Os cionn 2% den lucht féachana ag TG4 don dara bliain as a chéile

Tháinig ardú ar an sciar den lucht féachana a bhí ag TG4 don chúigiú bliain as a chéile

Os cionn 2% den lucht féachana ag TG4 don dara bliain as a chéile

Mheall TG4 meánsciar níos mó den lucht féachana anuraidh ná mar a mheall an stáisiún aon bhliain eile ó 2009.

Sciar 2.2% den lucht féachana in Éirinn a bhí ag TG4 in 2024, ardú ó 2.09% in 2023 agus an céatadán is mó ó 2009 nuair a bhí sciar 2.6% ag an stáisiún.

D’fhág an t-ardú in 2024 gur tháinig ardú ar an sciar den lucht féachana a bhí ag an gcainéal don chúigiú bliain as a chéile.

Bhí TG4 ar an seachtú cainéal is mó lucht féachana in 2004.

2023 an chéad bhliain ó 2010 gur mheall TG4 sciar níos mó den lucht féachana ná 2%.

B’ionann an sciar 2.2% den lucht féachana anuraidh agus ardú 5% ar an mbliain roimhe sin, beagáinín níos airde ná an t-ardú 4% ar lucht féachana na teilifíse in Éirinn in 2024.

Cainéal 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020 2021 2022 2023 2024
TG4 1.8 1.7 1.8 1.87 1.76 1.84 1.83 1.89 1.96 2.09 2.2

De réir na bhfigiúirí atá curtha ar fáil ag an stáisiún, d’fhéach 3.73 milliún duine ar TG4 am éigin anuraidh.

Cláir bheo spóirt ab ea na cúig chlár is mó a mheall lucht féachana go dtí TG4 anuraidh. 263,600 duine a d’fhéach ar an gclár is mó lucht féachana ar TG4 in 2024,  Chluiche Ceannais Peile Chraobh Clubanna na hÉireann idir CLG Watty Graham agus Naomh Bríd. Sa dara háit bhí Cluiche Ceannais Shraith Peile Allianz idir Baile Áth Cliath agus Doire, cluiche ar fhéach 230,900 duine air.

Deir lucht an stáisiúin gur féachadh 4.3 milliún uair ar fhíseáin ar Sheinnteoir TG4 agus ba é an clár The Bothy Band is mó a mheall daoine go dtí an seinnteoir. Bhí trí eagrán éagsúla den scéinséir Gaeilge Crá i measc na gcúig chlár is mó a mheall daoine go dtí an seinnteoir.

Fág freagra ar 'Os cionn 2% den lucht féachana ag TG4 don dara bliain as a chéile'