théarmaí Alt 81 den Acht Um Thrácht Bóthair, 2010.

Sampla amháin de phíosa bóthair a mbíodh an córas ‘Go Safe’ an-ghníomhach ann ar bhóthar an N59 idir an Clochán agus Gaillimh is ea ceantar na scoile náisiúnta i Ros Cathail, tuairim leath bealaigh idir Uachtar Ard agus Maigh Cuilinn.

Tarlaíonn sé anois go gcoinníonn formhór na dtiománaithe taobh istigh den teorainn luais, 40 ciliméadar san uair sa gcás seo, agus iad ag dul an bealach sin.  Is léir gur imní faoi phointí pionóis agus fíneálacha is cúis leis sin. 

Creideann go leor daoine go dteastaíonn dianmhonatóireacht mar sin chomh géar céanna ar an Sraith Salach sa gcaoi agus go dtuigfidh tiománaithe gur mór an seans é go mbéarfar orthu má sháraíonn siad na teorainneacha luais. 

Meastar go gcuideodh a leithéid de bheart le sábháilteacht an phobail san áit.

Chuireamar ceist go hoifig Cheannfort na nGardaí sa gClochán faoin ábhar seo inné ach ní raibh fáil air, a dúradh, mar go raibh sé cruógach ar chúraimí eile i gcaitheamh an lae.

Fág freagra ar 'Pinsinéir gortaithe i dtimpiste ar stráice bóthair i gConamara atá ina údar imní le fada'