Ón gClóirtheach go Bridgestone – Shane Lowry agus na cluichí Gaelacha

Fágann a bhua sa Bridgestone go bhfuil Shane Lowry ar dhuine de na galfairí is aitheanta ar domhan ach chuile sheachtain ashroicheann sé an babhta deireanach imeartha is iad dathanna dubh agus bán an Chlóirthigh a bhíonn ar an éadach aige

Golf Feature 20/5/2009 Sean, Shane, Brendan and Mick Lowry at Esker Hills Golf Club Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Seán, Shane, Brendan agus Mick Lowry at ©INPHO/James Crombie

Tá eolas leitheadach ar an gceangal atá idir Shane Lowry a bhuaigh comórtas mór gailf an WGC i Bridgestone an tseachtain seo caite agus Cumann Lúthchleas Gael.

Dhá mhí tar éis dó a theacht ar an saol, scóráil a athair, Brendan, 7 gcinn de na 10 gcúílíní a bhí ag Uíbh Fhailí i mbabhta ceathrú ceannais i gCraobh Peile Laighean 1987. Níor leor sin, áfach, leis an mbua a cheilt ar Chill Dara.

Dhá bhliain roimhe sin, scóráil a uncail, Seán, cúl do Mhaigh Eo ina mbua i gCluiche Ceannais Chonnacht – an cluiche deireanach inar tharraing an laoch Dermot Early geansaí Ros Comáin air féin.

Ach, ar ndóigh, sa cluiche ba thábhachtaí ar fad, bhí Brendan Lowry, Seán agus deartháir eile leo, Michael, ar an bhfoireann a thug Corn Sam Maguidhir go hUíbh Fhailí nuair a tháinig siad aniar aduaidh ar Chiarraí i 1982.

Bhí Seán agus Brendan ar an bhfoireann an bhliain roimhe sin nuair ba mhalairt scéile a bhí ann – an bua ag foireann Mick O’ Dwyer orthu 1-12, 0-8. Ach mar chuid den phlean nua a bhí ag bainisteoir Uíbh Fhailí, Eugene McGee, an bhlian dar gcionn, bhí Seán Lowry á aistriú siar as ionad an lántosaigh go dtí lár an líne leathchúil agus a dheartháir Michael á thabhairt isteach sa líne taobh thiar de, le súil níos géire a choinneáil ar Mikey Sheehy, ‘Bomber’ Liston agus ar John Egan.

Seift a bhí inti a d’oibrigh agus le cabhair Shéamuis Darby, chinn ar Chiarraí an ‘5 Chraobh as a Chéile’ a bhreith leo i gceann de na cluichí ba mhó a tharraing caint riamh.

Ina dhiaidh sin, thug a chuid oibre Seán Lowry go tuaisceart Mhaigh Eo agus chaith sé cúpla bliain i ngeansaí an chontae sin, ach bhí oidhreacht  mhuintir Labhra preamhaithe go tréan i stair peile Uíbh Fhailí faoin tráth sin.

Le club an Chlóirthigh a d’imir na Lowrys a gcuid peile agus chaith Shane é féin geansaí an chumainn agus é ag éirí aníos. Ach mheall an galf é agus ní raibh ach an t-aon bhóthar amháin i ndán dó tar éis dó Craobh Oscailte (Gairimiúil) na hÉireann a ghnóthachtáil i 2009 agus é fós ina imreoir aimitéareach.

2015 Dubai Duty Free Irish Open Day 1, Royal County Down Golf Club, Co. Down 29/5/2015  Shane Lowry  Mandatory Credit ©INPHO/Presseye/Andrew Paton
Shane Lowry
 ©INPHO/Presseye/Andrew Paton

Fágann a bhua sa Bridgestone go bhfuil sé anois ar dhuine de na galfairí is aitheanta ar domhan agus chuile sheachtain, má shroicheann sé an babhta deireanach imeartha, is iad dathanna dubh agus bán an Chlóirthigh a bheidh ar an éadach a chaitheann sé i gcónaí.

Tá ceangal láidir freisin, ar ndóigh, idir Pádraig Harrington agus na Cluichí Gaelacha, cé go bhfuil seans ann nach ceangal é a mbeadh an ghlúin óg go háirithe chomh heolach ina thaobh agus a bheidís i gcás Lowry.

D’imir a athair, Paddy Harrington, i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann faoi dhó é féin, ach ní mór dul siar beagnach trí scór bliain chun teacht ar a éachtaí siúd.

Ba as Baile Chaisleáin Bhéarra do Paddy agus ba é a bhí i lár an líne leathchúil ag Corcaigh nuair a d’imir siad fhéin agus Gaillimh a chéile i gCluiche Ceannais 1956 agus arís an bhliain dar gcionn in aghaidh Chontae Lú. Buadh orthu sa dá chluiche.

Ball den Gharda Síochána ab ea é agus nuair a chuir sé faoi i mBleá Cliath, d’imir sé don fhoireann peile a bhí acu siúd i gcraobh an chontae ansin.

Agus é éirithe as an imirt, chuir Paddy Harrington an-suim i gcluiche an ghailf agus bhí baint mhór aige leis an gcúrsa a tógadh i mBaile an Stacaigh – é féin agus a chomhghleacaithe sa bhfórsa a thóg an áit ó thús go deireadh, tá sé chomh maith duit a rá.

Ag éirí aníos dó, d’imir Pádraig Harrington Peile Ghaelach le cumann Naomh Éanna i mBaile Baodáin agus chonaic mé ráite aige in áit eicínt é go mba é an mian a bhí aige an uair sin imirt sa gcúl do pheileadóirí Átha Cliath nuair a bheadh a théarma istigh ag John O’ Leary.

Ar ndóigh, chaith an Laoghaireach seacht mbliana déag idir na postaí ar fhoireann an chontae agus faoin am ar éirigh sé as i 1997, bhí 70 cluiche craoibhe as a chéile imeartha aige do na Dubs, rud nach bhfuil le rá ag aon pheileadóir in aon chontae eile.

Faoin tráth sin, bhí Comórtas Oscailte na Spáinne buaite ag galfaire óg darbh ainm Pádraig Harrington – é tugtha don ghalf, is dóigh, agus a chuid foighde briste ag fanacht go gcaithfeadh O’ Leary na bróga ar an lota!

Fág freagra ar 'Ón gClóirtheach go Bridgestone – Shane Lowry agus na cluichí Gaelacha'