Paradacsa an ‘bí-ar-do-shuaimhneas’…

Níl bealach níos éifeachtaí chun a chinntiú nach mbeidh duine ar a shuaimhneas ná ‘bí ar do shuaimhneas!’ a scairteadh leis

Paradacsa an ‘bí-ar-do-shuaimhneas’…

Níor tháinig na daltaí eile agus shocraigh an múinteoir dornálaíochta rang príobháideach a thabhairt dom.

Bhí muid chun díriú ar dheacracht bhunúsach atá agam: mo ‘chabhail righin’ – easpa solúbthachta sa chuid uachtarach dem’ cholainn.

Cheangail an múinteoir téad idir dhá chuaille ard sa chlós súgartha do pháistí mar a mbímid ag traenáil, amuigh faoin aer, agus dúirt liom tosú ag bogadach suas agus síos agus ó thaobh go taobh faoin téad sin – an ghluaiseacht chosanta úd ar a dtugtar ‘bob and weave’ i mBéarla.

‘Scaoil le do chuid matán,’ a dúirt sé gan mhoill, ‘tá tú chomh righin le slat.’

Nach agamsa a bhí a fhios! Is maith a mhothaigh mé an teannas i mo chabhail, sna guaillí go háirithe.

Anuas ar an míchompórd is fadhb mhór theaicticiúil don dornálaí an teannas céanna – cuireann an té a theannann a chuid matán an t-am ar fad amú an t-uafás fuinnimh agus de réir a chéile éireoidh sé deacair dó a lámha a choinneáil suas chun é féin a chosaint.

‘Níl ann ach cleachtadh, níl éinne chun tú a bhualadh. Bí ar do shuaimhneas!’

Bí ar do shuaimhneas.

Ar an bpointe boise, d’éirigh mo chuid gluaiseachtaí níos calctha fós.

‘An paradacsa bí-ar-do-shuaimhneas’ a thugann mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, ar an bhfeiniméan céanna – atá coitianta go leor ina chleachtas teiripe caidrimh, go háirithe nuair a bhíonn fadhbanna collaíochta a chuid cliant i gceist.

Níl bealach níos éifeachtaí lena chinntiú nach mbeidh duine ar a shuaimhneas ná ‘bí ar do shuaimhneas!’ a scairteadh leis.

Céim sa dlí atá ag an múinteoir dornálaíochta ach shílfeá uaireanta gur síceolaíocht a rinne sé san ollscoil. Thuig sé láithreach go raibh botún déanta, go raibh an ‘bí ar do shuaimhneas’ sin tar éis cúrsaí a dhéanamh níos measa agus dúirt liom briseadh a thógáil.

Sheas sé le mo thaobh agus mheall m’aird ar charr de chuid na bpóilíní a bhí tar éis stopadh le taobh an bhóthair. D’éirigh beirt fhear in éadaí a d’fheilfeadh don trá amach as, iad breá gealgháireach.

‘Tá na póilíní sin tar éis síob a thabhairt do chairde dá gcuid,’ a dúirt an múinteoir, agus lean air ar feadh tamaill faoi chaimiléireacht na bpóilíní i gcoitinne.

Nuair a d’fhill muid ar an téad ina dhiaidh sin bhí feabhas ar mo chuid gluaiseachtaí. Ní hé go raibh mo chuid bogadaí agus taobh-go-taobh chomh solúbtha lena chuid gluaiseachtaí siúd, ná baol air.

Ach bhí an glas a bhí curtha ar m’intinn ag an ‘bí ar do shuaimhneas’ sin scaoilte.

Fág freagra ar 'Paradacsa an ‘bí-ar-do-shuaimhneas’…'