Os cionn 11,000 dalta nach ndearna aon scrúdú Gaeilge don tSraith Shóisearach

Don dara bliain as a chéile rinne níos mó daltaí scrúdú i gceann d’ábhair roghnacha na sraithe sóisearaí ná mar a rinne scrúdú sa Ghaeilge, atá ina hábhar riachtanach

Os cionn 11,000 dalta nach ndearna aon scrúdú Gaeilge don tSraith Shóisearach

Breis is 11,000 dalta nach ndearna aon scrúdú Gaeilge don tSraith Shóisearach i mbliana.

B’ionann an 11,345 dalta nach ndearna aon scrúdú Gaeilge agus 16% den 70,727 dalta a fuair torthaí scrúduithe na sraithe sóisearaí inné.

Don dara bliain as a chéile rinne níos mó daltaí scrúdú i gceann d’ábhair roghnacha na sraithe sóisearaí – Tíreolaíocht – ná mar a rinne scrúdú sa Ghaeilge, atá ina hábhar riachtanach.

Maidir leis na croí-ábhair eile, ní raibh ach 853 dalta ann i mbliana nach ndearna scrúdú Béarla don tSraith Shóisearach, nó 1.2% de na daltaí ar fad a rinne na scrúduithe.

1.5% de dhaltaí nach ndearna scrúdú Matamaitice.

Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daltaí gan scrúduithe stáit a dhéanamh, ach meastar go mbíonn díolúine ag timpeall 60% de na daltaí nach ndéanann scrúdú Gaeilge.

2,634 dalta a rinne an scrúdú Gaeilge T1 ag an ardleibhéal agus 142 dalta a rinne ag an ngnáthleibhéal é.

Ba é seo an dara bliain den scrúdú nua Gaeilge do dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge. Ardú beag 1.3% a tháinig ar líon na ndaltaí a rinne an scrúdú T1 i mbliana. Tháinig ardú 5% ar líon iomlán na ndaltaí a thug faoi scrúdú na Sraithe Sóisearaí.

Idir ardleibhéal agus ghnáthleibhéal, 56,606 dalta a rinne an scrúdú don chúrsa Gaeilge do dhaltaí scoileanna Béarla na tíre, an scrúdú T2. B’in ardú 4.3% ar líon na ndaltaí a rinne an scrúdú T2 nuair a tugadh isteach é den chéad uair anuraidh.

Ag an ardleibhéal, is mó daltaí T1 ar éirigh leo na marcanna is airde a fháil. D’éirigh le 4% de dhaltaí ardleibhéil T1 an toradh is airde a fháil, sin idir 90-100. B’in méadú ó 3.6% anuraidh.

I gcás an scrúduithe T2, d’éirigh le 3.1% de dhaltaí ardleibhéil an toradh is airde a fháil, i gcomparáid le 2.8% anuraidh.

Sa scrúdú ardleibhéil T1 fuair 23% an dara grád is airde, idir 75-90, i gcomparáid le 20.7% sa scrúdú T2.

 

Fág freagra ar 'Os cionn 11,000 dalta nach ndearna aon scrúdú Gaeilge don tSraith Shóisearach'

  • Siún

    Tá an Ghaolainn scriosta ag lucht na ndíolúintí agus ag na saineolaithe Gaolainne céanna laistiar den tSraith Shóisearach Ghaeilge.

  • Liam

    Scannallach cad atá déanta leis an nGaolainn. Thar am na cúiseanna agus na saineolaithe a fhiosrú is cúis le creimeadh na Gaolainne i measc óige na tíre.