Óráid Varadkar i Strasbourg agus an cliché nach féidir a sheachaint

Ní féidir scagadh a dhéanamh ar an óráid a thug an Taoiseach i bParlaimint na hEorpa inné gan dul i muinín cliché áirithe…

Óráid Varadkar i Strasbourg agus an cliché nach féidir a sheachaint

An Taoiseach, Leo Varadkar. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Bíonn buntáiste ag iriseoirí a dhéanann a gcuid oibre trí Ghaeilge, a cheilfí orthu dá mbeidís ag obair do mheáin an Bhéarla.

Tá sé beagnach dodhéanta Béarla a labhairt nó a scríobh agus clichés a seachaint go hiomlán. A leithéid seo, mar shampla:

At the end of the day. Be that as it may. The devil is in the detail. For all intents and purposes. Game-changer. Needless to say. Object lesson. Outside the box. Paradigm shift. No silver bullet.

‘Ara, stop in ainm Dé,” a deir tú. ‘Nach bhfuilfimid ag síorchloisteáil agus ag síorléamh sean-nathanna seanchaite mar seo gach lá. Dona go leor gan a bheith cráite leo arís anseo?’

Gabhaim mo leithscéal, a léitheoir uasail. Aontaím leat, agus ar ndóigh ba chóir dúinn freisin an fhírinne shuarach a admháil. Níl iriseoireacht na Gaeilge slán go hiomlán ó bhéarlagair gan bhrí, mar is eol do mhadraí an bhaile.

[Tá cosc iomlán ar mhadraí an baile ar leathanaigh Tuairisc.ie mar a dúirt mé leat cheana. Ní thabharfaidh mé rabhadh eile duit – An tEagarthóir.]

Ceart go leor. Maith dom é mar sin féin, má úsáidim cliché dosheachanta Gaeilge eile faoi dheireadh an cholúin seo. Teastaíonn sé go géar agus óráid an Taoisigh i bParlaimint na hEorpa Dé Céadaoin á plé.

Bhí a fhios ag Leo Varadkar sara ndeachaigh sé go Strasbourg go gcloisfeadh sé gearáin sa Pharlaimint faoi pholasaí cháin chorparáide na hÉireann agus faoi ábhar nó dhó eile (ár ndrochpholasaithe comhshaoil go háirithe).

Thairis sin, bhí meon aontaithe na Parlaiminte soiléir maidir leis an ábhar is achrannaí atá ar chlár oibre gearrthéarmach an AE: an Breatimeacht.

Tá creidiúint tuillte ag an rialtas agus ag taidhleoirí na hÉireann toisc gur léir anois go dtuigtear agus go n-aontaítear go forleathan le seasamh an rialtais maidir le: 

(a) Cás an Tuaiscirt.

(b) Cearta saorghluaiseachta agus gnéithe eile den dlúthchaidreamh idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe.

(c) An dochar eacnamaíochta atá ag bagairt ar an tír mar gheall ar an mBreatimeacht.

Léirigh sliocht amháin in óráid an Taoisigh an dlúthcheangal idir an dá thír ar bhealach pearsanta agus éifeachtach. ‘Is sa Bhreatain a casadh mo thuismitheoirí ar a chéile,’ a dúirt sé. ‘Is sa Bhreatain a thit siad i ngrá lena chéile, agus is sa Bhreatain a phós siad.’ 

Uaireanta, is fearr scéal pearsanta ná deich dtuairim chun cás polaitiúil a mhíniú ar dhóigh a mhairfidh i gcuimhne lucht éisteachta. 

Ba dheacair a shamhlú, a dúirt an Taoiseach, cé mar a fhéadfaí Comhaontú Aoine an Chéasta a thabhairt chun críche d’uireasa an AE agus an mhargaidh aonair. Bhí croí na faidhbe atá romhainn sa chéad abairt eile.

“In Ireland, we are now having to contemplate our future without the foundation that underpinned it.”

Bhí sleachta eile i nGaeilge, i bhFraincis agus i nGearmáinis in óráid Varadkar. Ní athraíonn ilteangachas tuairim, ach ní dhéanann sé aon dochar nuair a bhíonn ceannaire rialtais ag labhairt le parlaimint idirnáisiúnta.

Dúirt uachtarán an Choimisiúin Jean Claude Juncker leis an bParlaimint go raibh an tAontas Eorpach ag seasamh gualainn ar ghualainn le hÉirinn agus an Breatimeacht á phlé.

Know that we will be behind you. We all are Irish,” a dúirt comhordaitheoir Breatimeachta na Parlaiminte Guy Verhofstadt.

Tá go maith. Tá siad go léir ag tacú le hÉirinn. Iad ag tarraingt le chéile, aontaithe go hiomlán, agus mar sin de.

Ach nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne? Mar shampla, nuair a thabharfar aghaidh ar an mbearna bhliantúil 8 billiún a fhágfaidh aistarraingt na Breataine i gciste an AE?

Conas a roinnfear an ciste laghdaithe? Dúirt Leo Varadkar i Strasbourg go gcaithfí caiteachas an AE ar an gcomhpholasaí talmhaíochta, ar Erasmus agus ar scéimeanna eile a choimeád ag an leibhéal reatha. Bheadh Éire toilteanach breis airgid a chur sa chiste chun cabhrú le ballstáit an oirthir, dar leis, dá gcomhlíonfaí an coinníoll sin.

Aistriúchán: ní tarraingt le chéile ach argóint ghéar atá romhainn amach anseo, maidir le cúrsaí airgeadais agus cúrsaí eile. Cáin chorparáide, mar shampla eile.

An mairfidh lántacaíocht ár gcairde san Eoraip go dtí go mbeidh an margadh Breatimeachta déanta go hiomlán?

Neosfaidh an aimsir.

Gabhaim mo leithscéal a Eagarthóir agus a léitheoirí. Geallaim anois go seachnóidh mé an cliché sin ar feadh bliana, ar a laghad, más féidir liom.

Fág freagra ar 'Óráid Varadkar i Strasbourg agus an cliché nach féidir a sheachaint'

  • Samuel

    Ní hé cás na hÉireann ‘an chloch is mó ar phaidrín’ AE! Ná ní hí a bhíonn ‘ag dó na geirbe’ ná ag dó na ngearb acu. Is cuma leo ‘sa tsioc’ fúinn.