Pádraig Harrington roghnaithe mar chaptaen ar fhoireann na hEorpa do Chorn Ryder 2020

Is é Pádraig Harrington a bheidh ina chaptaen ar fhoireann na hEorpa nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Mheiriceá mí Mheán Fómhair 2020

Pádraig Harrington roghnaithe mar chaptaen ar fhoireann na hEorpa do Chorn Ryder 2020

Pádraig Harrington. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Is é Pádraig Harrington atá roghnaithe mar chaptaen ar fhoireann na hEorpa do Chorn Ryder na bliana seo chugainn.

Fógraíodh ag preasócáid tráthnóna gurb é an fear as Baile Átha Cliath a bhfuil trí major buaite aige a bheidh i gceannas ar an bhfoireann nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Mheiriceá ar chúrsa Whistling Straits mí Mheán Fómhair 2020.

Tá Harrington ag teacht i gcomharbacht ar Thomas Bjorn, a bhí ina chaptaen ar fhoireann na hEorpa a bhuaigh ar Mheiriceá i bPáras an bhliain seo caite.

Tá neart taithí ag Harrington ar an gcomórtas. D’imir sé i gCorn Ryder sé huaire agus bhí sé ina leaschaptaen trí huaire; anuraidh, in 2016 agus in 2014.

Is é Harrington an tríú hÉireannach a roghnaíodh mar chaptaen le ceithre chomórtas anuas.

Bhí Paul McGinley ina chaptaen ar fhoireann na hEorpa nuair a bhuaigh siad ar Mheiriceá in 2014 agus bhí Darren Clarke i gceannas ar an bhfoireann dhá bhliain ina dhiaidh sin nuair a bhuaigh na Meiriceánaigh ar chúrsa Hazeltine.

Bhí an bheirt sin ar an gcoiste a roghnaigh an captaen nua agus bhí tacaíocht ag Harrington ó roinnt imreoirí mór le rá, ina measc Rory McIlroy, Justin Rose agus Darren Clarke.

Leanfaidh Harrington air ag imirt agus é ag ullmhú do chomórtas Ryder ach ní fheicfear ar an gcúrsa arís é go dtí an mhí seo chugainn mar gur ghortaigh sé a rosta i rith na Nollag.

Fág freagra ar 'Pádraig Harrington roghnaithe mar chaptaen ar fhoireann na hEorpa do Chorn Ryder 2020'