‘Onóir mhór’ – aire stáit na Gaeltachta Seán Kyne tofa ina Sheanadóir

Bhí Seán Kyne ar an gcéad duine a toghadh chun an tSeanaid nua agus ba é an duine deireanach a ceapadh chun an tSeanaid dheireanaigh

‘Onóir mhór’ – aire stáit na Gaeltachta Seán Kyne tofa ina Sheanadóir

“Onóir mhór” don aire stáit Gaeltachta Seán Kyne é a bheith tofa go dtí Seanad Éireann.

Cé gur chaill an Seanadóir nuathofa a shuíochán Dála i nGaillimh Thiar tá sé fós ina aire stáit ó tharla gan aon rialtas nua a bheith bunaithe.

Bhí Seán Kyne ar an gcéad duine a toghadh chun an tSeanaid nua agus ba é an duine deireanach a ceapadh chun an tSeanaid dheireanaigh.

Chuir sé a shástacht faoin toradh in iúl ar na meáin shóisialta.

Cheap an Taoiseach Leo Varadkar Kyne ina Sheanadóir an mhí seo caite in áit Frank Feighan a toghadh chun na Dála.

Toghadh Kyne ina Sheanadóir don phainéal cultúir agus oideachais.

Toghadh chomh maith Fintan Warfield as Sinn Féin, John McGahon as Fine Gael agus beirt iarTheachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil, Lisa Chambers agus Malcolm Byrne.

Tháinig an t-iarrthóir aitheanta de chuid Chomhaontas Glas Saoirse McHugh sa séú háit, rud a d’fhág gur chaill sí amach ar shuíochán.

Cuireadh Seán Kyne as an áireamh ar an 13ú comhaireamh i nGaillimh Thiar nuair a toghadh a chomhghleacaí Hildegarde Naughton do pháirtí Fhine Gael.

Buille trom ab ea toradh an toghcháin don pholaiteoir as Maigh Cuilinn atá breis is dhá bhliain go leith ina Aire Stáit Gaeltachta. Seo an dara tréimhse aige sa phost sin.

Le linn na dtréimhsí sin cuireadh bonn níos láidre faoin gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht, cé nach léir go fóill cén éifeacht a bheidh leis an gcóras sin. Foilsíodh lena dhara tréimhse mar aire chomh maith an bille le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a leasú, bille a rabhthas ag fanacht ocht mbliana air. Foilsíodh an bille ródhéanach i dtéarma an rialtais le go n-achtófaí é.

Dúirt an Rialtas gur “ré úr don Ghaeilge” a bhí sa bhille atá le leasú a dhéanamh ar an acht teanga, ach mhaígh an freasúra gur údar mór “díomá” a bhí ann.

Cuireadh le buiséad Údarás na Gaeltachta le linn théarma Sheáin Kyne agus gheall sé €10 milliún breise don Údarás le linn an fheachtais olltoghcháin. Bhí sé lárnach chomh maith i réiteach na ndeacrachtaí le seirbhís aeir go hoileáin Árann agus ba é a stiúir ceannach aerfort Chonamara ón bhfear gnó Padraig Ó Céidigh.

Bhí seacht mbliana caite ag Seán Kyne ina bhall de Chomhairle Chontae na Gaillimhe sular toghadh chun na Dála é.

Fág freagra ar '‘Onóir mhór’ – aire stáit na Gaeltachta Seán Kyne tofa ina Sheanadóir'