Peileadóirí na Gaillimhe agus Chiarraí ag súil le cluichí ceannais na gcúigí a bhaint amach

Caitheann Tuairisc.ie súil ar an gcluiche idir Gaillimh agus Sligeach i gCraobh Chonnacht agus ar an gceann idir Ciarraí agus An Clár i gcúige Mumhan

Peileadóirí na Gaillimhe agus Chiarraí ag súil le cluichí ceannais na gcúigí a bhaint amach

Foireann peile na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Gaillimh v Sligeach – Staid an Phiarsaigh, 3.30i.n.

Tar éis d’iománaithe na Gaillimhe an bua a fháil os comhair a lucht tacaíochta féin i Staid an Phiarsaigh, beidh peileadóirí an chontae ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh tráthnóna nuair a chasfaidh siad ar Shligeach i gcluiche leathcheannais Chonnacht.

Rinneadh cur agus cúiteamh go leor roimh an gcluiche in aghaidh Mhaigh Eo roinnt seachtainí ó shin ach is beag caint atá ann roimh chluiche an lae inniu. Níl mórán ag tabhairt aon deis do Shligeach, cé nár chaill siad in aghaidh na nGaillimheach ach uair amháin le ceithre chluiche.

Ainmníodh foireann na Gaillimhe i rith na seachtaine agus tá roinnt athruithe déanta ag Kevin Walsh ar an bhfoireann ar éirigh leo an bua a fháil i gCaisleán an Bharraigh. Bhí an-tionchar ag Éamonn Brannigan, Seán Kelly agus Ian Burke ar an imirt nuair a tháinig siad isteach mar ionadaithe trí seachtaine ó shin agus beidh siad istigh ó thús an chluiche tráthnóna i mBóthar na Trá.

Is buille é do Ghaillimh nach mbeidh Eoghan Kerin ar fáil – David Wynne a thiocfaidh isteach ina áit –  agus níl laoch na himeartha an lá cheana, Ciarán Duggan, roghnaithe ach an oiread.

Ina ainneoin sin, ba cheart go dtabharfadh na fir eile atá ag fáil deis inniu fuinneamh breise do Ghaillimh agus níor cheart go mbeadh an dua céanna orthu agus a bhí i gcoinne Mhaigh Eo.

Cheap daoine go dtabharfadh Londain dúshlán do Shligeach ina gcluiche ceathrú ceannais an mhí seo caite ach, lena gceart a thabhairt d’fhoireann Cathal Corey, fuair an fhoireann baile an ceann is fearr orthu gan mórán stró. Tá Gaillimh i bhfad Éireann níos fearr ná Londain, áfach, agus ní bheidh mórán ag súil gurb iad imreoirí Shligigh a bheidh ag ceiliúradh agus na foirne ag fágáil Bhóthar na Trá tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Imreoir óg Chiarraí, David Clifford. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Ciarraí v Contae an Chláir – Staid an Ghearaltaigh, 3.30i.n.

Rachaidh peileadóirí Chiarraí chun páirce den chéad uair i gCraobh na Mumhan 2018 tráthnóna nuair a thiocfaidh An Clár ó dheas go dtí Staid an Ghearaltaigh i gCill Airne.

Seo é an ceathrú huair ag na foirne seo casadh ar a chéile ó 2016, agus ba iad na Ciarraígh a bhuaigh na trí chluiche eile agus bearna seacht bpointe eatarthu, ar an meán.

Bíodh sin amhlaidh, beidh imreoirí an Chláir ag súil go n-éireoidh leo croitheadh a bhaint as Ciarraí, go háirithe má bhíonn cuid mhór imreoirí óga ag imirt d’fhoireann na Ríochta. Bhí feachtas sraithe réasúnta maith ag an gClár. Chríochnaigh siad sa tríú háit i Roinn 2 agus bhuadar go héasca ar Luimneach cheana féin sa chraobh.

Is beag duine a thabharfadh mórán seans dóibh tráthnóna, áfach. Dúirt bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice, i rith na seachtaine go raibh an iomarca ógánach ar an bpáirc aige uaireanta i rith na sraithe, rud nár chabhraigh leo, ach beidh díocas inniu ar na hógánaigh agus na seanfhondúirí ar aon agus iad ag iarraidh an deis atá tugtha dóibh a thapú.

Is cinnte nach mbeidh aon imní ar Fitzmaurice faoi bheirt de na hógánaigh, Seán O’Shea agus David Clifford. Tá cumas na beirte léirithe cheana féin acu. Agus lámh chúnta acu ó leithéidí Paul Geaney, James O’Donoghue agus Kieran Donaghy, d’fhéadfadh siad scrios a dhéanamh.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Fág freagra ar 'Peileadóirí na Gaillimhe agus Chiarraí ag súil le cluichí ceannais na gcúigí a bhaint amach'